Cor na Ron Thiar faoi bhrat sneachta ⁊ Oileáin Árann ó dheas
Grianghraf: Johanna Ní Mhaille

Margadh na Nollag

Beidh Margadh na Nollag ar siúl in Amharclann Chois Fharraige ar an Domhnach 08/12/24, ón 11:00 go dtí an 16:00.

Beidh suas le 20 stalla ann ar an lá le hearraí lámh-dhéanta éagsúla, bia agus deoch agus beidh Daidí na Nollag é féin ann ó 13:00 go 15:00.

Tugtar cuireadh daoibh a bheith ann le tacaíocht a thabhairt do cheardaithe is dothrádálaithe áitiúla! Micil Distillery, POTA, Futa Fata, Sliabh Candles, Cló Iar-Chonnacht, crafteria.ie agus Eva Danel.

Siamsa na Máirte

Bíonn seisiún míosúil ceoil luath sa tráthnóna den tseachtain ar bun i dteach ósta Cois Cuain sa Spidéal le cúpla mí anuas.

Seisiún é seo do dhaoine ar spéis leo ceol agus comhluadar ach nach mian leo a bheith ag dul amach ródheireanach san oíche! Ní gá a bheith an-oilte sa gceol ná a bheith id chéirseach binn le bheith san áireamh sa gcomhluadar geanúil, cairdiúil seo. Ar an gCéadaoin a bhíodh sé ar siúl go dtí seo ach is ar an dara Máirt den mhí a bheas sé ar bun feasta.

Mar sin bí Cois Cuain sa Spidéal idir 4 agus 8 ar an Máirt 10 Nollaig. Cuirfear na múrtha fáilte romhat!

Deoraíocht @ Club Leabhar Chois Fharraige

Deoraíocht, úrscéal cáiliúil Phádraic Uí Chonaire, an chéad leabhar eile a bheas á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige. Ar an gCéadaoin 11 Nollaig a thiocfaidh siad le chéile i dTigh Mholly ag 9.00 i.n. mar is iondúil.

Sa mbliain 1910 a foilsíodh an leabhar seo den chéad uair agus ní bréag a rá gurb é ceann de na saothair is tábhachtaí i gcanóin na litríochta Gaeilge é; saothar a bhaineann geit fós as léitheoirí as feabhas na scríbhneoireachta, doimhneacht na mothúchán, an léargas a thugtar ann ar chás an duine agus a chomhaimseartha is atá sé in ainneoin gur scríobhadh é os cionn céad bliain ó shin. Is minic a luaitear cosúlachtaí idir Deoraíocht agus úrscéalta móra Eorpacha ar nós l’Étranger le Camus. D’fhoilsigh Coiscéim leagan nua de, in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh i dtús na bliana seo; leagan iomlán, díreach mar a scríobh an Conaireach é. Déanadh cinsireacht ar an leabhar nuair a céadfhoilsíodh é.

Scéal faoi Éireannach a théann ar deoraíocht go Londain Shasana atá ann agus déantar cur síos ar na heachtraí a bhain dó tar éis timpiste a d’fhág ar leathchois agus ar leathláimh é. Scéal faoi choimhthíos agus faoi fhearg atá ann agus maítear gurb é a chuir tús le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge. “Tá Deoraíocht lán de scríbhneoireacht mhaith neartmhar, ón chéad duilleog go dtí an duilleog dheireanach” a scríobh Seosamh Mac Grianna ina thaobh. “Tá an scéal dearg te óna thús go dtí a dheireadh.” Den chéad uair le céad bliain mar sin tá Deoraíocht ar fáil anois gan cháim gan chinsireacht san eagrán seo ina bhfuil réamhrá an-bhreá ann ón eagarthóir.

Ní gá a bheith i do bhall den Chlub Leabhar le freastal ar an imeacht seo. Níl le déanamh agat ach bualadh isteach! Tá cóipeanna den leabhar ar fáil i siopa Chló Iar-Chonnacht i gCeardlann an Spidéil.

Tapaigh do dheis eolas a chuir ar cheann de leabhra móra na Gaeilge agus bí sa gcomhluadar liteartha i dTigh Mholly ar an 11 Nollaig.

Imeachtaí an Fhóraim

Maidin chaife

Beidh an mhaidin chaife mhíosúil a bhíonn á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar siúl ar an Aoine 6 Nollaig sa gCruiscín Lán ag 11.00 r.n.

Deis atá ann do dhaoine atá nua-thagtha isteach sa gceantar aithne a chur ar dhaoine atá seanbhunaithe ann, casadh lena chéile, aithne a chur ar a chéile agus tacú leo siúd ar mian leo tógáil ar an méid Gaeilge atá acu. Níl le déanamh ach bualadh isteach.

Ní call aithne a bheith agat ar aon duine roimh ré: beidh cupán caife nó tae agus cairde ann romhat!

Taispeántas cócaireachta Nollag

Bí linn i gCaifé Pota ar an Aoine 13 Nollaig le haghaidh Taispeántas Cócaireachta Nollag le Diarmuid Ó Mathúna. Bíonn an-tóir i gcónaí ar an taispeántas seo agus má tá suim agat ann b’fhiú go mór d’áit a chur in áirithe gan mhoill. Is féidir na ticéid a cheannach ar Eventbrite.

Ceardlann bláthanna Nollag

Is cinnte go mbeidh sciob sceab ar thicéid don cheardlann bláthanna seo le Caroline Ní Fhrighil atá á eagrú i bpáirt le Coláiste Cholmcille. Cuir glaoch ar an gColáiste ag 091 593 119 roimh an Aoine bheag seo 6 Nollaig má tá suim agat ann.

Ciorcal comhrá Inis Fáil

Tagann an Ciorcal Comhrá le chéile in Inis Fáil chuile Chéadaoin ag 6.30 i.n.

Tugtar deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh i suíomh réidh, cairdiúil. Cá nach rang atá i gceist bíonn áisitheoir i láthair le cúrsaí a stiúradh agus le cúnamh a thabhairt má theastaíonn sé.

Níl aon táille ar an gCiorcal agus ní gá clárú ach an oiread. Níl le déanamh ach bualadh isteach chugainn tráthnóna Céadaoine!

Tá sé feiliúnach do dhaoine a bhfuil meán leibhéal Gaeilge ar a laghad bainte amach acu agus cuirtear míle fáilte roimh bhaill nua.

Ranganna Gaeilge

Cuireadh na ranganna éagsúla a bhíonn á n-eagrú ag an bhFóram ar ceal le cúpla seachtain anuas ach tá siad tosaithe arís anois agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí saoire na Nollag.

Bíonn ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ar siúl sna bunscoileanna mar seo a leanas:

  • Scoil Éinne, An Spidéal: Tráthnóna Dé Luain, 7.00 i.n – 8.00 i.n.
  • Scoil na bhForbacha: Tráthnóna Dé Céadaoin, 7.00 i.n – 8.00 i.n.
  • Scoil Sailearna: Tráthnóna Déardaoin, 7.30 i.n – 8.30 i.n.

Chomh maith le ranganna do thuismitheoirí, bíonn rang ata dírithe ar an mbunleibhéal ar siúl in Inis Fáil chuile Chéadaoin ag 7.30.in.

Ranganna seit

Is i gColáiste Chonnacht a bhíonn na ranganna seit ar bun, ó 7.30 i.n go 9.00 i.n chuile Luan.

Leanfaidh siar ar aghaidh as seo go Nollaig. Tá fáilte i rith an ama roimh dhaoine nua agus ní gá go mbeadh páirtí leat.

Cló Iar-Chonnacht

Más deas leat leabhair a cheannacht mar fhéiríní Nollag, buail isteach ag siopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal; áit a bhfuil Sladmhargadh na Nollag ar siúl faoi láthair. Tá leabhair ann do chuile aois-ghrúpa agus lascaine suas le 50% le fáil.

Uaireanta oscailte breise don sladmhargadh

Beidh sladmhargadh na Nollag ar bun ag Cló Iar-Chonnacht ó 1 go 23 Nollaig, agus lascaine suas le 50% ar fáil ar réimse leabhar agus dlúthdhioscaí.

Beidh na gnáthuaireanta oscailte i bhfeidhm ó Luan go hAoine ach cuirfear uaireanta oscailte sa mbreis ar fáil i rith an tsladmhargaidh ag teacht go Nollaig.

Dé Sathairn ⁊ Dé Domhnaigh, 11 r.n. go 4 i.n:

  • 7 ⁊ 8 Nollaig
  • 14 ⁊ 15 Nollaig
  • 21 ⁊ 22 Nollaig

Is féidir úsáid a bhaint as an tseirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ar a suíomh idirlín.

Seoladh leabhair

Sáinnithe: Scéal Íobartaigh

Is í Norita Ní Chartúir a sheolfaidh an leabhar Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar G. Ó Máille i dTigh Mholly, an Lochán Beag in Indreabhán ar an Satharn, 7 Nollaig, 2024 ag a 8:00 i.n.

Naoi mbliana d’aois a bhí Peadar Ó Máille nuair a rinne duine den chléir ionsaí gnéis air agus é ar scoil ag tús na seascaidí. Tugann sé cuntas corraitheach sa leabhar Sáinnithe ar na drochghníomhartha sin agus cíorann sé an lorg agus an bhail a d’fhág na heachtraí seo air.

Tugann an scrúdú a dhéanann sé ar a scéal pearsanta féin é ar aistear, mar a rianaíonn sé an cúlra staire, socheolaíoch agus reiligiúnach a d’fhág nach éan cuideáin é i measc íobartaigh iomadúla na tréimhse sin in Éirinn – agus go deimhin roimhe agus ina dhiaidh, ach duine de dhream líonmhar atá fágtha ar an bhfaraor géar. Tugann sé aghaidh ar institiúidí agus ar eagraíochtaí éagsúla de chuid na hEaglaise agus an Stáit, atá tiomanta, mar dhea, do leas agus do shábháilteacht aos óg na hÉireann, ach is léir gurb é a ndea-cháil agus a gcuid maoine féin a chosaint an chéad chloch ar a bpaidrín, beag beann ar ghlórtha na n-íobartach agus iad ag éileamh an chóir.

Tá fáilte mhór roimh an bpobal ar fad ag an dá ócáid seo.

An ciorcal scríbhneoireachta

Ar an gcéad Déardaoin den mhí a thagann an Ciorcal Scríbhneoireachta le chéile ag 7.00 i.n. in Inis Fáil sa Spidéal, agus é mar chuspóir deis a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag scríobh go cruthaitheach i nGaeilge castáil le scríbhneoirí eile agus comhairle agus tacaíocht a thabhairt dá chéile.

Cuirfear fáilte i gcónaí roimh dhaoine is cuma cén seánra ina mbíonn siad ag scríobh.

Athraíonn Fionn sa Spás miotas Gaelach go dtí sárlaoch sa ngeamaireacht nua spáis seo ó Fíbín sa Taibhdhearc. Beidh sé ar fheabhas an tsaoil a deirtear linn!

Gradaim na Gaeltachta

D’fhógair Údarás na Gaeltachta buaiteoirí Ghradaim na Gaeltachta ag searmanas ar leith sna Forbacha Déardaoin 28 Samhain.

Bhronn an Príomhfheidhmeannach, Tomás Ó Síocháin, agus an Cathaoirleach, Siobhán Ní Ghadhra, gradaim ar eagraíochtaí agus ar choistí pobail as an sár obair atá á déanamh acu ar son phobal na Gaeltachta.

I measc na mbuaiteoirí ón taobh seo tíre bhí Cumann Forbartha an Spidéil, a bhain duais amach sa gCatagóir Togra Ealaíne. Luadh go sonrach an ceolchoirm álainn a eagraíodh sa samhriadh i gcomhar leis an Ensemble Ricciotti as an mBeilg agus an cór pobail a tháing le chéile ag seanchéibh an Spidéil don tionscadal Séideáin ar Oíche Chultúir.

Comhghairdeachas ó chroí leo!

Sióbhán Ní Ghadhra, Muireann Ní Dhroighneáin, Pádraic Mac Diarmada ⁊ Tomás Ó Siocháin

Geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc

Beidh an gheamaireacht Nollag bhliaintúil ar bun sa Taibhdhearc i nGaillimh idir 5-21 Nollaig 2024.

Tá Fionn ar ais arís sa Taibhdhearc le dul i ngleic leis an dúshlán is mó riamh aige. Ar mhaithe le cosc a chur le teacht reo dhomhanda, ní mór dó taisteal chuig cianspás agus sean-namhaid a throid! An féidir leis an pláinéad a shábháil roimh an Nollaig nó an bhfuil an ghrian imithe go deo? Leis an Draoi Bódhmall iontaofa in aice leis, ní mór d’Fhionn agus don chriú aghaidh a thabhairt ar a n-eagla roimh an anaithnid mhór agus an eachtra is mó a bhí aige go dtí seo a mhaireachtáil!

Athraíonn Fionn sa Spás miotas Gaelach go dtí sárlaoch sa ngeamaireacht nua spáis seo ó Fíbín sa Taibhdhearc. Beidh sé ar fheabhas an tsaoil a deirtear linn!

Ticéid:

  • €20 ar pháiste móide táille áirithinte.
  • €18 ar dhuine fásta móide táille áirithinte.
  • €60 Ticéid Clainne (4 duine) móide táille áirithinte.

Tá ticéid le fáil ó Ticket Tailor.

Fógraí poist

Oibrí cistine / lónadóireachta

Tá Comharchumann Shailearna Teo., ag lorg iarratais do phost lánaimseartha nó do dhá phost páirtaimseartha mar Oibrí Cistine i Mol Caife Shailearna (Coffee Hub).

Ní mór d’iarrthóirí taithí cócaireachta/lónadóireachta a bheith acu. Ní mór cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia ⁊ Sláinteachas (HACCP) a bheith ag an iarrthóir nó a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach.

Beidh deis meantóireacht san earnáil ullmhú bia a chur ar fáil más gá don té a cheapfar sa bpost.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Tabharfar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig; oifig@cst.ie nó glaoch ar 091 399 199.

Ba cheart litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh roimh an 4:00 i.n. Dé hAoine 13 Nollaig, 2024 chuig:

An Bainisteoir,
Comharchumann Shailearna Teo.,
Na hAille,
Indreabhán,
Co na Gaillimhe.

Ambasadóir Cultúrtha

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg ambasadóir cultúrtha ó Chonamara do chlár malartaithe 3 mhí in Albain Nua i gCeanada.

Cainteoir líofa Gaeilge 18 + bliain d’aois, atá gníomhach i saol na Gaeilge agus i saol an chultúir atá ag teastáil.

Is é 13 Nollaig 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratais. Seol d’iarratas chuig afp@udaras.ie.

Deis Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta i bPáras

Tá Ealaín na Gaeltachta ag tacú le cónaitheacht mhíosa d’ealaíontóir atá ag maireachtáil agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa nGaeltacht sa Centre Culturel Irlandais, i bPáras. Tabharfaidh an deis seo ardán uathúil d’ealaíontóirí a gcuid cruthaitheachta a fhorbairt i dtimpeallacht idirnáisiúnta spreagúil.

Tá an glaoch ar iarratais oscailte anois agus dúnfar é ar an Mháirt, 14 Eanáir 2025 ag 5 i.n. Beidh na cónaitheachtaí ar siúl idir Meán Fómhair 2025 agus Meitheamh 2026.

Tá an chónaitheacht dírithe ar ealaíontóirí atá ag obair trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacs a gcleachtas ealaíne. Ní mór d’iarratasóirí aird a tharraingt ar an tionchar a bhíonn ag a gcleachtas ar bhuanú na Gaeilge sa phobal Gaeltachta.
Is deis luachmhar í seo d’ealaíontóirí le ceangal a dhéanamh le cultúir eile agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta.

Teagascóirí ⁊ Cúntóirí Ranga: Cuisle

Tá clár Cuisle de cuid Ealaín na Gaeltachta i gConamara ag cur painéal teagascóirí agus cúntóirí ranga le chéile don bhliain nua 2025.

Más ceoltóir, amhránaí nó damhsóir ar an sean-nós thú, agus má tá suim agat a bheith ag obair leo seol teachtaireacht chuig cuisle@udaras.ie.

Comhordaitheoir Tograí Turasóireachta

Tá post, atá lonnaithe i gceantar na Gaillimhe, á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta mar Chomhordaitheoir Togra ar bhunús conartha sainchuspóra suas le 2 bhliain. Beidh an Comhordaitheoir Togra freagrach as comhordú a dhéanamh ar chlár oibre ST3ER.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie faoin 13 Nollaig 2024.

Oifigeach Pleanála Teanga do Cheantar na nOileán

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga do Cheantar na nOileán, a fheidhmíonn faoi bhranda Glór na nOileán, á thairiscint ag Comhairle Ceantar na nOileán CTR.

Is post ar chonradh dhá bhliain atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comhairle Ceantar na nOileán CTR. agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí Chomhairle Ceantair na nOileán CTR.

Tá an plean teanga don LPT le fáil má chuirtear glaoch ar 091 551 922 agus tá na sonraí poist a théann leis an phost le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Oifigeach Forbartha Chomhairle Ceantair na nOileán.

Seoltar iarratas, mar aon le Curriculum Vitae, roimh 6ú Nollaig 2024 chuig:

Oifigeach Forbartha,
Comhairle Ceantar na nOileán CTR.
Tír an Fhia,
Leitir Móir,
Gaillimh,
H91 DWV1.

Teil: 091 551 922.
Ríomhphost: comhairlecnanoilean@gmail.com.

Iarrthóir do thoghchán Sheanad Éireann

Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh duine a ainmniú do thoghchán Sheanad Éireann a bheidh ina gcrann taca don Ghaeilge agus a mbeidh cosaint agus forbairt na Gaeilge mar thosaíocht acu. Tá tús curtha anois ag an bhForas le próiseas oscailte le hiarrthóir a ainmniú do thoghchán an tSeanaid.

Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge duine a roghnú anois le seasamh sa toghchán le hionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge, agus chuige sin, is mian leo léirithe spéis a lorg ó dhaoine ar spéis leo seasamh sa toghchán don Seanad a chomhlíonfadh na critéir seo a leanas:

  1. Taithí 5 bliana ar bheith ag plé le gnéithe d’fhorbairt na Gaeilge.
  2. Saineolas ar fhorbairt na Gaeilge.
  3. Taithí ar ionadaíocht a dhéanamh don Ghaeilge.
  4. A bheith toilteanach gan ach Gaeilge a úsáid i Seanad Éireann.MIs é is mian le Foras na Gaeilge go mbeidh ionadaí neamhspleách i Seanad Éireann a mbeidh an Ghaeilge ina tosaíocht acu thar aon tosaíocht eile, agus a dhéanfaidh ionadaíocht láidir ar son na teanga.

Le spéis a léiriú agus le foirm iarratais a iarraidh, is cóir r-phost a sheoladh chuig: skeating@forasnagaeilge.ie.

Is é meán lae (12:00) 06 Nollaig 2024 an dáta deiridh a ghlacfar le léirithe spéise.