Orla Ní Fhinneadha ⁊ Domhnall Ó Braonain
Buaiteoirí Choirn na mBan is na bhFear

Oireachtas ’24

Bhí slua breá as Cois Fharraige, idir iomaitheoirí agus lucht freastail, ag an Oireachtais i gCill Airne an tseachtain seo caite.

Tuairiscíodh i Scéal, Scéal, Scéal… na seachtaine seo caite faoi na buaiteoirí sna comórtais liteartha agus na meán agus tá liosta mór buaiteoirí le roinnt libh an tseachtain seo freisin.

Bronnadh duaiseanna ar dhaoine sa bpobal seo ó Throscaí Thoir go Ros an Mhíl agus tá moladh tuillte acu féin agus ag na hiomaitheoirí nár thug duais abhaile leo an babhta seo. Is údar mórtais dúinn ar fad sibh. Níl an t‑aimhreas is lú ann ach go bhfuil aos óg bríomhar, cumasach, ildánach inár measc anseo i gCois Fharraige agus b’ardú croí agus meanmna iad a chloisteáil agus a fheiceáil sna comórtais ardáin; ag amhránaíocht, ag aithriseoireacht, ag inseacht scéalta, is i mbun lúibíní, agallaimh bheirte agus ag damhsa.

B’álainn oiread sin acu a fheiceáil ag dul thart ag caitheamh a gcuid boinn go bródúil!

Caithfear aitheantas ar leith a thabhairt do bhaile an Tí Mhóir agus dhá chorn agus an dara duais ó chomórtais sean-nóis i dtrí theach ar an mbaile sin ó Oireachtas na bliana seo. Bronnadh Corn na bhFear ar Dhomhnall Ó Braonáin, bronnadh an corn do na fir os cionn 35 ar Lúc Ó Riada agus ‘sí Caroline Ní Chonaire a thug léi an dara duais i gCorn na mBan. Ba í Orla Ní Fhinneadha as an gCloich Mhóir a thug léi Corn na mBan i mbliana. Thug Sadie, iníon Órla, duais léi freisin dá dán Mo Phuisín! Ba Í Neasa Nic Dhonncha as Ros an Mhíl a thug léi an corn do mhná faoi 35 bliain agus b’í Damhnait Ní Fhátharta as na hAille a bhí sa dara háit. Bhí Jamie Ó Concheanainn as Baile na hAbhann sna Forbacha sa dara háit do na fir faoi 35.

Nach é Máirtín Pheaits Ó Cualáin a bheadh bródúil as an líon dá shliocht a bhí chomh gníomhach i gcomórtais éagsúla? Nach éachtach go raibh ceathrar díobh san iomaíocht do chorn Uí Riada arís i mbliana: a iníon Caitlín, a mhac Mícheál agus Adhna agus Domhnall, iníon agus mac le Caitlín.

Clann eile nach raibh nóiméad le spáráil acu le linn an Oireachtais ná muintir Uí Neachtain as an gCré Dhubh agus dhá ghlúin acu as trí theaghlach páirteach in iliomad comórtas agus neart duaiseanna ar iompar abhaile acu freisin.

Is fiú a lua go bhfuil teacht ar thaifeadadh de riar de chomórtais na ndaoine fásta go háirid ar sheinnteoir TG4. Tá go leor d’iomaitheoirí agus buaiteoirí faoi 18 le feiceáil ar an gclár Lár Stáitse á chur i láthair ag Orla Ní Fhinneadha, agus tá na príomhchomórtais amhránaíochta agus damhsa mar aon leis na comórtais lúibíní, amhráin saothair, agallaimh bheirte agus sceitseanna ar fáil freisin. Nach ngiorróidh seo an geimhreadh go breá dúinn?

Buaiteoirí Oireachtais ’24 as Cois Fharraige

Comórtas 1: Damhsa ar an Sean-Nós do dhaoine faoi 9 (B)

An Chéad Duais: Corn agus Bonn Airgid

Éile Rós Ní Cheallaigh, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 1: Damhsa ar an Sean-Nós do dhaoine atá 15 (F)

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Ruadhán Ó Fátharta, F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe

Comórtas 2: Amhránaíocht ar an Sean-Nós do dhaoine atá 10(E)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Jimmy Ó Curraoin, Minna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 2: Amhránaíocht ar an Sean-Nós do dhaoine atá 11(F)

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Laoise Ní Neachtain, Cré Dhubh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Comórtas 2: Amhránaíocht ar an Sean-Nós do dhaoine atá idir 12-13 (G)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Clíodhna Ní Neachtain, Cré Dhubh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Comórtas 3: Aithriseoireacht do dhaoine atá idir 3-5 (A)

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Sadie Ní Cheallaigh, An Chloich Mhóir, Co. na Gaillimhe

Comórtas 3: Aithriseoireacht (do dhaoine atá idir 6-7( B)

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Aela Dunworth, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 3: Aithriseoireacht do dhaoine atá idir 8-9 (C)

An Chéad Duais: Bonn airgid

Rian Ó Conghaile, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Ciara Ní Mháille, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 6: Agallamh Beirte do dhaoine atá idir 4-8 ( A)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Síofra Juidín Ní Fhlatharta & Ciara Ní Mháille, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 6: Agallamh Beirte (do dhaoine atá idir 8-9 (B)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Saorlaith Ní Dhubhghaill & Seoidín Ní Chualáin, Troscaigh Thoir, Bearna, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Saoirse Ní Neachtain & Éle Nic Conaill, Cois Fharraige, Conamara, Co. na Gaillimhe

Comórtas 6: Agallamh Beirte do dhaoine atá idir 9-10 ( C)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Laoise Nic Éinrí & Tiarnán Ó Gionnáin, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Bonn cré-umha

Ada Ní Thuairisg & Holly Ní Dhonnacha, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 6: Agallamh Beirte do dhaoine atá 12 (E)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Pádraig Ó Coisdealbha & Ultán Mac Conaill, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 7: Lúibíní do dhaoine atá idir 6-11 (A)

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Dhónail Uí Liatháin agus Boinn óir

Ada Ní Thuairisg & Holly Ní Dhonnacha, f/ch Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 7: Lúibíní do dhaoine atá idir 12-15(C)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Cuán Canny & Tadhg Ó Neachtain, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 10: Ceol Beirte do dhaoine atá idir 14-17 (C)

An Chéad Duais: Corn an Oireachtais & Bonn airgid

Déithín Ní Fhátharta & Dearbhail Nic Dhonncha, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 6: Scéalaíocht – Príomhchomórtas

An Dara Duais: Bonn cré-umha agus €300

Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBrabhach, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 7: Agallamh Beirte

An Chéad Duais: Trófaí Fhoras na Gaeilge, Boinn airgid agus €400

Ruairí Mac Con Iomaire & Máirín Nic Con Iomaire, Baile an tSléibhe, Ros an Mhíl, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Boinn chré-umha agus €300

Mícheál Ó Cúaláin & Caitlín Ní Chualáin, Cill Rónáin, Inis Mór/ Teach Mór Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Duais Speisialta: €300 do bheirt nár bhain ceachtar acu duais sa chomórtas seo cheana agus Boinn chré-umha

Brian Ó Cúláin & Domhnall Ó Braonáin, Cill Rónáin, Inis Mór/ Teach Mór Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 8: Sceitse

An Dara Duais: Boinn chré-umha & €300

Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Comórtas 13: Comórtas Amhránaíochta Traidisiúnta do Ghrúpaí

An Chéad Duais: Boinn airgid & €500

Liadan Canny, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 15: Comórtas Cáilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós d’fhir (os cionn 35)

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara, Bonn airgid & €300

Lúc Ó Riada, Teach Mór, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200

Páid Ó Neachtain, Cré Dhubh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Comórtas 16: Comórtas Cáilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós do mhná (faoi 35)

An Chéad Duais: Cearnaire Sheáin Óig Uí Thuama, Bonn airgid & €300

Neasa Nic Dhonncha, Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200

Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 17: Comórtas Cáilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós d’fhir (faoi 35)

An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200

Jamie Ó Concheanainn, Baile na hAbhann, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Comórtas 18: Sean-Nós na mBan

An Chéad Duais: Corn Phádraig Mhic an Rí, Bonn airgid & €500

Orla Ní Fhinneadha, An Chloich Mhóir, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: Bonn cré-umha & €300

Caroline Ní Chonaire, An Teach Mór, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Comórtas 19: Sean-Nós na bhFear

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Chon Ceanainn, bonn airgid & €500

Domhnall Ó Braonáin, Teach Móir Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Craobhchomórtas an Domhain sa Liathróid Láimhe

Comhghairdeas ó chroí le Ciana Ní Churraoin as Cumann Mhicheál Breathnach, a bhuaigh Craobhchomórtas na mBan sa liathróid láimhe i bPáirc an Chrócaigh le deireanas.

Fuair sí an ceann is fearr ar Mhartina Mc Mahon as Luimneach. Seo é an dara huair ar bhain Ciana Craobhchomórtas an Domhain amach. Bhuaigh sí cheana sa mbliain 2019.

Nár laga Dia í!

Suíomh do Thithíocht sna Tulaí

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ag an Oireachtas i gCill Áirne, fógraíodh go bhfuil dhá shuíomh breise, atá ar thalamh an Údaráis, á gcur ar fáil le tacú le forbairt tithíochta.

Tá ceann de na suímh seo suite i gceantar Chois Fharraige, ar An Tulach i mBaile na hAbhann, agus is in Inis Meáin atá an ceann eile. Mar chéad chéim, beidh an dá shuíomh seo á meas agus beidh deis ag ionadaithe pobail ionchur a bheith acu sa bpróiseas sin. Beidh plé leanúnach le páirtithe leasmhara i gceist sa dara céim, sin nuair a bheas an tseilbh á aistriú le tús a chur le forbairt na tithíochta.
Tá an dá shuíomh breise luaite le beartas tithíochta an Údaráis, ina mbeidh an tÚdarás ag tacú leis na foinsí maoinithe atá i bhfeidhm ag an Roinn Tithíochta agus ag an stát cheana féin.

Beidh aon fhorbairt ar thalamh Údarás na Gaeltachta dírithe ar dhaoine le Gaeilge amháin agus beidh sé sin mar choinníoll soiléir in aon aistriú talún. Bhí plé fada ag cruinniú an Bhoird faoi cheist na teanga agus faoi choinníollacha a bhainfidh le haon aistriú talún sa gcomhthéacs sin.

Siúlóid Sléibhe Oíche

Beidh siúlóid oíche sléibhe ar bun ar Bhinn Guaire i bPáirc Náisiúnta Chonamara ar an Aoine bheag seo 8 Samhain. Tosófar ag Ionad Cuairteoirí na Páirce Náisiúnta i Leitir Fraic.

Ní mór a bheith feistithe ceart lena haghaidh – buataisí maithe siúil, éadaí teolaí, miotóga, hata, agus roinnt bia agus uisce a thabhairt leat. Siúlóid isteach is amach le deich gciliméadar a bheidh ann agus bainfear barr Bhinn Ghuaire amach faoi sholas na leathghealaí.

Costas €25 an duine atá ar an tsiúlóid agus tá lascaine ar fáil do dhaoine a thiocfaidh le cairde agus do mhic léinn.

Is treoraí láncháilithe sléibhte atá ina bhun agus beidh an tsiúlóid clúdaithe ó thaobh árachais de.

Tá chuile eolas agus deis áirithinte le fáil ó eolas@dunnamara.ie.

Róisín Seoghe — Swiftie s’againne!

Guíonn muid chuile rath ar Róisín Seoighe as Ros an Mhíl agus ar dhá choirm cheoil, SREANG DHOFHEICTHE: TIONSCADAL TAYLOR SWIFT, a bheas aici in Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire ar an Déardaoin agus Aoine 7 ⁊ 8 Samhain.

Is cuid den fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM na hócáidí seo. Beidh sé ar bun i mBaile Átha Cliath idir 7–16 Samhain.

Is bailiúchán ar leith d’amhráin Taylor Swift é SREANG DHOFHEICTHE. Tá siad traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus ag Róisín Seoighe. Tá clú agus cáil tuillte ag Taylor Swift as a cuid cumadóireachta agus tá sí thar a bheith cumasach ag inseacht scéalta faoin lúcháir, faoin mbriseadh croí agus faoin suathas agus seachmall a bhaineann le grá na ndéagóirí agus faoin mbá a bhí aici lena máthair agus í tinn.

Nár bhreá an seó seo a fheiceáil?

Suaithaireacht Naíonán

Má tá gasúr an‑óg agat, b’fhéidir go gcuirfeá suim sna seisiúin suathaireachta atá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag eagrú san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán?

Tá na seisiúin feiliúnach do pháistí 6 seachtaine go 10 mí. Cuirfear tús leis ar an Mháirt 12 Samhain ag 10.30. r.n. Tá chuile eolas le fáil ó snicheide@tuismitheoiri.ie.

Siamsa na Máirte

Bíonn seisiún míosúil ceoil luath sa tráthnóna den tseachtain ar bun i dteach ósta Cois Cuain sa Spidéal le cúpla mí anuas.

Seisiún é seo do dhaoine ar spéis leo ceol agus comhluadar ach nach mian leo a bheith ag dul amach ródheireanach san oíche! Ní gá a bheith an-oilte sa gceol ná a bheith id chéirseach binn le bheith san áireamh sa gcomhluadar geanúil, cairdiúil seo. Ar an gCéadaoin a bhíodh sé ar siúl go dtí seo ach is ar an dara Máirt den mhí a bheas sé ar bun feasta.

Mar sin bí Cois Cuain sa Spidéal idir 4 agus 8 ar an Máirt 12 Samhain. Cuirfear na múrtha fáilte romhat!

Tráthanna na gCeist

Tá feachtas tiomsaithe airgid ar bun ag CLG an Spidéil agus ag Cumann Micheál Breathnach faoi láthair d’fhonn cur lena gcuid cistí. An téama céanna atá ag an dá chumann: Tráth na gCeist, atá á eagrú acu araon.

Na Breathnaigh is túisce a mbeidh ócáid acu, i dTigh Chualáin ar an Déardaoin 7 Samhain. Sa gCruiscín Lán sa Spidéal a bheas muintir an Spidéil, ar an Aoine 15 Samhain. Ag 8.00 i.n a thosóidh an dá ócáid agus €40 ar bhord do cheathrar an táille sa dá chás.

Beidh Tráth na gCeist eile tré Ghaeilge, bunaithe ar chúrsaí eolaíochta, ar siúl i dteach óstan Carrolls i ar Shráid Dhoiminic i nGaillimh ar an gCéadaoin 13 Samhain ag 8.00 i.n. €20 an bord an táille agus beidh neart duaiseanna ar fáil. Rachaidh pé brabach a dhéanfar chun leasa do mhuintir na Pailistíne.

An Uile Bhealach Abhaile

Cuirfear An Uile Bhealach Abhaile, saothar nua ceoil a thabharfas léargas uathúil ar dhúchas Choilm Uí Fhoghlú agus ar chuimhní a óige i gCarna i láthair i Stiúideó Cuan sa Spidéal idir an 13–18 Samhain.

Is cumadóir, stiúrthóir, scríbhneoir agus léiritheoir é Colm Ó Foghlú, a chaitheadh laethanta saoire a óige i measc mhuintir a mháthar in Iorras Aithneach. Is iomaí sin seó agus albam dá chuid a bhfuil gradaim bainte amach acu. Chum sé ceoldrámaí bunaithe ar Eoghainín na nÉan agus ar Íosagán, gearrscéalta le Pádraig Mac Piarais, agus léiríodh in amharclann Axis i mBaile Átha Cliath iad. Is iar‑Stiúrthóir Ceoil le Riverdance é Colm agus tá an domhan siúlta aige leis an seó sin.

Beidh an fidléara Aoife Ní Bhriain, an cruitire Noreen O’Donoghue agus Patrick Flanaghan ar an gcorn sasanach i gcomhluadar Ensemble Téadach an Chaisleáin leis an saothar eisíoch seo a chur i láthair.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite.

Imeachtaí an Fhóraim

Maidin Chaife

Beidh an mhaidin chaife mhíosúil a bhíonn á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar siúl ar an Aoine 8 Samhain sa gCruiscín Lán ag 11.00 r.n.

Deis atá ann do dhaoine atá nua‑thagtha isteach sa gceantar aithne a chur ar dhaoine atá seanbhunaithe sa gceantar, casadh lena chéile, aithne a chur ar a chéile agus tacú leo siúd ar mian leo tógáil ar an méid Gaeilge atá acu. Níl le déanamh ach bualadh isteach.

Ní call aithne a bheith agat ar aon duine roimh ré. Beidh cupán caife nó tae agus cairde ann romhat!

Ranganna Gaeilge

An tuismitheoir thú? Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Bhuel, tá deis ar fáil duit!

Cuireadh tús an tseachtain seo le ranganna do thuismitheoirí i Scoil Éinne sa Spidéal, i Scoil Sailearna ar an gCnoc agus i Scoil na bhForbacha. Murar éirigh leat a bheith i láthair, cén dochar? Beidh an‑fháilte romhat an tseachtain seo chugainn. Is féidir le daoine a bhfuil gasúir leo ag freastal ar Ionaid Luath Oideachais agus ar Naíonraí an cheantair freastal ar na ranganna seo freisin.

Tá chuile eolas le fáil ó na hOPTanna nó tré labhairt le Príomhoide nó Rúnaí na scoile.

Bíonn ranganna Gaeilge don Bhun Leibhéal agus don Ard Leibhéal (Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí) chomh maith le Ciorcal Comhrá ar siúl chuile sheachtain in Inis Fáil sa Spidéal.

Scaipigí an scéal!

Ranganna Seit

Cuireadh tús an tseachtain seo le sraith ranganna seite faoi stiúir Thraolach Ó Conghaile i gColáiste Chonnacht sa Spidéal.

Ar an Luan ag 7.30 i.n a bhíonn na ranganna ar bun agus leanfaidh na ranganna chuile Luan as sin go dtí an 16 Nollaig. Fáilteofar roimh dhaoine nua i gcónaí. €5 in aghaidh an tseisiún uair go leith an táille.

Faoi do chois é!

Gaelchara Chois Fharraige

Is scéim é Gaelchara atá ar fáil in LPTanna na tíre, áit a dtugtar foghlaimeoir agus cainteoir líofa Gaeilge le chéile d’fhonn tacú leis an bhfoghlaimeoir cur lena c(h)uid Gaeilge agus deis a chur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge cuidiú le foghlaimeoirí ó thaobh shealbhú na Gaeilge agus eolas a chur ar dhúchas agus ar oidhreacht teanga Chois Fharraige.

Chuige sin, tá Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige sa tóir ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa Gaeilge le bheith páirteach sa scéim Gaelchara. Oibreoidh na beirteanna lena chéile, le go mbeidh an Ghaeilge á húsáid níos minicí sa mbaile, leis na comharsain agus sa bpobal fré chéile.

Moltar go gcasfadh na rannpháirtithe le chéile thart ar uair in aghaidh na seachtaine agus go ndéantar é seo ar feadh trí mhí nó 30 uair an chloig – cibé cén sprioc a bhaintear amach ar dtús!

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir dialann a choinneáil le taifead a bheith acu ar an méid atá foghlamtha le linn na scéime. Tá saoirse iomlán ag na rannpháirtithe maidir le cén chaoi a gcaitear a gcuid ama/ Téann daoine ar shiúlóidí, le haghaidh cupán tae nó caife, nó casann daoine eile ar a chéile le taitneamh a bhaint as caitheamh aimsire atá i gcoiteann acu.

Caithfidh na rannpháirtithe a bheith ag cur fúthu i gCois Fharraige agus ní féidir aon ghaol fola nó pósta a bheith idir na rannpháirtithe.

Ag deireadh na scéime, bronntar €250 an duine ar an bhfoghlaimeoir agus ar an meantóir.

Is féidir tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais a fháil ó na hOPTanna.

An Mháthair @ Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh An Mháthair, úrscéal cáiliúil leis an údar Iodálach Grazia Deledda, á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadoin 13 Samhain i dTigh Mholly ag 9.00 i.n.

Cás sagairt óig agus é teanntaithe idir a ghrá do bhean uasal agus a dhualgas do Dhia agus don Eaglais — agus dá mháthair atá sa scéal seo. Áirítear La Madre ar sheoda nua‑litríocht na hIodáilise agus tá sé mar aidhm ag Club Leabhar Chois Fharraige aistriúchán amháin i nGaeilge a bheith ar an gclár léitheoireachta acu chuile bhliain.

‘Sí Máire Nic Mhaoláin a rinne an t-aistriúchán seo, a bhuaigh duais Oireachtais i 1984. Bean í Máire a bhfuil neart leabhair aistrithe aici agus a bhfuil cáil ar leith uirthi as leagan Gaeilge a chur ar an gcéad leabhar de shraith Harry Potter, Harry Potter agus an Órchloch.

Ní gá a bheith i do bhall den chlub, níl le déanamh agat ach bualadh isteach! Tá cóipeanna den leabhar ar fáil i siopa Chló Iar Chonnacht i gCeardlann an Spidéil.

Aonach na Nollag i gCeardlann an Spidéil

Is fiú cuairt a thabhairt ar an gCeardlann sa Spidéal ar an Satharn 23 Samhain, áit a mbeidh Aonach na Nollag ar siúl ó 10.00 r.n go dtí 2.00 i.n.

Beidh lascainí le fáil ar earraí agus i measc na n‑imeachtaí beidh blaiseadh bia agus fíona, ceol beo, taispeántais agus go leor eile.

Margadh Nollag sa Seanscoil

Beidh Margadh na Nollag ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar 8 Nollaig.

Glacfar le hiarratais ó cheardaithe/ trádaláithe suas go 15 Samhain.

Geobhaidh tú foirm iarratais ach glaoch ar 091 399 199 nó seol ríomhphost chuig oifig@cst.ie.

Big Maggie

Níl deireadh déanta ag Big Maggie fós!

De bharr ard‑éilimh arís, tá Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag athdhúiseacht Mhaggie agus beidh siad ar an ardán i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ar an Satharn 16 Samhain ag 8.00 i.n.

Tá an‑cháil bainte amach ag an léiriú seo den aistriúchán a rinne Bridie Ní Churraoin ar dhráma cáiliúil John B. Keane agus is cinnte go mbeidh an tóir chéanna ar thicéid an babhta seo freisin.

Más mian leat ticéid a chinntiú glaoigh ar 087 256 3317 ach beidh roinnt ticéid le fáil ag an doras freisin.

Meabhraítear daoibh gur dráma do dhaoine fásta é seo.

Club Scannán Sailearna

Bíonn Club Scannán Sailearna ar bun gach Déardaoin ag 8.15 i.n. i Seanscoil Sailearna, áit a thaispeántar scoth na scannán domhanda, le fotheidil.

Seo a leanas na scannáin a thaispeánfar an mhí seo:

  • 7 Samhain: Kidnapped. Scannán ón Iodáil.
  • 14 Samhain: That They May face the Rising Sun. Scannán Éireannach.
  • 21 Samhain: The Beast. Scannán i bhFraincis.
  • 28 Samhain: Lo Capitano. Scannán faoi inimircigh ag trasnú an Mheánmhuir.

Tá an-spéis á léiriú sa scannán That They May face the Rising Sun. Tá an scannán seo bunaithe ar úrscéal cáiliúil le John Mc Gahern. Moltar duit do thicéad a chur in áirithe go luath: tá an‑éileamh orthu. €9 an táille do dhaoine nach baill iad.

That They May Face the Sun

Cóisir na mBáb

Cuirfidh Club Gaeilge Chois Fharraige Cóisir na mBáb, gearrdhráma barrúil raidió, i láthair mar chuid de cheolchoirm agus crannchur a bheas ar bun acu sa seomra cúil i dteach ósta Cois Cuain, An Spidéal, ar an Máirt 12 Samhain ag 8.30 i.n.

Foireann Chóisir na mBáb sa stiúidió

Is cumann an‑ghníomhach an club, a chuireann deiseanna ar fáil do dhaoine i gCois Fharraige ar mian leo tógáil ar an méid Gaeilge atá acu agus deis a ghlacadh aithne a chur ar phobal an cheantair. Eagraíonn siad ranganna agus imeachtaí sóisialta éagsúla agus tá club drámaíochta acu freisin.

Tá Máirín Mhic Lochlainn ag tacú leis an gClub le fada an lá agus d’fhéadfaí a rá gurb í drámadóir cónaitheacht an chlub í! Seo an seachtú dráma atá scríofa aici don ghrúpa. Scríobhann sí na drámaí don chliar a bhíonn ar fáil di agus bíonn idir foghlaimeoirí agus muintir seanbhunaithe an cheantair sa gcliar aici. Roghnaíonn sí téamaí a bhíonn tráthúil agus tugann sí casadh logánta dóibh.

Is féidir éisteacht le réamhbhlaisín de Chóisir na mBáb ar láithreán an Chlub — teacht na mban!

Beidh Constance Patten, Ruairi Mac an Iomaire, Fearghas Mac Lochlainn Gearóid Ó Murchú, Ronan Ryan agus Steve Sweeney i mbun ceoil agus ‘sé Seán Ó Gráinne a bheas ina fhear an tí.

Tá saorchead isteach ann agus cuirfear fáilte mhór roimh chuile dhuine.

Timirí STEM in Ollscoil na Gaillimhe

Tá roinnt imeachtaí Gaeilge á n‑eagrú le linn na míosa seo ag Timirí STEM. Grúpa iad seo d’fhochéimithe ó raon leathan de chúrsaí STEM agus eagraíonn siad imeachtaí leis an nGaeilge a chur chun cinn i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta san Ollscoil.

Más scoláire thú atá ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe agus má tá spéis agat san ábhar seo is fiú a mheabhrú go dtagann grúpa staidéir / ciorcal comhrá le chéile le cúrsaí STEM a phlé trí Ghaeilge chuile Chéadaoin ó 18:00–19:00 in ADB1020, Áras de Brún, Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh Tráth na gCeist STEM as Gaeilge ar siúl ar an gCéadaoin 13ú Samhain i dteach tabhairne Carroll, ag tosú ag 20:00 i.n. Beidh neart duaiseanna le buachan ar an oíche agus rachaidh an t‑airgead á bhaileofar ar son na Palaistíne.

Ciorcal Scríbhneoireachta Chois Fharraige

Beidh an Ciorcal Scríbhneoireachta ag teacht le chéile feasta in Oifig na Pleanála Teanga in Inis Fáil sa Spidéal.

Is ag 7.00 i.n ar an gcéad Dhéardaoin de chuile mhí a thagann na scríbhneoirí le chéile agus fáiltítear roimh scríbhneoirí nua is cumas cén seánra ina mbíonn siad ag scríobh.

Tá chuile eolas le fáil ó Mháire ag 086 822 0272

Postanna atá ar fáil

Oibrí Cistine/Lónadóireachta ag teastáil!

Tá Comharchumann Shailearna Teo., ag lorg iarratais do phost lánaimseartha nó do dhá phost páirtaimseartha mar Oibrí Cistine i Mol Caife (Coffee Hub) Sailearna, Blaisín.

Ní mór d’iarrthóirí taithí cócaireachta/lónadóireachta a bheith acu. Caithfidh cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia ⁊ Sláinteachas (HACCP) a bheith ag an iarrthóir nó a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach. Beidh deis meantóireacht san earnáil ullmhú bia a chur ar fáil más gá.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo. Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@cst.ie nó glaoch ar 091 399 199.

Ba cheart litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh roimh an 4.00 i.n. Dé hAoine 8 Samhain, 2024 chuig:

An Bainisteoir,
Comharchumann Shailearna Teo.,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.

Oifigeach Forbartha Luathbhlianta i gceantar na Gaillimhe

Tá folúntas ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do dhuine cumasach agus fuinniúil do phost mar Oifigeach Forbartha le forbairt, comhordú agus pleanáil a dhéanamh i réimse na luathbhlianta le freastal ar sheirbhísí luathbhlianta na Gaillimhe.

Ní mór céim i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí, líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge, taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile, sár scileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta, eolas ar fhoinsí maoinithe agus modhanna imeachta na bhforais éagsúla tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta, cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éileamh agus riachtanais an phobail sa réimse luathbhlianta, ard‑scileanna ríomhaireachta agus ceadúnas glan tiomána a bheith ag an té a cheapfar.

Seol litir iarratas mar aon le CV agus cóip go do chuid cáilíochtaí ar ríomhphost amháin chuig: foluntas@cnng.ie faoin 12ú Samhain 2024 mar aon le sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí.

Is Post buan ag Grád Oifigeach Feidhmiúcháin an post seo. Beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cuir painéal le chéile ón agallamh seo chun postanna Oifigigh Forbartha Luathbhlianta eile a thagann aníos san eagraíocht a líonadh.

Oibrithe Luathbhlianta ar an gCeathrú Rua ⁊ i gCnoc na Cathrach

Tá folúntais ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do phostanna páirt‑aimseartha, Luan go hAoine. Tá Oibrí Luathbhlianta le fostú in Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe agus múinteoir Luathbhlianta le fostú acu in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, buailte ar chathair na Gaillimhe.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht leibhéal 5 i gcúram leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith ac, agus taithí a bheith acu ar a bheith ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois.

Ní mór líofacht Gaeilge do na postanna seo. Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag 094 955 7006.

Seol litir iarratais agus CV, roimh 8 Samhain 2024, chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí, chuig:

pattie@cnng.ie

Oifigeach Forbartha,
Comhar Naíonraí na Gaeltachta,
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo.

Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Chonnacht ⁊ na Mí

Ealaín na Gaeltachta Teo., ag tairiscint post lánaimseartha mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Chonnacht agus Co. na Mí. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí triú leibhéal ábhartha acu mar aon le saineolas sna healaíona agus le taithí i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n‑ealaíon. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sa réigiún agus beidh rogha ann cuid den obair a dhéanamh ón mbaile.

Tá breis eolais le fáil ó:

An Riarthóir,
Ealaín na Gaeltachta Teo.,
Údarás na Gaeltachta,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.

Guthán: 074 956 0100
R-phost: ma.nifhearraigh@udaras.ie

Is é an Déardaoin 14 Samhain ag 4.00 i.n an spriocdháta.

Oifigeach Pleanála Teanga ar an mBruach Thoir

Tá folúntas d’Oifigeach Pleanála Teanga sa mBruach Thoir, sin Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe a chuimsíonn an ceantar thart ar Thír Oileán agus ar Mhionlach.

Más cas leat a bhfuil i ndán don Ghaeltacht, má tá eolas agat ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta, má tá ardchaighdeán Gaeilge agat agus scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide agat, seans go gcuirfeá suim sa bpost seo.

Seol CV agus litir chumhdaigh chuig anbruachthoir@gmail.com faoin Luan 11 Samhain ag 5.00 i.n.

Feidhmeannach Pleanála Teanga: Réigiún Chonnacht/Laighean

Tá Údarás na Gaeltachta sa tóir ar Fheidhmeannach Pleanála Teanga, post a bheas lonnaithe in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha. Duine le hardscileanna Gaeilge agus taithí i bpleanáil teanga le tacú le pobail Ghaeltachta, comhlachtaí agus eagraíochtaí áitiúla an Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt trí chomhordú clár, soláthar tacaíochta, agus cothú caidrimh idir páirtithe leasmhara atá uathu.

Is post lánaimseartha buan an post seo a bhfuil scála pá idir €57,122 agus €71,939 ag roinnt leis.

Déan teagmháil le foluntais@udaras.ie le breis eolais a fháil.

22 Samhain 2024 ag 16:00 i.n an spriocdháta.