Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR
“Ná lig don bhád seo snámh le sruth, is leatsa an maide rámha.”
Joe Steve Ó Neachtain
Máire Úna Ní Fhátharta
Is údar mór bróin d’Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga bás ár gcomhghleacaí dil Máire Úna Ní Fhátharta.
Chuir Máire tús lena cuid oibre leis an bhFóram ar an 19 Lúnasa. Ba léir ón gcéad lá sin gur bean dhíograiseach, dháiríre, fhuinniúil í, a raibh tiomantas ar leith aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Luigh sí isteach ar a cuid oibre le fonn agus le fuadar, ag cur eolais ar bheartais an Fhóraim agus á cur féin in aithne do dhaoine agus d’eagrais a mbeadh sí ag obair leo. Ba léir freisin go raibh neart scileanna ag Máire a rachadh go mór chun tairbhe don Fhóram agus do phobal Chois Fharraige. Tharla an tubaiste faraor, agus sciobadh Máire uainn i bhfad róluath.
Cásaíonn muid a bás lena Deaide agus a Mama, Johnny agus Peig, lena deifiúracha agus a deartháireacha, Fionnuala, Tomás, Stiofán, Maighréad agus Eoghan go háirid, le muintir Uí Fhátharta agus le muintir Uí Churraoin ar fad, le cairde iomadúla Mháire, lena cuid comharsain agus le pobal uile an cheantair ar ghoil imeacht Mháire go mór orthu.
Aireoidh muid uainn Máire, bean a chuaigh i gcion go mór orainn san achar gearr a raibh sí ag obair linn.
Suaimhneas síorraí go raibh agat, a Mháire.
Scéal, Scéal, Scéal…
chuile Déardaoin
8.00 i.n
Féilire
á fhorbairt
faoi láthair
Eolaire
chun dáta
23ú Mí Lúnasa 2024
Bunaíodh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, ar a bhfuil ionadaíocht ag eagrais dheonacha phobail, eagrais forbartha pobail, eagraíochtaí spóirt is siamsaíochta agus gnóthaí Gaeilge-bhunaithe, le feidhmiú mar cheanneagraíocht le Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm.
cuir aithne orainn
Cén fáth go mbeinn páirteach?
Aithnítear sa bPlean seo go bhfuil dúshlán sa gceantar má tá mian an phobail go leanfaidh an ceantar mar cheantar láidir Gaeltachta le cur i bhfeidhm. Chuige sin ní mór áit chinnte a bheith ag an nGaeilge mar ghnáth-theanga phobail i chuile ghné de shaol an phobail. Leis an spás poiblí sin a chosaint teastaíonn bearta agus straitéisí. Ní tharlóidh sé seo gan gníomhaíocht chomhfhiosach ó mhuintir na háite. Seans go bhféadfaí cur chuige laissez faire a thabhairt ar go leor dá bhfuil ag tarlú faoi láthair agus is léir nach leor é agus is léir freisin go bhfuil an Ghaeilge á díbirt as cuid den fhearann poiblí dá bharr.
Caithfear cuid de nósmhaireachtaí teanga atá á gcleachtadh sa bpobal faoi láthair a athrú más mian linn go leanfaidh Cois Fharraige mar cheantar láidir Gaeltachta.
Céard a dhéanfaidh mise?
Tá tábhacht ag roinnt le chuile ghníomh, beag nó mór, a dhéantar, agus ag nós teanga chuile dhuine, óg nó sean. Is cuma cén suíomh nó ócáid teanga a bhíonn i gceist, is cuma cé chomh minic is a tharlaíonn an ócáid sin agus is cuma cé mhéid duine a bhíonn páirteach ann.
Beidh cainteoirí Gaeilge sa bpobal seo go ceann i bhfad, ach ní mór an deis a thapú anois lena chinntiú go mbeidh líon mór acu ann agus go leanfaidh na cainteoirí sin ag tabhairt na Gaeilge do na glúnta a leanfas iad féin.
Má déantar sin tógfar teaghlaigh agus gréasáin Ghaeilge sa bpobal agus leanfar le comhluadair dátheangacha eile a chothú anseo a mbeidh an Ghaeilge ar a toil acu agus tógfaidh na glúnta atá ag teacht ina ndiaidh glúnta dátheangacha eile chomh maith.