An nuacht is deireanaí
Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga
Scéalta ó Cheantar Chois Fharraige.
Dé Céadaoin 13 Meán Fómhair 2023
Fáilte roimh Shaoirse: OCPT an Fhóraim
Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Saoirse Holič ceaptha mar Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige.
Tógadh Saoirse i mBaile na mBroghach i gceartlár Chois Fharraige agus is ann atá cónaí uirthi. Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í. Chaith sí os cionn deich mbliana sa Nua Shéalainn agus d’fhill sí ar Chois Fharraige os cionn bliain go leith ó shin.
Beidh Saoirse ag obair i gcomhar le Katie Ní Loingsigh, an tOifigeach Pleanála Teanga a ceapadh i gCois Fharraige os cionn trí bliana ó shin agus beidh sé de chúram ar an mbeirt oifigeach Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm faoi stiúir Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
Rachaidh Saoirse i mbun a poist nua ar an Luan seo chugainn, 18 Meán Fómhair.
Club Scannán Sailearna: Sceideal an Fhómhair
Fógraíodh sceideal an Fhómhair de chuid Chlub Scannán Chois Fharraige le gairid. Is iomaí scannán iontach a bheas á léiriú ag an gclub le linn an shéasúir, mar is iondúil! Cuirfear tús leis na scannáin ag 8:15i.n. chuile Dhéardaoin.
Tosóidh an sceideal nua le One Fine Morning ar an 28 Meán Fómhair. Léirfeofar Tarrac an mhí dár gcionn le linn Féile Chois Fharraige ar an 5 Deireadh Fómhair. Léirofar 1976 ar an 2 Samhain agus ‘sé Night of the Twelvth a chuirfidh deireadh le cúrsaí ar an 7 Nollaig.
Le ticéid a cheannach nó le ballraíocht, nó le ballraíocht a fháil, ní mór cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín: www.clubscannan.ie

Dé Luain 14 Lúnasa 2023
Cóisir Cheoil ag an gCeardlann
Beidh Cóisir Cheoil i gCeardlann an Spidéil ar an Satharn 19 Lúnasa!
Is iomaí ceoltóir iontach a bheas le cloisteáil ann le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, Na Rógairí agus Tadhg Mac Dhonnagáin ina measc chomh maith le Na Fíréin a thiocfaidh chun stáitse ag 4i.n. agus Ruairí Mac Con Iomaire a chuirfidh tús lena sheit féin ina dhiaidh sin.
Tiocfaidh na ceoltóirí uilig le chéile thart ar 3:15 le seisiún a dhéanamh i dteannta a chéile.
Is féidir níos mó eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le 091 553 343
Fáilte roimh chách!
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag Fleadh Cheoil na hÉireann
D’éirigh go hiontach le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana.
D’éirigh le baill an ghrúpa duaiseanna iontacha a thabhairt abhaile leo ó Muileann gCearr, le cúpla lá anuas.
Tháinig Éabha Ní Chonghaile, Baile an tSléibhe, An Spidéal, sa dara háit agus Neasa Nic Dhonncha as Ros an Mhíl sa tríú háit sna comórtais sean-nóis agus chroch Déithín Ní Fhátharta, Na hAille, léi an chéad áit sa gcomórtas pianó. Sa bpictiúr leis na ceoltóirí óga tá Róise Ní Mhurchú, Doire, a chroch léi an duais don chéad áit sna hamhráin.
Comhghairdeachas ó chroí le ceoltóirí óga s’againne agus leis na ceoltóirí agus amhránaithe uilig a ghlac páirt sa bhFleadh.


Dé Céadaoin 9 Lúnasa 2023
Folúntas: Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga
- An duine fuinniúil, spreagúil, cruthaitheach tú?
- An bhfuil togha na Gaeilge agat?
- An bhfuil scileanna ríomhaireachta agat?
- An cás leat todhchaí na Gaeltachta?
Tá post againn duit!
Beidh an té a cheapfar ag obair in Oifigí an Fhóraim sa Spidéal agus ag feidhmiú ar fud Chois Fharraige i gcomhar leis an Oifigeach Pleanála Teanga.
Spriocdháta: 5.00 i.n. 21 Lúnasa 2023.
Breis eolais: 086 273 2279 nó ptchoisfharraige@gmail.com.
Leagan PDF den chur síos ar an bpost.
Seol iarratas mar aon le CV chuig: ptchoisfharraige@gmail.com.
Léigh an Plean Teanga.

Mo Mhála Leabharlainne Beag
Tá an scéim ‘Mo Mhála Leabharlainne Beag’ ar ais arís i mbliana le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do ghasúir na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar an scoil don chéad uair.
Scéim de chuid Leabharlanna na hÉireann atá ann le suim agus grá na léitheoireachta agus na litríochta a spreagadh i measc an aosa óg, agus tá na málaí ar fáil saor inaisce, ó do leabharlann áitiúil.
Le dul in éineacht leis an mála, do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge líofa acu, tá gluaiseanna ar fáil freisin.
Le níos mó eolais a fháil is féidir cuairt a thabhairt ar do leabharlann áitiúil.
Folúntas: Bainisteoir Urláir sa bPOTA
Tá POTA sa tóir ar dhuine fuinniúil agus díograiseach le bheith mar chuid dá bhfoireann mar bhainsteoir urláir.
Táthar sa tóir ar dhuine a chuirfidh le heispeiréas a gcuid custaiméirí agus a chabhróidh leis an bhfoireann an freastail a dhéantar orthu a fhorbairt agus a fheabhsú.
Uaireanta lae atá i gceist. Tuarastal iomaíoch a bheas ann, ag braith ar thaithí.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le potacafe@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil faoin bhfolúntas.

Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin 13 Meán Fómhair, i Tigh Mholly, leis an leabhar ‘EL’ le Thaddeus Ó Buachalla a phlé.
Bronnadh gradam ‘An Post’ do Leabhar Gailge na Bliana ar an leabhar sa bhliain 2022, chomh maith le gradam ag Comórtas Liteartha an Oireachtais.
Leanann an scéal beirt fhear óga, ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú aois déag. Tá an leabhar ar fáil ó Charlie Byrnes i nGaillimh, ag Cló Iar-Chonnacht agus ar líne.
Cuirfear tús le cúrsaí @ 9i.n.
Fáilte roimh chách.
Club Scríbhneoireachta Chois Fharraige
Cuirfear tús le Club Scríbhneoireachta i gCois Cuain, sa Spidéal go luath.
‘Sí Máire Uí Dhufaigh a bheas á threorú. Tá fáilte roimh scríbhneoirí nó daoine le suim acu sa scríbhneoireacht, atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi, cúrsaí cruthaitheacha a phlé agus scéalta a roinnt ar bhealach sóisialta agus taitneamhach.
Cuirfear tús le cúrsaí ar an gCéadaoin 13 Meán Fómhair @ 7:30
Is féidir níos mó eolais a fháil ó Mháire ag 086 822 0272.
Fáilte roimh chách!
Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair
Ceiliúradh 2022 ar an bPlean Teanga
Cuireadh grianghraif den ócáid lenár láithreán gréasán.
Dé Luain 24 Deireadh Fómhair
Oíche Oireachtais Scoil Sailearna
Tá pobal Chois Fharraige ag réiteach d’Oireachtas 2022! Ní raibh Oireachtas ‘beo’ ann ó Shamhain 2019 agus tá bís ar dhaoine bóthar Chill Áirne a thabhairt orthu féin arís.
Beidh deis ag gasúir ó Scoil Sailearna, a bheas ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla ag an Oireachtas, a gcuid míreanna a chur i láthair ar stáitse sa mbaile Déardaoin seo chugainn, 27 Deireadh Fómhair. Cuirfear tús leis an ócáid ag 6.30 i.n. díreach.
Beidh braon tae le fáil ag an ócáid agus cuirfear fáilte roimh chuile dhuine!
Dé hAoine 21 Deireadh Fómhair
Scoil Náisiúnta Cholmcille na Tulaí aitheanta go hoifigiúil mar Scoil Ghaeltachta
Tá aitheantas mar Scoil Ghaeltachta bainte amach ag Scoil Cholmcille sna Tulaí, an chéad bhunscoil i Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige a bhfuil an t‑aitheantas sin bainte amach aici.
Bhí cigirí na Roinne Oideachais ar chuairt oifigiúil maoirseoireachta sa scoil an tseachtain seo caite agus tugadh an dea-scéala d’Úna Ní Dhireáin, Príomhoide na Scoile ina dhiaidh.
Comhgháirdeachas le pobal uile Scoil Chomcille idir dhaltaí, fhoireann teagaisc, foireann thacaíochta agus thuismitheoirí na Scoile as an stádas a bhaint amach. Go maire siad a ngradam!
Déardaoin 20 Deireadh Fómhair
Comhghairdeachas le Mártan Ó Ciardha

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022 ar Mhártan as ucht a shaothar in earnáil na meáin chumarsáide thar na blianta.
Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shár-shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. Déanann muintir Chois Fharraige ar fad comhgháirdeachas ó chroí le Mártan. As na hAille do Mhártan ó thús agus tá sé ina chónaí i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal le fada an lá.
Tá clú agus cáil ar Mhártan as a chuid oibre le cúrsaí spóirt. Thosaigh sé ar a chuid iriseoireachta leis an nuachtán, Amárach, i dtús na 1970idí. Chuaigh sé ag obair mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta ina dhiaidh sin, áit ar chaith sé os cionn deich mbliana fichead ag obair i Rannóg an Spóirt den chuid is mó. Bhí baint lárnach ag Mártan leis an bhforbairt a rinne an stáisiún i gcraoltóireacht spóirt i rith na tréimhse sin.
’Sé Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht is Spórt, Jack Chambers T.D., a bhronnfaidh an gradam ar Mhártan ag Searmanas Bronnta in Óstán Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022 mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2022.
Biseach 2022

Tá Biseach 2022 ar fáil! Seoladh an iris bhliaintúil seo ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Déardaoin 20 Deireadh Fómhair.
Mar is iondúil tá neart ábhar léitheoireachta, idir stair áitiúil, seanchas, tuairimíocht, cúrsaí reatha agus neart grianghraf idir sean agus nua san iris 96 leathanach seo. Tá altanna ann ar phearsain stairiúla agus liteartha, ar nós Saol agus Saothar Christie Macken le Cormac Ó Comhraí, Blácaigh na bhForbacha le Seán Ó Neachtain, Eoghan Ó Neachtain (1897–1957) le Máire Ní Neachtain, Peadar Chois Fharraige le Ruaidhrí Ó Tuairisg, John Ford le Ciarán Ó Cualáin, Caisleán Meánaoiseach Indreabháin le Clíodhna Ní Mhurchú agus an chaint a thug Niamh Ní Bhaoill nuair a bhásaigh a máthair Beti i rith an bliana seo.
Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn Biseach le cúnamh deontais ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. An-mhargadh go deo atá ann ar €5.
Tá Biseach 2022 le fáil sna siopaí ar fad i gCois Fharraige nó má thograíonn tú is féidir é a ordú ó Chló Iar-Chonnacht.
Glaoigh ar 091 593307 nó téigh chuig www.cic.ie.
Dé Máirt 18 Deireadh Fómhair
Cúrsa Gramadaí Gaeilge

Tosóidh ardchúrsa i nGramadach na Gaeilge ar an 9 Samhain in Oifigí Fhóram Chois Fharraige um Pleánáil Teanga i sráidbhaile an Spidéil. Cúrsa dhá sheachtain déag a bheas ann agus leanfaidh chuile sheisiún uair go leith.
Sé Séamas Ó Máirtín, fear a bhfuil taithí na mblianta aige agus cáil mhór air mar theagascóir a bheas i mbun an chúrsa. Tá táille €100 ar an gcúrsa agus cuirfear leabhrán oibre ar fáil mar chuid den ábhar. Tá teorann ar an líon áiteacha atá ar fáil, moltar mar sin áit a chur in áirithe gan mhoill.
Is féidir clárú ag optchosifharraige@gmail.com.
Dé Sathairn 15 Deireadh Fómhair
Bua ag Mná na mBreathnach
Comhghairdeachas le foireann ban Chumann Mhicheál Breathnach a bhuaigh craobh an chontae sa gcluiche ceannais Sóisear B a imríodh in Áth Cinn ar an Satharn 15 Deireadh Fómhair.
Fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile an Mhuilinn 2–09 in aghaidh 1–07. Ainmníodh Aobh Ní Dhubhghaill, captaen na foirne, mar Laoch na hImeartha. Thug Aobh ardmholadh do Kevin Phetie Mac Donncha, bainisteoir na foirne agus í ag glacadh leis an gcorn. Tá Kevin ag traenáil an ghrúpa seo le deich mbliana anuas.
Tá an Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta: Sóisear, Sraithchomórtas an Chontae: Roinn III agus Craobhchomórtas an Chontae Sóisear B buaite ag an bhfoireann seo i mbliana. Cá bhfios nach mbeadh an ceathrú ceann acu mar beidh siad féin agus a gcuid comharsain foireann ban an Spidéil in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais an Iarthair?

Dé hAoine 14 Deireadh Fómhair
Coláiste Chroí Mhuire aitheanta go hoifigiúil mar Scoil Ghaeltachta
Is é Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal an chéad scoil sa tír a bhfuil aitheantas mar Scoil Ghaeltachta bainte amach aici.
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna Polasaí don Oideachas Gaeltachta i nDeireadh Fómhair na bliana 2016. Leagadh amach próiséas a chuirfí i bhfeidhm idir 2017-2022 le go mbainfeadh scoileanna na Gaeltachta, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna san áireamh, aitheantas amach mar Scoil Ghaletachta.
Tugadh cuireadh do scoileanna a bheith rannpháirteach i Scéim Aitheantais. Foilsíodh critéir agus b’éigean plean oibre, spriocanna agus bearta a leagan amach. Tá comhoibriú leis an gCoiste Pleanála Teanga áitiúil mar ar cheann de na critéir atá sa scéim. Tá cuairteanna ó chigirí na Roinne agus tuairisicí a sholáthar mar chuid den scéim chomh maith. Bhí cigirí i gCCM ar an 13 agus 14 Meán Fómhair do an cuairteanna deiridh agus tugadh an dea-scéala d’fhoireann bainistíochta na Scoile díreach ina dhiaidh.
Comhghairdeachas le pobal uile CCM, idir dhaltaí, fhoireann teagaisc, tacaíochta agus riaracháin agus thuismitheoirí na Scoile as an stádas a bhaint amach agus as an ngradam gurb iad is túisce sa tír.
Treise libh!
Dé Céadaoin 12 Deireadh Fómhair
Bhí Jack Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spóirt i láthair i Stiúideo Cuan sa Spidéal Dé hAoine seo caite, tráth ar déanadh ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR ó tosaíodh ag cur Plean Teanga Chois Fharraige i bhfeidhm.
Féile Chois Fharraige 2022
Clár imeachtaí
Scoth an cheoil, na hamhránaíochta, an damhsa agus na litríochta.
Dé Domhnaigh 9 Deireadh Fómhair
12.30i.n. i gcarrchlós Tí Mholly in Indreabhán
Treoróidh Eoin Ó Tuairisg siúlóid do dhaoine fásta.
Ní gá clárú roimh ré ach bíodh na bróga cearta ort agus cóta in aghaidh an báistí leat!
3.00i.n. sa bPota i mBaile na hAbhann
Cuirfidh Diarmuid Ó Mathúna, úinéir agus cócaire an chaife dhuaisbhainteach Pota taispeántas cócaireachta bunaithe ar tháirgí áitiúla i láthair sa bPota ar an Domhnach ag 3.00 i.n.
Cuir ticéad in áirithe roimh ré tré Eventbrite nó íoc €10 ag an doras. Glanfaidh an táille sin an bia breá a réiteofar agus a íosfar ag an ócáid!
8.30i.n. Tí Chualáin ar an gCoill Rua
Céilí le Cogar.
Cuirfear clabhsúr le himeachtaí Fhéile Chois Fharraige le céilí Tí Chualáin.
Cogar, an banna céilí cáiliúil a bhfuil an‑tóir air, a bheas i mbun ceoil agus ‘sé Traolach Ó Conghaile a bheas ina fhear a’ tí. Is fada an lá ó bhí céilí poiblí sa bpobal de bharr srianta sláinte poiblí ach tapaigh do dheis anois cois a bhualadh air!
Dé Sathairn 8 Deireadh Fómhair
10.00r.n. ag an Airdín Buí sa Spidéal
Treoróidh Macdara Ó Cuaig an saineolaí ar chúrsaí mara teaghlaigh ar shiúlóid cois cladaigh agus é ag míniú a bhfuil le feiceáil ar an mbealach.
Tiocfar le chéile ag an Airdín Buí trasna ó shiopa Centra sa Spidéal ach ní mór clárú roimh ré.
Níl le déanamh ach scríobh chuig meadhbh@tuismitheoiri.ie.
1.00i.n. i Leabharlann an Spidéil
Beidh ócáid dheas ag Futa Fata i Leabharlann an Spidéil ag 1.00 i.n., áit a seolfar An Slipéar Gloine, leabhar gleoite do pháistí le Fearghas Mac Lochlainn.
Beidh Fearghas é féin i láthair.
8.00i.n. i Seanscoil Sailearna in Indreabhán
Teaghlaigh Chois Fharraige ag ceol.
Beidh an choirmcheoil Ó Ghlúin go Glúin á chur i láthair ag Cainnear Nic Réamoinn agus Eoin Ó Neachtain i Seanscoil Sailearna ag 8.00 i.n. ar an Satharn 8 Deireadh Fómhair. Casfaidh dhá ghlúin agus i gcásanna áirithe trí ghlúin de theaghlaigh cheolmhara Chois Fharraige ceol agus amhráin lena chéile.
Beidh Muintir Uí Dhubhghaill as an gCoill Rua ann, muintir Uí Fhatharta as na hAille ann, dreatháireacha Uí Bhraonáin as an Teach Mór in éindí lena n‑uncail Mícheál ann, Nóirín Ní Ghrádaigh a clann iníon agus colceathracha leo ann, muintir Lionnáin as ceantar an Spidéil ann: Ruairí, Caomhán agus Lughán Mac an Iomaire as Ros an Mhíl ann chomh le mórchlann Uí Neachtain idir mhuintir Mhic Dhonncha thiar agus muintir Uí Cheallacháin thoir ann. An‑oíche go deo a bheas ann!
Beidh ticéid ar fáil ag an doras.
Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair
4.00i.n. i Stiúideó Cuan sa Spidéal
Tá grianghraif agus físeáin den ócáid seo ar fáil ar an suíomh seo.
Beidh Jack Chambers, Príomh‑Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht i láthair i Stiúideó Cuan sa Spidéal ar an Aoine 7 Deireadh Fómhair ag 4.00 i.n. le ceiliúradh a dhéanamh ar Phlean Teanga Chois Fharraige.
Cuireadh tús le feidhmiú an Phlean Teanga i mí Márta 2020 agus ní túisce Katie Ní Loingsigh an tOifigeach Pleanála Teanga i mbun a cuid oibre, ná gur tháinig an dianghlasáil a spreagadh de bharr Covid. B’éigean do Khatie agus don Bhord Stiúrtha Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an Plean a chur chun cinn ar bhealaí nua, cruthaitheacha nuair nach bhféadfaí daoine a thabhairt le chéile i spásanna poiblí.
Ní raibh deis ann an Plean a sheoladh go foirmeálta dá bharr sin.
Mar sin féin is iomaí rud atá ar bun ó shin agus tá neart tionscadail, tograí agus imeachtaí á gcur chun cinn ag an bhFóram atá ag feidhmiú an Phlean thar chearr Údarás na Gaeltachta. Beidh taispeántas i Stiúideó Cuan ar an lá d’obair an Fhóraim mar aon le ceol agus roinnt siamsaíochta.
8.30i.n. An Crúiscín Lán sa Spidéal
Tráth na gCeist á reachtáil ag Coiste na nÓg de chuid CLG an Spidéil.
8.30i.n. Tí Mholly in Indreabhán
Tiocfaidh Club Leabhar Chois Fharraige le chéile Tí Mholly ar an Lochán Beag le Súil an Daill a phlé ar an Aoine 7 Deireadh Fómhair ag 8.30 i.n.
Ghnóthaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais sa mbliain 2019 agus fuair sé ardmholadh ó neart léirmheastóirí ó shin. “Tour de force stíle agus reacaireachta atá ann” a dúirt Gearóid Denvir faoi. Úrscéal stairiúil atá suite i dTír Eoghain sa mbliain 1539, scéal faoi Chonchúr Mac Ardaill, fear atá ar a bhionda ag féachtaint leis na cosa a thabhairt leis as gábha crua an tsaoil.
As Cois Fhairraige don údar, Darach Ó Scolaí, agus beidh sé i láthair ag an ócáid.