Máire Úna

Máire Úna Ní Fhátharta

Is cráite atá muid ón 12 Samhain nuair a tuigeadh go raibh ár gcomhghleacaí dil, Máire Úna Ní Fhátharta, ar iarraidh ó chuaigh sí ag snámh an mhaidin sin ar a bealach chun na hoibre mar ab iondúil léi a dhéanamh ó thosaigh sí ag obair linn ar an 19 Lúnasa.

Bhí muid féin sa bhFóram agus sibhse i bpobal Chois Fharraige ag tosú ag cur aithne ar Mháire Úna agus ise ag teacht isteach ar a post nua agus ag cur eolas ar an bPlean Teanga, ar na beartais agus ar na modhanna oibre atá i bhfeidhm. Ba léir dúinne agus daoibhse freisin an dúthracht agus an dáiríreacht a bhain léi, an díogras a bhí aici i leith na Gaeilge agus an fonn a bhí uirthi a bheith gníomhach i mbuanú na Gaeilge sa bpobal inar tógadh i féin.

Bean í Máire a raibh go leor curtha i gcrích aici sular thosaigh sí ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCois Fharraige. Le heolaíocht a chuaigh sí ar dtús. Bhain sí céim eolaíochta amach in Ollscoil Chorcaí agus bhíodh sí ag obair sa saotharlann uisce i Ros Muc. Ansin, chinn sí ar athrú gairme agus bhain cáilíocht amach mar bunmhúinteoir i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath. Tar éis roinnt blianta ag teagasc sa mbaile, bhuail fonn taistil í agus chaith tréimhse ag teagasc i gCatar agus i mbun taistil.

Faraor, tharla an tubaiste. Sciobadh Máire ónar shíl sí a raibh i ndán di agus athraíodh an saol dá muintir, dá páirtí agus dá cairde go háirid.

Tá coicís dhian caite againn ach ina ainneoin sin, is ardú croí agus meanmna an chaoi ar tháinig daoine le chéile le tacaíocht den uile chineál a chur ar fáil, lena chinntiú nach raibh muintir Uí Fhátharta gan chúnamh agus iad amuigh de ló is d’oíche le go dtabharfaí Máire abhaile.

Déanann muid comhbhrón, go háirid, lena hathair agus a máthair, Johnny agus Peig, lena páirtí, Dan, lena deirfiúracha, Fionnuala agus Maighréad, agus lena deartháireacha, Pádraic, Stiofán is Eoghan. B’ eiseamláireach iad san iompar stuama, dínitiúil, grámhar a léirigh siad agus iad faoi thromualach na trioblóide a tháinig aniar aduaidh orthu an lá léanmhar sin. Cásaíonn muid a bás leis an bpobal ar fad. Chuaigh imeacht Mháire i gcion go mór ar dhaoine sa gceantar anseo agus i bhfad uainn.

Tá muide sa bhFóram an-bhuíoch as na teachtaireachtaí tacaíochta agus comhbhróin a seoladh chugainn. Is mór againn iad.

Go raibh braon de dhrúcht na bhFlaitheas agus deoch as tobar na nGrás ag Máire chaoin agus go raibh sólás ag na daoine ar fad atá faoi bhrón ina diaidh.

Joe Sheáinín Ó Tuairisg

Bhailigh pobal Chois Fharraige isteach i Séipéal an Chnoic Dé hAoine seo caite le slán a fhágáil le Seosamh Ó Tuairisg nó Joe Sheáinín mar ab fhearr aithne air. Ní raibh solas ná teas ná callairí ag obair sa séipéal de bharr an ghearradh cumhachta a tharla an lá roimhe, rud a d’fhág ceantar Chois Fharraige gan leictreachas. Meabhraíodh do dhaoine gur leictreoir ab ea Joe Sheáinín agus gur thráthúil nach raibh aon leictreachas ann agus a shaol á cheiliúradh.

Chaith Joe roinnt blianta ag obair le BSL in Ard na Croise le linn na seascaidí, ag foghlaim na ceirde, sular fhill sé ar Chonamara ag deireadh na seascaidí le post a thógáil i gCarna le Gael Linn. Thóg sé féin is a bhean Hannah teach ar an Lochán Beag, a bhaile dúchais, áit ar thóg siad ochtar clainne.

Sna blianta sin bhí sé ar dhuine de na fíréin a chuir tús le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara agus bhí sé ina chathaoirleach ar an nGluaiseacht ar feadh tréimhse ag tús na seachtóidí. Cuireadh a chuid scileanna mar leictreoir ag obair aimsir na Cásca 1970, le linn don Ghluaiseacht tabhairt faoi Shaor Raidió Chonamara a chur ar an aer i Ros Muc agus ar an gCeathrú Rua. Ní raibh mórán eile sa nGluaiseacht a raibh na scileanna teicniúla a theastaigh aige.

Sheas sé sa toghchán i mí Feabhra 1973, le tacaíocht ó Ghluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta, agus é mar aidhm aige aird a tharraingt ar na bun-éilimh a bhí ag an nGluaiseacht maidir le hÚdarás cumhachtach, daonlathach a bhunú don Ghaeltacht; eagraíocht a bheadh sách cumhachtach le dul i ngleic leis na fadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta a bhí ag an nGaeltacht.

Chaith sé formhór a shaol oibre ag obair sa gColáiste Réigiúnda nó an GMIT mar a tugadh air ina dhiaidh sin. Mar a dúirt a mhac Lochlainn ag Aifreann na sochraide, bhí Joe in ann craiceann a chur ar scéal faoi eachtra fánach agus ba bhreá le daoine a chomhluadar.

Is méala mór a bhás dá bhean Hannah agus dá chlann: Gormfhlaith, Lochlainn, Seathrún, Sorcha, Murchadh, Muireann, Laoise agus Síofra, a gcéilí agus a bpáirtithe siúd, chomh maith lena gharchlann, atá faoi bhrón ina dhiaidh. Suaimhneas síoraí go raibh aige.

Sladmhargadh sa gCeardlann (1):
An Spailpín Fánach

Beidh sladmhargadh ar siúl i Siopa an Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil ón gCéadaoin 27ú Samhain go dtí an Domhnach 1ú Nollaig. Beidh lascaine idir 15% agus 50% ar fáil ar na baill éadaigh ar fad atá sa siopa.

Tá roinnt dearaí nua ag an Spailpín ar na geansaithe agus t-léinte i mbliana, agus go leor geansaithe Nollag ann do dhaoine fásta agus do ghasúir. Tá réimse breá de chártaí Nollag le fáil sa siopa chomh maith.

Sladmhargadh sa gCeardlann (2):
Cló Iar-Chonnacht

Beidh Sladmhargadh Nollag Chló Iar-Chonnacht ar bun freisin, sa siopa, atá ó thuaidh den Cheardlann, agus ina shiopa ar-líne, ón 1 go dtí 23 Nollaig. Cuirfear lascaine suas le 50% ar fáil ar réimse leabhar agus ceoil sa siopa.

Beidh uaireanta oscailte breise ann i rith mhí na Nollag. Beidh an siopa ar oscailt ar an Satharn agus ar an Domhnach ón 11 r.n. go dtí a 4 i.n. i rith an tsladmhargaidh.

Tá seirbhís cliceáil agus bailigh ar fáil ar an suíomh idirlín. Roghnaigh click and collect / cliceáil agus bailigh agus tú ag seiceáil amach ar an suíomh.

Imeachtaí sa Seanscoil

Oiliúint do hheicneoirí

Tá Amharclann Chois Fharraige ag eagrú dhá chúrsa an deireadh seachtaine seo a rachaidh go mór chun tairbhe d’eagrais a bhíonn ag léiriú ceolchoirmeacha agus seóanna sa Seanscoil. Cúrsaí iad seo atá dírithe ar na criúanna teicniúla a bhíonn mar chrann taca ag aon léiriú stáitse anois. Beidh cúrsa StagePass ar bun idir 10.00 agus 4.30 i.n ar an Satharn. Clúdófar ábhair mar Dualgas Cúraim agus Freagrachtaí Dlíthiúla, Measúnú Riosca Pearsanta, Láimhsiú, Sábháilteacht, Rochtain, Ealú, Stóráil, Rigeáil agus Obair ar Airde.

Cúrsa maidir le Córais Fuaime agus Soilsithe a bheas ann ar an Domhnach, idir 9.00 agus 5.00 i.n.

€20 an costas ach ní mór clárú roimh ré. Tá chuile eolas le fáil ag amharclann@cst.ie nó glaoch a chur ar 091 399 199.

Margadh na Nollag

Beidh Margadh na Nollag ar siúl in Amharclann Chois Fharraige ar an Domhnach 08/12/24, ón 11:00 go dtí an 16:00.

Beidh suas le 20 stalla ann ar an lá le hearraí lámh-dhéanta éagsúla, bia agus deoch agus beidh Daidí na Nollag é féin ann ó 13:00 go 15:00.

Tugtar cuireadh daoibh a bheith ann le tacaíocht a thabhairt do cheardaithe is dothrádálaithe áitiúla! Micil Distillery, POTA, Futa Fata, Sliabh Candles, Cló Iar-Chonnacht, crafteria.ie agus Eva Danel.

Seoltaí Leabhar

Seolfaidh Cló Iar Chonnacht dhá leabhar an tseachtain seo chugainn a bhfuil dlúth-bhaint acu le Cois Fharraige agus a gcuirfear an-spéis iontu.

An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Seolfaidh Breandán Feiritéar An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, an triú leabhar ó pheann Rónáin Mhic Con Iomaire, in ósta Réalt na Maidne ar an gCeathrú Rua ar an Déardaoin, 5 Nollaig 2024 ag 7:00 i.n.

Tháinig dream óg le chéile i gConamara in 1969 le tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag ágóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus ar a dteanga. Insíonn an leabhar seo scéal corraitheach na Gluaiseachta, idir bhunú stáisiún raidió mídhleathach, ionsaithe ar pholaiteoirí, seilbh glactha ar fhoirgnimh rialtais, círéibeacha le Gardaí, feachtais toghchánaíochta, buamáil agus máirseáil.

Tháinig na hathruithe ba shuntasaí a tharla i dtaobh na Gaeltachta riamh as an agóidíocht sin. Saolaíodh Raidió na Gaeltachta, bunaíodh Údarás na Gaeltachta, athraíodh féile an Oireachtais ó bhun agus cuireadh an síol do TG4. Crochadh comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sna Gaeltachtaí agus spreagadh gníomhartha pobail trí chomharchumainn. Seo anois an chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a d’athraigh an Ghaeltacht ó bhun á inseacht.

Sáinnithe: Scéal Íobartaigh

Is í Norita Ní Chartúir a sheolfaidh an leabhar Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar G. Ó Máille i dTigh Mholly, an Lochán Beag in Indreabhán ar an Satharn, 7 Nollaig, 2024 ag a 8:00 i.n.

Naoi mbliana d’aois a bhí Peadar Ó Máille nuair a rinne duine den chléir ionsaí gnéis air agus é ar scoil ag tús na seascaidí. Tugann sé cuntas corraitheach sa leabhar Sáinnithe ar na drochghníomhartha sin agus cíorann sé an lorg agus an bhail a d’fhág na heachtraí seo air.

Tugann an scrúdú a dhéanann sé ar a scéal pearsanta féin é ar aistear, mar a rianaíonn sé an cúlra staire, socheolaíoch agus reiligiúnach a d’fhág nach éan cuideáin é i measc íobartaigh iomadúla na tréimhse sin in Éirinn – agus go deimhin roimhe agus ina dhiaidh, ach duine de dhream líonmhar atá fágtha ar an bhfaraor géar. Tugann sé aghaidh ar institiúidí agus ar eagraíochtaí éagsúla de chuid na hEaglaise agus an Stáit, atá tiomanta, mar dhea, do leas agus do shábháilteacht aos óg na hÉireann, ach is léir gurb é a ndea-cháil agus a gcuid maoine féin a chosaint an chéad chloch ar a bpaidrín, beag beann ar ghlórtha na n-íobartach agus iad ag éileamh an chóir.

Tá fáilte mhór roimh an bpobal ar fad ag an dá ócáid seo.

Amhráin Tigh Phádhraicín

Beidh seisiúin amhránaíochta ar bun i dTigh Phádraicín ar an Domhnach beag seo, an chéad lá de mhí na Nollag.

Bíonn cruinniú breá amhránaithe ag na seisiúin seo, idir amhránaithe áitiúla agus amhránaithe as baile isteach. Seo an chéad teacht le chéile ó bhí an tOireachtas ann agus cá bhfios nach gcloisfí corr-bhuaiteoir an Domhnach seo?

Ag 8.00 i.n a thosaíonn na himeachtaí. Is é Seán Ó Gráinne a bhíonn ag stiúradh na hoíche. Beidh míle fáilte romhat.

Ábhair Tráchtairí Spóirt

Comhghairdeachas mór le daltaí Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal a thug leo na príomhdhuaiseanna i gComórtas Tráchtaireachta Gael Linn 2024 don dara bliain as a chéile.

Bhronn Jarlath Burns, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, na duaiseanna ar na daltaí ag ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite. Is é Oisín Ó Neachtain a thug leis buaicghradam náisiúnta an chomórtais don iarracht ab fhearr as iontrálacha ar fad na bliana seo. D’éirigh le Róise Ní Scanláin an chéad áit a bhaint amach i rannóg na scoileanna dara leibhéal agus bhuaigh Mártan Ó Cualáin an dara háit sa rannóg chéanna.

Is maith an oidhe orthu é agus go maire siad a ngradaim. Beidh muid ag súil le hiad a chloisteáil ar na haerthonnta amach anseo!

Gradam do Cholm

Comhghairdeachas le Colm Seoighe as Ros an Mhíl, ar bronnadh Gradam an Dr H. H. Stewart air as feabhas a chuid torthaí sa nGaeilge ag searmanas bronnta Gradam in Ollscoil na Gaillimhe le deireanas.

Imeachtaí an Fhóraim

Maidin chaife

Beidh an mhaidin chaife mhíosúil a bhíonn á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar siúl ar an Aoine 6 Nollaig sa gCruiscín Lán ag 11.00 r.n.

Deis atá ann do dhaoine atá nua-thagtha isteach sa gceantar aithne a chur ar dhaoine atá seanbhunaithe ann, casadh lena chéile, aithne a chur ar a chéile agus tacú leo siúd ar mian leo tógáil ar an méid Gaeilge atá acu. Níl le déanamh ach bualadh isteach.

Ní call aithne a bheith agat ar aon duine roimh ré: beidh cupán caife nó tae agus cairde ann romhat!

Ranganna Gaeilge

Cuireadh na ranganna éagsúla ar athló le cúpla seachtain anuas ach tá siad ag tosú in athuair agus leanfaidh siad ar aghaidh as seo go dtí saoire na Nollag.
Bíonn ranganna Gaeilge do thuismitheoirí sna bunscoileanna ar siúl mar seo a leanas:

  • Scoil Éinne, An Spidéal: Dé Luain 7.00-8.00 i.n.
  • Scoil na bhForbacha: Dé Céadaoin 7.00-8.00 i.n.
  • Scoil Sailearna: Déardaoin 7.30-8.30 i.n.

Bíonn ranganna bun leibhéil agus ard leibhéil agus Ciorcal Comhrá ar siúl in Inis Fáil chomh maith. Tuilleadh eolais le fáil ó Mháire ag 083 010 6294.

Ranganna seite

Is i gColáiste Chonnacht a bhíonn na ranganna seite ar siúl ón 7.30-9.00 i.n. chuile Luan agus leanfaidh siar ar aghaidh go dtí saoire na Nollag. Tá buíon breá i mbun damhsa cheana féin ach tá fáilte roimh dhaoine nua chomh maith. Ní gá go mbeadh leath-bhádóir leat, cuirfear páirtí damhsa ar fáil duit!

Cócaireacht don Nollaig

Mar a rinne sé le cúpla bliain anois, cuirfidh Diarmuid Ó Mathúna comhairle ar fáil maidir le cócaireacht don Nollaig.

Beidh Taispeántas Cócaireachta Nollag ar bun sa bPOTA ar an Aoine 13 Nollaig ag 19.00.

Ní mór ticéid a chur in áirithe roimh ré ag Eventbrite.

Oíche thaithneamhach, chairdiúil a bhíonn anseo, gan trácht ar na blaisíní breátha a bhíonn ar fáil.

Geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc

Beidh an gheamaireacht Nollag bhliaintúil ar bun sa Taibhdhearc i nGaillimh idir 5-21 Nollaig 2024.

Tá Fionn ar ais arís sa Taibhdhearc le dul i ngleic leis an dúshlán is mó riamh aige. Ar mhaithe le cosc a chur le teacht reo dhomhanda, ní mór dó taisteal chuig cianspás agus sean-namhaid a throid! An féidir leis an pláinéad a shábháil roimh an Nollaig nó an bhfuil an ghrian imithe go deo? Leis an Draoi Bódhmall iontaofa in aice leis, ní mór d’Fhionn agus don chriú aghaidh a thabhairt ar a n-eagla roimh an anaithnid mhór agus an eachtra is mó a bhí aige go dtí seo a mhaireachtáil!

Athraíonn Fionn sa Spás miotas Gaelach go dtí sárlaoch sa ngeamaireacht nua spáis seo ó Fíbín sa Taibhdhearc. Beidh sé ar fheabhas an tsaoil a deirtear linn!

Ticéid:

  • €20 ar pháiste móide táille áirithinte.
  • €18 ar dhuine fásta móide táille áirithinte.
  • €60 Ticéid Clainne (4 duine) móide táille áirithinte.

Tá ticéid le fáil ó Ticket Tailor.

Deoraíocht @ Club Leabhar Chois Fharraige

Deoraíocht, úrscéal cáiliúil Phádraic Uí Chonaire, an chéad leabhar eile a bheas á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige. Ar an gCéadaoin 11 Nollaig a thiocfaidh siad le chéile i dTigh Mholly ag 9.00 i.n. mar is iondúil.

Sa mbliain 1910 a foilsíodh an leabhar seo den chéad uair agus ní bréag a rá gurb é ceann de na saothair is tábhachtaí i gcanóin na litríochta Gaeilge é; saothar a bhaineann geit fós as léitheoirí as feabhas na scríbhneoireachta, doimhneacht na mothúchán, an léargas a thugtar ann ar chás an duine agus a chomhaimseartha is atá sé in ainneoin gur scríobhadh é os cionn céad bliain ó shin. Is minic a luaitear cosúlachtaí idir Deoraíocht agus úrscéalta móra Eorpacha ar nós l’Étranger le Camus. D’fhoilsigh Coiscéim leagan nua de, in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh i dtús na bliana seo; leagan iomlán, díreach mar a scríobh an Conaireach é. Déanadh cinsireacht ar an leabhar nuair a céadfhoilsíodh é.

Scéal faoi Éireannach a théann ar deoraíocht go Londain Shasana atá ann agus déantar cur síos ar na heachtraí a bhain dó tar éis timpiste a d’fhág ar leathchois agus ar leathláimh é. Scéal faoi choimhthíos agus faoi fhearg atá ann agus maítear gurb é a chuir tús le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge. “Tá Deoraíocht lán de scríbhneoireacht mhaith neartmhar, ón chéad duilleog go dtí an duilleog dheireanach” a scríobh Seosamh Mac Grianna ina thaobh. “Tá an scéal dearg te óna thús go dtí a dheireadh.” Den chéad uair le céad bliain mar sin tá Deoraíocht ar fáil anois gan cháim gan chinsireacht san eagrán seo ina bhfuil réamhrá an-bhreá ann ón eagarthóir.

Ní gá a bheith i do bhall den Chlub Leabhar le freastal ar an imeacht seo. Níl le déanamh agat ach bualadh isteach! Tá cóipeanna den leabhar ar fáil i siopa Chló Iar-Chonnacht i gCeardlann an Spidéil.

Tapaigh do dheis eolas a chuir ar cheann de leabhra móra na Gaeilge agus bí sa gcomhluadar liteartha i dTigh Mholly ar an 11 Nollaig.

Bigil ar son na Pailistíne

Bíonn bigil ar son mhuintir na Pailistíne ar bun sa Spidéal gach Céadaoin ó 6.30-7.00 i.n . Seo pictiúr ón bhigil dheireannach. Bailíonn an slua ag dealbh Mháirtín Uí Chadhain ar imeall an tsráidbhaile. Tá fáilte roimh chách.

Postanna atá ar fáil

Bainisteoir: Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn

Is eagraíocht ionadaíoch dheonach do Phobal Mhaigh Cuilinn agus do bhreis agus 50 cumann sa bparóiste é Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn. Is é príomhsprioc an Chomhlachta ná forbairt agus bainistiú a dhéanamh ar Ionad Pobail agus Fiontraíochta ar chostas c. €8.6 milliún ar shuíomh ag an gComhlacht i gCoill Chill Ráinne.

Tá duine cumasach, spriocdhírithe agus tiomanta á lorg acu a bhfuil fuinneamh agus cruthaitheacht ann le bheith mar bhainisteoir acu. Tá scileanna láidre idirphearsanta de dhíth agus is gá go mbeadh cumas ag an té a cheapfar dúshláin a shárú agus tosaíochtaí éagsúla a láimhseáil agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin.

Seol litir chlúdaigh agus CV chuig Bord Stiúrtha Fhorbairt Phobal Mhaigh Cuilinn ag peadar@cnag.ie le ‘Bainisteoir’ sa gcur síos faoin 5.00 i.n. ar an Aoine 6 Nollaig 2024.

Oifigeach Pleanála Teanga: Ceantar na nOileán

Tá Comhairle Cheantar an nOileán sa tóir ar Oifigeach Pleanála Teanga. Conradh dhá bhliain atá i gceist agus beidh an té a cheapfar freagrach as feidhmiú PhleanTeanga Ghlór na nOileán.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le hardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh, le cáilíocht ábhartha triú leibhéal sa bPleanáil Teanga nó in ábhar gaolmhar agus duine a bhfuil tuiscint mhaith aige/aici ar phleanáil teanga, forbairt phobail agus plé le coistí/struchtúir pobail.

Seol iarratas mar aon le CV chuig Oifigeach Forbartha, Comhairle Ceantar na nOileán, CTR, Tír an Fhia, Leitir Móir faoin 6 Nollaig 2024. Eolas breise le fáil ó comhairlenanoilean@gmail.com nó 091 551 922.

Ciorcal Scríbhneoireachta

Tiocfaidh an Ciorcal Scríbhneoireachta le chéile arís Déardaoin seo chugainn 5 Nollaig ag 7.00 i.n.

Is in Inis Fáil i srádbhaile an Spidéil a thagann an Ciorcal le chéile, uair in aghaidh na míosa, agus é mar chuspóir deis a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag scríobh go cruthaitheach i nGaeilge castáil le scríbhneoirí eile agus comhairle agus tacaíocht a thabhairt dá chéile. Cuirfear fáilte romhat fiú mura bhfuil tú ach i dtús do thurais cruthaitheachta.

Má tá eolas breise uait, glaoigh ar Mháire ag 083 010 6294.

An Chéad Sneachta

Tháinig an geimhreadh!

Cill Éinde faoi bhrat snaeachta
Grianghraf: Joanne Ní Mháille