Plean Teanga Chois Fharraige
Tréimhse an phlean
Cheadaigh Roinn na Gaeltachta Plean Teanga Chois Fharraige 2017–2023.
I Márta na bliana 2020 a cuireadh tús foirmeálta le feidhmiú an phlean, áfach, agus plean seacht mbliana atá ann.
Mar sin, is 2020–2027 atá cruinn ó thaobh dátaí a fheidhmithe.
An Plean Teanga go hachomair
Cuireadh Plean Teanga Chois Fharraige i dtoll a chéile de réir an mhúnla a bhí leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta agus ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sna Treoirlínte don Phleanáil Teanga.
Plean seacht mbliana a réiteach an treoir a tugadh ach níor tugadh treoir ar bith ó thaobh buiséid de. Thart ar €250,000 in aghaidh na bliana an praghas a cuireadh ar an bPlean a réitíodh; an Plean a d’fhaomhaigh an Roinn.
Ní hí sin an tsuim atá ar fáil, áfach: €150,000 sa mbliain an buiséad reatha agus caithfear an plean a leasú chuile bhliain le teacht leis an mbuiséad a cheadaítear.
Tá sé mar chuspóir ag an bPlean seo gníomhaíochtaí dearfacha a spreagadh agus a fheidhmiú le cur ar chumas phobal Chois Fharraige aghaidh a thabhairt ar an iliomad constaic atá ag bagairt ar an nGaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail sa gceantar anois agus amach anseo go háirid.
Aithnítear sa bPlean go bhfuil difríochtaí móra teanga idir na ceantair éagsúla atá i Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Chois Fharraige faoi láthair agus gur láidre an Ghaeilge de réir mar a ghabhann duine siar an bealach. Ní mar a chéile na spriocanna teanga do cheantar na bhForbacha agus do Ros a’ Mhíl ná, go deimhin, na spriocanna a bheadh ann don Spidéal ná don Chnoc, mar sin. Fós féin, is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Is pobal mór amháin atá ag cur faoi i gCois Fharraige agus is cuid lárnach d’aitheantas agus d’fhéiniúlacht an phobail sin í an Ghaeilge.
Bearta an Phlean
Leagadh amach bearta do na réimsí seo:
- An Ghaeilge sa Teaghlach.
- An Óige.
- Cúram Leanaí.
- Oideachas.
- Daoine nua isteach.
- Fostaíocht Áitiúil.
- Gnólachtaí Áitiúla.
- Nuatheicneolaíocht.
- Pleanáil Fhisiciúil.
- Eagraíochtaí Deonacha.
- Áiseanna Pobail.
- Seirbhísí Eaglasta.
- Féilte agus Imeachtaí Ócáidiúla Pobail.
- Seirbhísí Poiblí.
- Turasóireacht.
- Na hEalaíona.
- Na Meáin Chumarsáide.
- Stocaireacht.
Aithnítear go bhfuil dúshlán sa gceantar má tá mian an phobail go leanfaidh an ceantar mar cheantar láidir Gaeltachta le cur i bhfeidhm. Chuige sin, ní mór áit chinnte a bheith ag an nGaeilge mar ghnáth-theanga phobail i chuile ghné de shaol an phobail. Leis an spás poiblí sin a chosaint, teastaíonn bearta agus straitéisí agus tá siad sin leagtha amach sa bPlean.
Aithnítear an ríthábhacht a bhaineann le labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga sa teaghlach. Tugtar aitheantas chomh maith do ról na naíolann, na naíonraí agus na scoileanna sa bpróiseas seo lena chinntiú go dtiocfaidh an Ghaeilge slán agus ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
Anuas air sin, aithnítear sa bPlean go bhfuil cónaí ar dhaoine agus ar chomhluadair sa gceantar nach cuid de phobal Gaeilge an cheantair iad. Ní locht orthu an méid sin. Ina dhiaidh sin féin, ní mór deiseanna a thabhairt do dhaoine a thagann thar tairseach isteach, agus tacaíocht a bheith ann dóibh le go mbeidh siad in ann rogha a dhéanamh faoin teanga. Tá sé tábhachtach iad a mhealladh agus a sheoladh i dtreo na teanga le go mbeidh sé níos éasca acu an Ghaeilge a thabhairt leo agus í a úsáid ina ngnóthaí laethúla sa bpobal — i gcúrsaí gnó, lena gcuid comharsain, sna scoileanna, i gclubanna spóirt, in imeachtaí sóisialta ⁊ siamsaíochta agus eile.
Mórspriocanna an Phlean
- An Ghaeilge a bheith lárnach i chuile réimse den saol i gCois Fharraige.
- Ardú in LPT Chois Fharraige mar iomlán de 5% i líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge (CLG) ó Dhaonáireamh 2016 go Daonáireamh 2021.
- Ardú de 5% ar líon na gclann a bhfuil tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó lena gcuid gasúir agus a bhfuil na gasúir féin ag labhairt Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó eatarthu féin.
- Tógáil ar an mbród agus ar an mórtas atá ag muintir Chois Fharraige as a n‑oidhreacht.
- Forbairt a dhéanamh ar bhrandáil ‘Cois Fharraige’ mar cheantar láidir Gaeltachta.
- Chuile aoisghrúpa agus chuile réimse den phobal a bheith ag obair as láimh a chéile le Gaeilge agus oidhreacht an cheantair a roinnt ar a chéile.
Príomh-mholtaí an Phlean
- Cuideachta atá ionadaíoch ar an bpobal a bhunú leis an bPlean Teanga a stiúradh agus le monatóireacht a dhéanamh ar an obair.
- Foireann oilte a cheapadh agus oifig a oscailt. Moltar go bhfostófaí triúr: Oifigeach Forbartha Teanga (OFT), Oifigeach Oideachais (OO) agus Oifigeach Óige (OÓg).
- Spreagbhileog a réiteach le scaipeadh go forleathan ar an bpobal le liosta rudaí gur féidir le duine aonair a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge a úsáid.
- Feachtas Poiblíochta a eagrú chun eolas a roinnt faoin bplean agus faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann leis.
- Stádas Scoil Ghaeltachta a bheith ag chuile scoil san LPT agus aitheantas Gaeltachta ag chuile naíonra mar atá beartaithe sa bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.
- Spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu, agus a labhraíonn teanga eile lena bpáirtithe, Gaeilge glan ón mBéarla a labhairt lena gcuid gasúir.
- Deis a thabhairt do ghasúir atá á dtógáil le Gaeilge a bheith saor ó thionchar an Bhéarla go dtí go mbeidh Gaeilge sealbhaithe acu.
- Polasaí buanaithe teanga a bheith ag ionaid chúram leanaí, réamhscolaíochta, bhunscolaíochta, iar-bhunscolaíochta, spóirt agus imeachtaí tar éis am scoile.
- Cúnamh cuimsitheach a thabhairt do dhaoine nua isteach ó thaobh mianta agus riachtanais teanga.
- Cuidiú le tuismitheoirí tógáil ar a gcuid Gaeilge le cur lena gcumas a gclann a thógáil le Gaeilge agus a bheith páirteach i saol an phobail trí mheán na Gaeilge.
- Tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí don Óige, a chruthaíonn timpeallacht shóisialta ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga chumarsáide ag ógánaigh.
- Fóra(i)m a bhunú do na scoileanna, do bhoird bhainistíochta, do na príomhoidí agus do na múinteoirí mar thacaíocht dóibh le déileáil leis na dúshláin theangeolaíocha atá sna scoileanna agus do chur i bhfeidhm an Polasaí don Oideachas Gaeltachta.
- Béim a chur ar bhealaí a chuirfeadh le húsáid na Gaeilge i láithreacha fostaíochta reatha, agus tacú le fostaíocht bhreise a chruthú a chuirfeadh le labhairt na Gaeilge sa gceantar.
- Idirghabháil dhearfach a dhéanamh ar son na Gaeilge i réimse shaol sóisialta an phobail.
- Maoiniú a chinntiú do chur i bhfeidhm an phlean thar thréimhse seacht mbliana.
- An oiliúint chuí a chur ar dhaoine fásta, ar chóitseálaithe, ar cheannairí agus orthu siúd a bhíonn ag obair leis an óige, agus ar cheannairí pobail eile, faoi na bealaí le Gaeilge a choinneáil chun tosaigh.
- Dul i ngleic le nós iompú ar Bhéarla ag cruinnithe agus ócáidí poiblí.
- Tús áite a thabhairt do chumas tuisceana Gaeilge seachas iompú ar Bhéarla, nuair nach mbíonn an cumas labhartha chomh láidir leis an gcumas tuisceana.
- Cartlann Pobail a bhunú a chuimseodh ábhair físe, fuaime agus scríofa.
- Scileanna cinnireachta a fhorbairt sa bpobal le freastal ar riachtanais na hÓige.
- Tacú le hIonaid Shainiúla don Óige a bhunú.