Ceantar Chois Fharraige

Mar gheall ar cheantar Chois Fharraige

Cladach Chois Fharraige.
(Grianghraf: Johanna Ní Mháille.)

Glacadh leis go traidisiúnta go síneadh Cois Fharraige ó cheantar Bhearna go dtí thart ar Chasla — cé go mbeadh sáraíocht ann faoi sin anois! Luaitear Edward Ffrench a bheith ina “parish priest of Spidle and Seaside” in 1715 ach, dar ndóigh, tá ceist pharóiste an Spidéil í féin casta! Scarann Abhainn Bhoth Loiscthe i sráidbhaile an Spidéil Paróiste an Spidéil Thuama, a dtugtar paróiste an Chnoic air go háitiúil, ó pharóiste an Spidéil i ndeoise na Gaillimhe.

Cois Fharraige le mo Linnse (1974, 1984 ⁊ 2014) atá ar an leabhar breá le Seán Ó Conghaile faoin gceantar thart ar a fhód dúchais féin sna hAille. Leag Roinn na Gaeltachta síos a bhfuil i gceist acusan le Cois Fharraige nuair a roinneadh an Ghaeltacht ina 27 Limistéar Pleanála Teanga agus d’fhógair go síneann LPT Chois Fharraige ó shruthán na Líbéirtí ar imeall thoir na bhForbacha siar go hAbhainn Chasla.

Ceantar é Cois Fharraige a bhfuil aitheantas náisiúnta aige mar cheantar Gaeltachta. Aithníodh sin le linn aimsir na hAthbheocana féin leis an bhfonn a bhíodh ar dhaoine teacht go Cois Fharraige ar thóir na Gaeilge. Téann stair na gColáistí Gaeilge siar thar céad bliain sa gceantar. Bhíodh Coláiste an Phiarsaigh sna Forbacha agus d’aistrigh Coláiste Chonnacht ó Thuar Mhic Éadaigh go dtí an Spidéal i 1910.

Iomairí.
(Grianghraf: Johanna Ní Mháille.)

Bhí ceantar Chois Fharraige ar cheann de na céad ceantair ar dearnadh mionaililís ar fhoghraíocht agus ar chomhréir theanga an phobail ann, ábhair a foilsíodh in The Irish of Cois Fharraige (1945) agus Gaeilge Chois Fharraige: An Deilbhíocht (1953), saothair leis an Ollamh Tomás de Bhaldraithe a d’fhoilsigh Insititiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath.

Is saibhir go deo an oidhreacht béaloidis, amhráin, ceoil agus litríochta a d’fhág a sinsear ag muintir Chois Fharraige. Is liosta le háireamh na hamhránaithe breátha a fáisceadh as an bpobal. Rinne na filí, idir na filí béil ar an múnla dúchasach agus na filí a shaothraíonn an fhilíocht sna múnlaí litheartha, nua a gcionn. Tá pobal léitheoireachta na Gaeilge go mór faoi chomaoin ag údair Chois Fharraige gan ach Ruairí Ó Flaithearta na Páirce a mhair sa seachtú céad déag, Mícheál Breathnach as an gCnoc a d’imigh go hóg ach a chuir go mór le saol na Gaeilge ina shaol róghearr, Máirtín Ó Cadhain as an gCnocán Glas fathach na litríochta Gaeilge sa bhfichiú aois agus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisealbha as na Creagáin a shabhrigh saol na muintire lena ghaois agus a ghrean, a lua.

Galán ar an gcriathrach.
(Grianghraf: Johanna Ní Mháille.)

Tá cuid de na hinstitiúidí is tábhachtaí a bhaineann leis an nGaeilge ar bhonn poiblí lonnaithe sa LPT seo: Ceannáras Údarás na Gaeltachta agus Príomhoifigí Roinn na Galetachta sna Forbacha, Oifig an Choimisinéir Teanga sa Spidéal, Ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann. Tá na comhlachtaí foilsitheoireachta Gaeilge is mó sa tír anseo freisin, idir Cló Iar-Chonnacht, Futa Fata agus Leabhar Breac.

Sa Spidéal a taifeadtar Ros na Rún agus borradh ar an tionscal físe Gaeilge á chothú dá bharr sin sa gceantar.

Deis do phobal Chois Fharraige atá sa bPlean Teanga seo díriú ar an rogha teanga atá le déanamh i chuile ceantar Gaeltachta anois. Bheadh súil de bharr bhearta an Phlean Teanga go roghnófaí leanacht le dúchas agus le hoidhreacht an cheantair seo, go ndeimhneofaí a háit phoiblí don Ghaeilge agus go leanfadh cáil Chois Fharraige mar cheantar láidir, muiníneach Gaeltachta.