Mar gheall ar Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR

Céard é an Fóram agus cén fáth gur bunaíodh é?

Stair ⁊ cúlra

Is iad Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 na polasaithe reatha Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

De réir fhoráil an Achta, cruthaíodh Limistéir Pleanála Teanga (LPT) ar fud Ghaeltachtaí na tíre. De thoradh an Achta, cruthaíodh Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige, ceantar a shíneann ó Abhainn Chasla i Ros a’ Mhíl soir chomh fada le Sruthán na Líbéirtí ar imeall thoir na bhForbacha.

Tugadh dhá bhliain do phobail na limistéar sin Plean Teanga a réiteach dá gceantar féin agus seacht mbliana ina dhiaidh sin do chuile cheantar leis an bPlean a chur i bhfeidhm. Bunaíodh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga le hiarratas a chur chun cinn le Plean Teanga do cheantar Chois Fharraige a chur i dtoll a chéile.

Ionadaíocht an phobail sa bhFóram

Chúig cheantar bunscoile atá in LPT Chois Fharraige — Na Forbacha, An Spidéal, An Cnoc, An Tulach agus Ros a’ Mhíl — agus tá ionadaíocht ag chuile cheann acu ar an bhFóram. Cinneadh ionadaíocht chothrom a dheimhniú tré ionadaí amháin ón gcúig cheantar sin a bheith ar Choiste Stiúrtha an Fhóraim.

Ceapadh seachtar ball ar Choiste Stiúrtha an Fhóraim — duine amháin ó chuile cheann de na ceantair bhunscoile, chomh maith le Bainisteoir Chomharchumann Sailearna Teoranta agus Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil: Máire Ní Neachtain (Cathaoirleach; ionadaí ón Spidéal), Donncha Ó hÉallaithe (Rúnaí; ionadaí ón gCnoc), Aodán Mac Donncha (Cisteoir; Comhlacht Forbartha an Spidéil), Seán Breathnach (Ionadaí ó Na Forbacha), Ruairí Mac Con Iomaire (Ionadaí ó Ros a’ Mhíl), Tomás Ó Neachtain (Ionadaí ón Tulach), Morgan Ó Concubhair (Comharchumann Sailearna Teo).

Fostaíodh an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga le tabhairt faoi roinnt taighde a dhéanamh agus le comhordú a dhéanamh ar réiteach an phlean.

Freastal ar riachtanais theangeolaíocha

Ní hiad na deacrachtaí céanna a bhíonn in aon dá cheantar maidir le cúrsaí pleanála teanga. Tá úsáid na Gaeilge láidir sa gceann thiar d’LPT Chois Fharraige agus is i laige a éiríonn sí de réir mar a thagann an bóthar aniar chomh fada le teorainn Bhearna.

Foilsíodh An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaelige sa Ghaeltacht sa mbliain 2007 agus roinn sé an Ghaeltacht i gcatagóirí éagsúla de réir úsáid laethúil na teanga. Taobh istigh den gceantar lena mbainfeadh LPT Chois Fharraige ina dhiaidh sin:

  • Stádas Chatagóir A a bronnadh ar Chill Chuimín (Ros a’ Mhíl, An Tulach agus Na Mine), ar Shailearna (Ceantar an Chnoic) agus ar Chill Aithnín (ón gCoill Rua soir go Both Chuanna).
  • Bronnadh stádas Chatagóir B ar An Spidéal.
  • Cuireadh Na Forbacha i gCatagóir C.

B’éigean é seo a chur san áireamh, agus anailís á déanamh leis na bearta ab fheiliúnaí agus na tosaíochtaí cuí a roghnú agus a rangú mar threoir agus mar bhunchloch i ndréachtú an phlean.

23 cruinniú a bhí ag an gCoiste Stiúrtha, agus é ag obair go dlúth le Seirbhísí Pleanála Teanga. Thug Aoife Ní Churraoin, a bhí ar scoláireacht leis an Údarás, an‑tacaíocht, cúnamh agus treoir freisin. Bailíodh sonraí ar mhóran bealaí: ábhar foilsithe, staitisticí ón Daonáireamh, sonraí ó Roinn na Gaeltachta, suirbhéanna, grúpaí fócais, cruinnithe agus comhráite. Cuireadh tuairisc faoi bhráid an Fhóraim iomláin ’chuile thrí mhí agus reáchtáladh seisiúin eolais le go leor grúpaí sa bpobal. Cuireadh an dréachtphlean os comhair an phobail sular cuireadh ar aghaidh chuig an Údarás é.

Glacadh leis an bplean

Ghlac an Roinn leis an dréachtphlean ach níor chreid an Fóram go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm leis an tairiscint airgid a rinne an Roinn: allúntas de €100,000 sa mbliain agus Oifigeach Pleanála Teanga amháin.

Dhiúltaigh an Fóram don tairiscint sin. Tar éis tréimhse, tháinig an dara tairiscint agus ghlac an Fóram leis an gceann leasaithe: €150,000 sa mbliain agus deis beirt oifigeach a fhostú a aontaíodh. Síníodh comhaontú le hÚdarás na Gaeltachta, a bhí ag comhordú an tionscadail thar cheann An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga: athailíniú corporáideach

Theastaigh bonn reachtúil a chur faoin bhFóram le go bhféadfadh sé feidhmiú mar cheanneagraíocht leis an bPlean a chur i bhfeidhm.

B’éigean bunreacht agus meamraim agus airteagail a dhréachtú agus a fhaomhadh, obair a cuireadh i gcrích faoi chúram an Choiste Stiúrtha. Corpraíodh an Fóram mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta faoi Chuid 18 d’Acht na gCuideachtaí 2014; rud a fhágann gur cuideachta atá cláraithe (uimhir 661144) in Oifig na gCuideachtaí é Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR.

Ós aonán dlíthiúil nua a cruthaíodh nuair a déanadh cuideachta faoi theorainn ráthaíochta den bhFóraim, b’éigean Bord Stiúrtha a cheapadh i gcomharbacht ar an gCoiste. Ceapadh roinnt ball den Choiste le ‘leanúnachas corporáideach’ a dheimhniú áfach.

Fís an Fhóraim do Chois Fharraige

Is mian leis an Fhóram:

  • Go mbeidh Cois Fharraige mar áit inar féidir an saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus nach gá a bheith leithscéalach faoin nGaeilge.
  • Go mbeidh meon dearfach ag an bpobal, an óige go háirid, i leith na Gaeilge agus iad bródúil as an gcultúr áitiúil.
  • Go mbeidh dearcadh dearfach ag tuismitheoirí óga ar Ghaeilge agus tuiscint acu ar na buntáistí agus ar na dúshláin a bhaineann lena gcuid gasúir a thógáil le Gaeilge.
  • Go dtógfaidh an tromlach mór de theaghlaigh an cheantair a gclann le Gaeilge.
  • Go mbeidh córas oideachais cuimsitheach á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ón naíolann go naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil ar ardchaighdeán, gur córas é ina gcothófar mórtas teanga agus mórtas pobail.
  • Go mbeidh fostaíocht a oibreoidh chun leas na Gaeilge mar theanga pobail ar ardchaighdeán agus seirbhísí cuí do chuile aoisghrúpa ar fáil gan stró i nGaeilge sa gceantar.

Gníomhaíochtaí an Fhóraim

Tá an Fóram gníomhach i réimse leathan d’fhorbairtí pobail:

  • Feidhmiú mar Cheanneagraíocht Pleanála Teanga leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm i gcomhar le hUdarás na Gaeltachta.
  • Tacú le pobal Chois Fharraige i chuile réimse den saol, siamsaíocht, gnó, oideachas agus cúram don duine agus don timpeallacht san áireamh, leis an nGaeilge a threisiú agus a neartú mar theanga teaghlaigh agus pobail.
  • Cur le hoiliúint agus le hoideachas an phobail maidir le leas teanga agus cultúrtha an phobail.
  • Ceannródaíocht a chur ar fáil don cheantar ó thaobh cúrsaí teanga, cultúir agus oidhreachta de agus eolas cuí a chur ar fáil d’aon duine nó d’aon eagraíocht ar spéis leo eolas agus tacaíocht a fháil faoi aon ghné díobh.
  • Tionscadail straitéiseacha trí Ghaeilge a spreagadh, a fhorbairt, a bhunú, a bhainistiú agus a riaradh sna réimsí seo thíos:
    1. Imeachtaí tacaíochta teaghlaigh.
    2. Imeachtaí tacaíochta dírithe ar an óige.
    3. Gníomhaíochtaí sealbhaithe teanga.
    4. Luathoideachas agus cúram leanaí.
    5. Cúrsaí oideachais.
    6. Imeachtaí spóirt agus áiseanna do phobal uile an Limistéir Pleanála Teanga.
    7. Gníomhaíochtaí ealaíne.
    8. Féilte agus imeachtaí cultúrtha agus oidhreachta.
    9. Tacaíocht don earnáil ghnó.
    10. Cúrsaí turasóireachta.
    11. Na meáin chumarsáide.
  • Oibriú i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí stáit, eagrais theanga-bhunaithe agus forais fhorbartha leis an nGaeilge a chaomhnú, a neartú agus a fhorbairt mar theanga labhartha Chois Fharraige.

Comhaltaí an Fhóraim

Is comhaltaí den Fhóram iad na heagrais dheonacha phobail, eagrais forbartha pobail, eagraíochtaí spóirt is siamsaíochta agus gnóthaí Gaeilge-bhunaithe atá cláraithe leis.

Is féidir le heagrais den chineál sin iarratas a dhéanamh ar a bheith ina gcomhaltaí den Fhóram má:

  • Chothaíonn siad an Ghaeilge agus/nó a chuireann siad seirbhísí i nGaeilge ar fáil.
  • Bhíonn siad ag feidhmiú i gceantar Chois Fharraige.

Comhaltaí reatha

  • Aisteoirí an Spidéil
  • An Bogha Ceatha
  • An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh
  • Bearna Na Forbacha Aontaithe
  • CLG Mícheál Breathnach
  • CLG an Spidéil
  • Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige
  • Club Scannán Sailearna
  • Coiste Pobail na bhForbacha
  • Coiste Pobail na Tulaí
  • Coláiste Chamuis
  • Coláiste Cholmcille
  • Coláiste Chroí Mhuire
  • Comhar Creidmheasa Cholmcille Teo
  • Comhlucht Forbartha an Spidéil
  • Cumann Forbartha Chois Fharraige
  • Cumann Sacair Chois Fharraige
  • Éigse an Spidéil
  • Scoil Éinne An Spidéal
  • Scoil na bhForbacha
  • Scoil Sailearna
  • Scoil Náisiúnta Cholmcille na Tulaí
  • Scoil Cholmcille Ros an Mhíl
  • Comharchumann Shailearna Teo.
  • Cumann Drámaíochta Chois Fharraige
  • Cumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach
  • Club Iománaíochta Bearna Na Forbacha
  • Comhar Naíonraí na Gaeltachta
  • Conradh an Gaeilge, Na Forbacha
  • Naíonra na bhForbacha

Bord Stiúrtha an Fhóraim

Is é an Bord Stiúrtha a dhéanann cúram de riaradh praiticiúil an Fhóraim.
Is iad na comhaltaí a roghnaíonn na Stiúrthóirí a bhíonn ina mbaill den Bhord.

Máire Ní Neachtain,
Cathaoirleach

Máire Ní Neachtain

Is as Baile ’n tSagairt sa Spidéal do Mháire.

Chaith sí a saol oibre mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Tá sí ar ais go buan ar a fód dúchais sa Spidéal anois agus deis aici leanacht lena cuid spéiseanna agus gníomhaíocht phobail. Is ball d’Aisteoirí an Spidéil í le fada an lá, is í Cathaoirleach Éigse an Spidéil í agus tá sí ina Cathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Scoil Éinne chomh maith.

Is minic a bhíonn Máire le cloisteáil ar na meáin chraolta agus físe Gaeilge mar thráchtaire ar chúrsaí comhaimseartha Gaeilge agus Gaeltachta.

Tomás Ó Neachtain,
Rúnaí

Tomás Ó Neachtain

Is múinteoir meánscoile é Tomás, a bhfuil conaí air i mBaile na hAbhann. Múineann sé Gaeilge, Stair agus Tíreolaíocht i meánscoil i gcathair na Gaillimhe. Tá cailíochtaí bunchéime agus iarchéime bainte amach aige in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus i UCD.

D’fhreastail sé ar Scoil Naisiúnta na Tulaí agus ar Cholaiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Chaith sé ceithre bliana ag obair i ngnó agus roinnt ama i Stáit Aontaithe Mheiriceá roimh dul le múinteoireacht.

Tá bunáite a shaoil caite aige ina chonaí i gCois Fharraige agus é bainteach le cúrsaí forbairt pobail agus na hóige. Chaith sé tréimhsí mar Chathaoirleach ar Choiste Pobail na Tulaí, Comhar Chreidmheasa Cholm Cille agus Comharchumann Sailearna. Bhí sé ina Rúnaí ar Chumann Peile Mhícheál Breathnach chomh maith.

Chaith sé cúig bliana fichid ina stúirthóir ar Choláiste Uí Chadhain i gceantar na Tulaí agus na Minna. Tá am caite aige i mbun bainistíochta agus treanála ar fhoirne óga an cheantair do Chumann Mhícheál Breathnach agus Cumann Chamógaíochta Chois Fharraige.

Creideann sé go bhfuil todhchaí na teanga agus todhchaí an phobail fite fúite ina chéile agus nach mairfidh ceann gan an ceann eile i gceantar Chois Fharraige.

Aodán Mac Donncha,
Cisteoir

Aodán Mac Donncha

Tá cónaí ar Aodán sa Spidéal le os cionn 40 bliain.

Tá céim gnó aige ó Ollscoil na Gaillimhe agus chaith sé os cionn 30 bliain ag obair le heagraíochtaí forbartha pobail mar fheidhmeannach bainistíochta agus cuntasaíochta sa Spidéal go deonach ar dtús agus go buan ó 2006 i leith.

Bhíodh sé ag obair in Inis Oírr, in Inis Meáin, in Inis Bigil i Leitir Mealláin agus i gceantar Chois Fharraige le Coláistí Gaeilge agus le tithíocht / ionad lae don aosach. Tá sé ag feidhmiú go deonach mar Chathaoirleach ar Ionad Cúram Leanaí an Spidéil ó 2010 agus ó 2013 is Stiúrthóir é ar Chomhar Creidmheasa Naomh Antaine agus an Chladaigh i nGaillimh.

Tá Dioplómaí aige sa bPleanáil Teanga agus i Rialachas Chomhar Creidmheasa.

Caitríona Uí Bhéarra,
Stiúrthóir

Caitríona Uí Bhéarra

Is as Uachtar Ard ó dhúchas do Chaitríona.

Tá sí ina cónaí í mBothúna sa Spidéal le blianta fada. ’Sí an Ghaeilge mar aon le cultúr agus traidisiúin na Gaeltachta a mheall go Cois Fharraige í. Tá sí ina Príomhoide ar Scoil Sailearna. Is ball de Choiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta í.

Bíonn Cór Ainnín faoina stiúir. Tá suim faoi leith aici sa gceol, sa litríocht agus i gcúrsaí spóirt.

Colm Ó Cinnseala,
Stiúrthóir

Colm Ó Cinnseala

Tá cónaí ar Cholm sna Forbacha i gCois Fharraige le breis agus tríocha bliain anuas.

Chaith sé an cuid is mó dá shaol oibre mar bhainisteoir ríomhaireachta sa Roinn Cosanta sa Rinn Mhóir. Bhain sé máistreacht sa Phleanáil Teanga amach in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh i 2009 agus uaidh sin i leith tá sé ag plé leis an réimse oibre sin. Bhí baint aige le go leor pleananna teanga a réiteach i limistéir pleanála teanga difriúla i gContae na Gaillimhe.

Tá Colm páirteach i gcoistí agus i ngníomhaíochtaí pobail éagsúla i gConamara agus i gCathair na Gaillimhe le fada an lá.

Hannah Ní Dhoimhín,
Stiúrthóir

Hannah Ní Dhoimhín

Is comhairleoir pleanála teanga agus aistritheoir í Hannah.

Tá sí ag obair go gairmiúil agus go deonach i réimse na pleanála teanga ar fud na Gaeltachta agus, go deimhin, ar fud na tíre, le beagnach 10 mbliana anuas. D’oibrigh sí le roinnt mhaith ceanneagraíochtaí agus coistí pleanála teanga agus pleananna teanga faoi Acht na Gaeltachta, 2012 á n-ullmhú acu, go háirithe i nGaeltacht Thír Chonaill agus na Mí, agus tá sí anois mar bhainisteoir ar an gcomhlacht seirbhísí teanga Dréimire.

Tá Hannah ina cónaí i gCaorán na gCearc, ar an taobh thiar de Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige.

Brian Terry Mac Donncha,
Stiúrthóir

Tá faisnéis ar Bhrian le teacht.

Foireann an Fhóraim

Oifigeach Pleanála Teanga

Máire Treasa Uí Dhufaigh

Tá beathaisnéisín le teacht ach tá sonraí teagmhála Mháire Treasa i mbun an leathanaigh seo.

Buíochas

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt ⁊ Meán.

Údarás na Gaeltachta.

Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Mait Ó Brádaigh ⁊ Colm Ó Cinnseala, Seirbhísí Pleanála Teanga.

Breandán Ó hEaghra, Meas Media.

Dónal Ó Domhnaill, Webglic.

Johanna Ní Mháille, as na grianghraif álainne.

Míċeál Ó Loċlainn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Míċeál a shín amach struchtúr ár láithreáin ghréasáin, a chuir sainchomhairle orainn nuair a bhí sé á fhorbairt agus a chuir ábhar in eagar dó. Bíonn sé ag tacú linn maidir le cúraimí éagsúla teicniúla ar bonn leanúnach.