Bhí Jack Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spóirt i láthair i Stiúideo Cuan sa Spidéal Dé hAoine an 12ú Deireadh Fómhair 2022, tráth ar déanadh ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR ó tosaíodh ag cur Plean Teanga Chois Fharraige i bhfeidhm.
Cuireadh taispeántas de rogha de thionscadail éagsúla atá idir lámha ag Katie Ní Loingsigh agus Aoife Ní Chonghaile, Oifigigh Pleanála Chois Fharraige ó thosaíodh ar fheidhmiú an Phlean i mí Márta na bliana 2020. B’údar bróid don slua breá a bhí i láthair a chloisteáil faoin méid tacaíochtaí a chuireann na hOifigigh ar fáil don phobal, ó na Forbacha go Ros an Mhíl, le tacú le bunaidhm an phlean — an Ghaeilge a bhuanú sa gceantar agus cur le húsáid na Gaeilge sa bpobal le tuilleadh cainteoirí gníomhacha, laethúla Gaeilge a chothú. Bheadh súil de bharr bearta an Phlean Teanga go mbeadh a háit phoiblí ag an nGaeilge i saol iomlán an phobail
Cuireadh bileoga eolais maidir leis an bPlean Teanga ar fáil mar aon le bileoga tacaíochta do theaghlaigh agus don lucht gnó. Taispeánadh suíomh idirlín an Fhóraim agus seoladh Gaeilge ar an Teallach, leabhrán do theaghlaigh sa bpobal ar bheagán Gaeilge le tacú leo cur lena gcumas Gaeilge. Tá béim ar leith ar Ghaeilge Chois Fharraige sa leabhrán agus tá comhaid fhuaime mar chuid den saothar chomh maith.
Mhínigh Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach an Fhóraim, céard is brí le Pleanáil Teanga. Trí phróiseas Pleanáil Teanga déantar iarracht tionchar a imirt ar mheoin, ar dhearcadh agus ar úsáid teanga. Scrúdaítear na bacanna atá ag cur as do theanga atá faoi bhrú agus leagtar amach straitéisí nó bearta le hiarracht a dhéanamh na bacanna sin a shárú. Tá neart bearta agus gníomhaíochtaí i bPlean Teanga Chois Farraige le tacú le seo a dhéanamh agus tá siad dírithe ar chuile ghné agus ar chuile aois ghrúpa sa bpobal ó leic an teaghlaigh go dtí an siopa, ón bpáirc imeartha go dtí an halla pobail, ón gcliabhán go seanaois. Leag sí béim ar go bhfuil tábhacht ag roinnt le hiompar teanga chuile dhuine beo sa bpobal lena chinntiú gur féidir an Plean Teanga a chur i bhfeidhm. Mhol sí go mbeadh a phlean teanga pearsanta féin ag chuile dhuine. Spreag sí daoine le machnamh a dhéanamh ar a ngaol féin le Gaeilge: “An ndéanaim rogha i leith na Gaeilge? An dtacaím le húsád na Gaeilge sa bpobal nó an gcuirim bac air? Más bac an freagra: cén fáth agus cén chaoi go ndéanaim sin? An bhféadfainn sin a athrú?”.
Bhronn Tomás Farthing, peileadóir óg na Bliana, ciseán leabhar ó fhoilsitheoirí an cheantar ar an Aire mar léiriú ar a bhisiúla is atá an earnáil i gCois Fharraige.
Bhain an slua an-taitneamh as mír ceoil agus amhránaíochta ó Fhionnán Ó Coistealbha, Éabha Ní Chonghaile, Déithín Ní Fhátharta, Sadhbh Laila Riggott agus Neasa Nic Dhonncha ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige.
Agus chuir Bróna Ní Uallacháin, Aisling Ní Neachtain ⁊ Páid Ó Neachtain mír dhrámaíochta i láthair a mbeidh caint uirthi go ceann i bhfad!