Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR

“Ná lig don bhád seo snámh le sruth, is leatsa an maide rámha.”
Joe Steve Ó Neachtain

Bunaíodh an Fóram, ar a bhfuil ionadaíocht ag eagrais dheonacha phobail, eagrais forbartha pobail, eagraíochtaí spóirt is siamsaíochta agus gnóthaí Gaeilge-bhunaithe, le feidhmiú mar cheanneagraíocht le Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm.

Nuacht
chun dáta
22 Márta 2024

Féilire
chun dáta
22 Márta 2024

Eolaire
chun dáta
20ú Mí Deireadh Fómhair 2022

Cuir aithne orainn!

Máire Ní Neachtain
Katie Ní Loingsigh

Cén fáth go mbeinn páirteach?

Aithnítear sa bPlean seo go bhfuil dúshlán sa gceantar má tá mian an phobail go leanfaidh an ceantar mar cheantar láidir Gaeltachta le cur i bhfeidhm. Chuige sin ní mór áit chinnte a bheith ag an nGaeilge mar ghnáth-theanga phobail i chuile ghné de shaol an phobail. Leis an spás poiblí sin a chosaint teastaíonn bearta agus straitéisí. Ní tharlóidh sé seo gan gníomhaíocht chomhfhiosach ó mhuintir na háite. Seans go bhféadfaí cur chuige laissez faire a thabhairt ar go leor dá bhfuil ag tarlú faoi láthair agus is léir nach leor é agus is léir freisin go bhfuil an Ghaeilge á díbirt as cuid den fhearann poiblí dá bharr.

  • Fonn ort leanacht le traidisiún neamhbhriste teanga do theaghlaigh agus do chomharsain.
  • Dílseacht a léiriú don phobal a mhair i gCois Fharraige roimhe seo.
  • Mórtas cine a léiriú.
  • Meas agat ar an oidhreacht.
  • Cur le saibhriú cultúrtha ort féin agus ar do theaghlach.
  • Cur le hilghnéitheacht chultúr na hÉireann agus an domhain.
  • Tá buntáistí fostaíochta ag Gaeilge.
  • Buntáistí geilleagracha ag Gaeilge.
  • Tacú le stadas Gaeltachta Chois Fharraige a bhuanú.

Caithfear cuid de nósmhaireachtaí teanga atá á gcleachtadh sa bpobal faoi láthair a athrú más mian linn go leanfaidh Cois Fharraige mar cheantar láidir Gaeltachta.

Céard a dhéanfaidh mise?

  • Teaghlaigh: úsáid an Ghaeilge sa mbaile agus taobh amuigh de.
  • Tuismitheoir: labhair Gaeilge le do chuid gasúir.
  • Fostóir: ná ceil an Ghaeilge i láthair na hoibre.
  • Seirbhís á soláthar agat: tabhair le fios go bhfuil fáilte roimh an nGaeilge.
  • Ball de chumann: bíodh Gaeilge mar ghnáthurlabhra sa gcumann.
  • An Óige: labhraigí Gaeilge lena chéile agus le daoine a chasann libh.
  • Caidreamh le hógánaigh: labhair i nGaeilge leo.
  • Cainteoir líofa: bí foighdeach leis an té nach bhfuil líofa fós.
  • Beagán Gaeilge agat: cuir léi, tabhair le fios gur mian leat go labhrófaí Gaeilge leat.
  • Ní labhraíonn tú Gaeilge rómhinic faoi láthair: aimsigh ócáidí inar féidir leat Gaeilge a labhair.
  • D’éirigh tú as Gaeilge a labhairt ar bhonn rialta: tosaigh á labhairt arís.