Scéal, Scéal, Scéal…
scéilíní, nuaíocht ⁊ fógraí as Cois Fharraige
31 Deireadh Fómhair 2024
Eagrán 220
Comórtas Pheait Phádhraic Tom
Déanadh comóradh an‑bhreá ar Pheait Phádhraic Tom Ó Conghaile ag an gcomórtas sean‑nóis do pháistí a reáchtáladh i gcuimhne air i Scoil Éinne sa Spidéal an Domhnach seo caite. Bhí seachtar iomaitheoirí breise ann i mbliana, iad binn ⁊ diograiseach, agus mhol Mairéad Ní Oistín go hard iad. Beidh roinnt acu ag glacadh páirte i gcomórtais an Oireachtais an deireadh seachtaine seo. Bhí siad an-sásta an deis cleachtaithe ar an amhránaíocht phoiblí a fháil sula dtabharfaidís faoi Chill Áirne! Ba í Neans Nic Dhonncha as an gCeathrú Rua a thug an corn léi.
Faoi 8
1. Fiadh Anna Ní Cheallaigh.
2. Síofra Júidín Ní Fhlátharta ⁊ Lúc Ó Tuairisg.
3. Áine Ní Chualáin ⁊ Anna Ní Lorcáin.
Liathróid láimhe
Bhí an-lá ag Oisín Ó Ceallaigh agus Ruairí Ó Fátharta i bPáirc an Chrócaigh le gairid. Ghlac siad páirt i gcluichí domhanda na fun doubles 4 bhalla sa rannóg faoi 11, áit a ndearna siad ionadaíocht bhródúil ar Chumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach.
Dífhibrileoir Gaeilge
Comhghairdeachas le Smart Medical, atá lonnaithe sa Spidéal, a sheol dífhibrileoir Gaeilge ag ócáid i Seanscoil Sailearna ar an gCéadaoin 30 Deireadh Fómhair.
James Reihill agus a chomhlacht a d’fhorbair an dífhibrileoir seachtrach uathoibrithe (AED) a thugann treoracha uaidh i nGaeilge.
Bronnadh an chéad cheann acu ar Chumann Camógaíochta Chois Fharraige, a bhfuil baill acu ó Bhearna go Carna le go mbeidh siad in ann é a thabhairt leo agus iad ag taisteal timpeall an chontae agus na tíre ag cluichí camógaíochta. Tá súil go gcuirfidh cumainn, comhlachtaí, agus eagraíochtaí eile Gaeltachta agus Gaeilge spéis sa bhfearas freisin.
Nuair a osclaítear an AED seo tosaíonn sé ag labhairt leat i nGaeilge ar an bpointe boise, roghnaítear an cnaipe do dhuine fásta nó do pháiste, agus leantar na treoracha ón nguth nó ó na pictiúir.
Imeachtaí an Fhóraim
Ranganna Gaeilge
An tuismitheoir thú? Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Bhuel, tá dea‑scéala againn duit!
Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn, i Scoil Éinne sa Spidéal, i Scoil Sailearna ar an gCnoc agus i Scoil na bhForbacha, le ranganna atá dírithe ar thuismitheoirí.
Cuirfear an‑fháilte freisin roimh dhaoine a bhfuil gasúir leo ag freastal ar Ionaid Luath Oideachais agus ar Naíonraí an cheantair. Tá chuile eolas le fáil ó OPTanna Chois Fharraige nó tré labhairt le Príomhoide nó Rúnaí na scoile.
Bíonn ranganna Gaeilge don Bhun Leibhéal agus don Ard Leibhéal (Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí) chomh maith le Ciorcal Comhrá ar siúl chuile sheachtain in Inis Fáil sa Spidéal.
Scaipigí an scéal!
Gaelchara Chois Fharraige
Is scéim é Gaelchara, atá ar fáil in LPTanna ar fud na tíre, a thugann foghlaimeoir agus cainteoir líofa Gaeilge le chéile d’fhonn tacú leis an bhfoghlaimeoir cur lena c(h)uid Gaeilge. Cuirtear deis ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge, dá réir, cuidiú le foghlaimeoirí ó thaobh shealbhú na Gaeilge de agus eolas a chur ar dhúchas agus ar oidhreacht na teanga.
Chuige sin, tá Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige sa tóir ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa Gaeilge le bheith páirteach sa scéim sa LPT seo. Oibreoidh na beirteanna lena chéile le go mbeidh an Ghaeilge á húsáid níos minicí sa mbaile, leis na comharsain agus sa bpobal fré chéile.
Moltar go gcasfadh na rannpháirtithe le chéile, thart ar uair in aghaidh na seachtaine, agus go ndéanfaí é seo ar feadh trí mhí nó 30 uair an chloig – pé ar bith cén sprioc a bhaintear amach ar dtús! Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir dialann a choinneáil le taifead a bheith acu ar an méid atá foghlamtha acu le linn na scéime.
Tá saoirse iomlán ag na rannpháirtithe maidir le cén chaoi a gcaitear a gcuid ama. Téann roinnt daoine ar shiúlóidí, cuid eile le haghaidh cupán tae nó caife, agus casann daoine eile ar a chéile le taitneamh a bhaint as caitheamh aimsire atá i gcoiteann acu.
Caithfidh na rannpháirtithe a bheith ag cur fúthu i gCois Fharraige agus ní féidir gaol fola ná ceangal pósta a bheith idir na rannpháirtithe.
Ag deireadh na scéime, bronntar €250 an duine ar an bhfoghlaimeoir agus ar an meantóir.
Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais ar fháil ó na hOPTanna.
Ranganna seit
Cuirfear tús le sraith ranganna seite a bheas á stiúradh ag Traolach Ó Conghaile i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ar an Luan beag seo chugainn an Luan 4 Samhain ag 7.30 i.n.
Seisiún uair go leith a bhéas ann agus leanfaidh na ranganna chuile Luan as sin go dtí an 16 Nollaig. €5 in aghaidh an tseisiún an táille. Faoi do chois é!
Maidin chaife
Beidh an mhaidin chaife mhíosúil a bhíonn á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar siúl ar an Aoine 8 Samhain sa gCruiscín Lán ag 11.00 r.n.
Deis atá ann do dhaoine atá nua‑thagtha isteach sa gceantar aithne a chur ar dhaoine atá seanbhunaithe sa gceantar, casadh lena chéile, aithne a chur ar a chéile agus tacú leo siúd ar mian leo tógáil ar an méid Gaeilge atá acu.
Níl le déanamh ach bualadh isteach. Ní call aithne a bheith agat ar aon duine roimh ré. Beidh cupán caife nó tae agus cairde ann romhat!
An Uile Bhealach Abhaile
Is cumadóir, stiúrthóir, scríbhneoir agus léiritheoir é Colm Ó Foghlú, a chaitheadh laethanta saoire a óige i measc mhuintir a mháthar in Iorras Aithneach.
Is iomaí sin seó agus albam dá chuid a bhfuil gradaim bainte amach acu. Chum sé ceoldrámaí bunaithe ar Eoghainín na nÉan agus ar Íosagán, gearrscéalta le Pádraig Mac Piarais, agus léiríodh in amharclann Axis i mBaile Átha Cliath iad. Is iar‑Stiúrthóir Ceoil le Riverdance é Colm agus tá an domhan siúlta aige leis an seó sin.
Cuirfear An Uile Bhealach Abhaile, saothar nua ceoil a thabharfas léargas uathúil ar dhúchas Choilm agus ar chuimhní a óige i gCarna, i láthair i Stiúideó Cuan sa Spidéal idir an 13–18 Samhain. Beidh an fidléara Aoife Ní Bhriain, an cruitire Noreen O’Donoghue agus Patrick Flanaghan ar an gcorn sasanach i gcomhluadar Ensemble Téadach an Chaisleáin, leis an saothar eisíoch seo a chur i láthair.
Is féidir ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite.
Tráthanna na gCeist
Tá feachtas tiomsaithe airgid ar bun ag CLG an Spidéil agus ag Cumann Micheál Breathnach faoi láthair d’fhonn cur lena gcuid cistí. An téama céanna atá ag an dá chumann — Tráth na gCeist atá á eagrú acu araon.
Na Breathnaigh is túisce a mbeidh ócáid acu, i dTigh Chualáin ar an Déardaoin 7 Samhain. Sa gCruiscín Lán sa Spidéal a bheas muintir an Spidéil, ar an Aoine 15 Samhain.
Ag 8.00 i.n a thosóidh an dá ócáid agus €40 ar bhord do cheathrar an táille sa dá chás.
Postanna atá ar fáil
Oibrí Cistine/Lónadóireachta
Tá Comharchumann Shailearna Teo. ag lorg iarratais do phost lánaimseartha nó do dhá phost páirtaimseartha mar Oibrí Cistine i Mol Caife (Coffee Hub) Sailearna — Blaisín.
Ní mór d’iarrthóirí taithí cócaireachta/lónadóireachta a bheith acu. Caithfidh cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia ⁊ Sláinteachas (HACCP) a bheith ag an iarrthóir nó caithfidh siad a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach. Beidh deis meantóireacht san earnáil ullmhú bia a chur ar fáil más gá.
Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.
Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@cst.ie nó glaoch ar 091 399 199.
Ba cheart litir iarratais, chomh maith le CV, a sheoladh roimh an 4.00 i.n. Dé hAoine 8 Samhain 2024 chuig:
An Bainisteoir,
Comharchumann Shailearna Teo.,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.
Oifigeach Forbartha Luathbhlianta i gceantar na Gaillimhe
Tá folúntas ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do dhuine cumasach agus fuinniúil do phost mar Oifigeach Forbartha le forbairt, comhordú agus pleanáil a dhéanamh i réimse na luathbhlianta le freastal ar sheirbhísí luathbhlianta na Gaillimhe.
Ní mór céim i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí, líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge, taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile, sár scileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta, eolas ar fhoinsí maoinithe agus modhanna imeachta na bhforais éagsúla tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta, cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éileamh agus riachtanais an phobail sa réimse luathbhlianta, ard-scileanna ríomhaireachta agus ceadúnas glan tiomána a bheith ag an té a cheapfar.
Seol litir iarratas mar aon le CV agus cóip go do chuid cáilíochtaí, mar aon le sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí, ar ríomhphost amháin chuig: foluntas@cnng.ie faoin 12ú Samhain 2024.
Is post buan ag Grád Oifigeach Feidhmiúcháin an post seo. Beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cuir painéal le chéile ón agallamh seo chun postanna Oifigigh Forbartha Luathbhlianta eile a thagann aníos san eagraíocht a líonadh.
Oibrithe Luathbhlianta ar an gCeathrú Rua agus i gCnoc na Cathrach
Tá folúntais ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do phostanna páirt-aimseartha, Luan go hAoine. Tá Oibrí Luathbhlianta le fostú in Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua i gContae na Gaillimhe agus múinteoir Luathbhlianta le fostú acu in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, buailte ar chathair na Gaillimhe.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht leibhéal 5 i gcúram leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí a bheith acu ar a bheith ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois. Ní mór líofacht Gaeilge do na postanna seo.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag 094 955 7006.
Seol litir iarratais agus CV, chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí, chuig pattie@cnng.ie nó chuig
Oifigeach Forbartha,
Comhar Naíonraí na Gaeltachta,
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo.
roimh 8 Samhain i gcás an dá phost seo.
Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Chonnacht agus na Mí
Tá Ealaín na Gaeltachta Teo. ag tairiscint post lánaimseartha mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Chonnacht agus Co. na Mí. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí triú leibhéal ábhartha acu mar aon le saineolas sna healaíona agus le taithí i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n‑ealaíon. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sa réigiún agus beidh rogha ann cuid den obair a dhéanamh ón mbaile.
Tá breis eolais le fáil ón Riarthóir, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Teil: 074 956 0100. R-phost: ma.nifhearraigh@udaras.ie.
Is é an Déardaoin 14 Samhain ag 4.00 i.n an spriocdháta.
Oifigeach Pleanála Teanga ar an mBruach Thoir
Tá folúntas d’Oifigeach Pleanála Teanga sa mBruach Thoir; sin Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe, a chuimsíonn an ceantar thart ar Thír Oileán agus ar Mhionlach. Más cás leat a bhfuil i ndán don Ghaeltacht, má tá eolas agat ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta, má tá ardchaighdeán Gaeilge agat agus scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide agat, seans go gcuirfeá suim sa bpost seo.
Seol CV agus litir chumhdaigh chuig anbruachthoir@gmail.com faoin Luan 11 Samhain ag 5.00 i.n.
Mír ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Cuairt stairiúil ar chathair na Gaillimhe.
Tá féilire Idirbhliana Choláiste Chroí Mhuire lán le taithí an‑tairbheach idir imeachtaí suntasacha, turais tharraingteacha agus go leor comhoibrithe le cairde.
Ar an 24 Meán Fómhair, chuaigh an rang ar thuras stairiúil timpeall chathair na Gaillimhe. Thosaigh sé le turas báid ar an Corrib Princess. Cé nár mhair sé ach caoga nóiméad, bhí sé ar fheabhas ar fad. Cuireadh beagán ceoil ar siúl dúinn, d’ól muid seacláid the agus bhreathnaigh muid ar radharcanna áille na Coiribe.
Ina dhiaidh sin, chuaigh muid ar siúlóid stairiúil timpeall na cathrach. D’fhoghlaim muid faoi mar a fuair An Póirse Caoch a ainm agus an chaoi ar tógadh Ardeaglais na Gaillimhe as príosún a bhí ann tráth. An raibh a fhios agat gurb é seanainm An Phóirse Caoch ná ‘Ceann an Bhalla’? D’fhoghlaim muid freisin faoi mhuintir Uí Loinsigh a bhí i gceannas ar Ghaillimh sna meánaoiseanna. Tugadh le fios dúinn chomh maith go raibh Criostóir Columbus ar cuairt sa gcathair seo in 1477.
Ag deireadh an lae, ligeadh dúinn beagán ama a chaitheamh timpeall na cathrach lenár gcairde chun lón a fháil. Bhí an‑chraic ann. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó turais againn sula mbeidh an bhliain caite.
Is iad na turais buaic na hIdirbhliana dar liomsa.
Iriseoir: Joseph Ó Céidigh, rang na hIdirbhliana.
Big Maggie
Níl deireadh déanta ag Big Maggie fós!
De bharr ard‑éilimh arís, tá Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag athdhúiseacht Mhaggie agus beidh siad ar an ardán i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ar an Satharn 16 Samhain ag 8.00 i.n.
Tá an‑cháil bainte amach ag an léiriú seo den aistriúchán a rinne Bridie Ní Churraoin ar dhráma cáiliúil John B. Keane agus is cinnte go mbeidh an tóir chéanna ar thicéid an babhta seo freisin. Más mian leat ticéid a chinntiú glaoigh ar 087 256 3317 ach beidh roinnt ticéid le fáil ag an doras freisin.
Meabhraítear daoibh gur dráma do dhaoine fásta é seo.
Oireachtas ’24
Tá Oireachtas na Gaeilge faoi lán tseoil i gCill Airne agus neart de mhuintir Chois Fharraige, idir iomaitheoirí agus lucht tacaíochta, ag freastal ar an bhFéile.
Bronnadh na duaiseanna liteartha ag an searmas oscailte, an chéad mhír den 153 imeacht a bheas ar bun go Domhnach. Tháinig riar duaiseanna go Cois Fharraige. Bronnadh €3,000 ar Dharach Ó Scolaí a bhí sa gcéad áit sa gcomórtas próis dá úrscéal Bódléar. Maitiú Ó Coimín as na hAille a bhuaigh €500 sa rannóg iriseoireachta dá shaothar 35 bliain ó bunaíodh an Ghaeltacht Dhigiteach. Bronnadh duais ar ghearrcéal An Tóramh Meiriceánach ar Mhicheál Ó Conghaile as an Teach Mór. ’Sí Fionnuala Ní Fhlaithearta as Baile an tSléibhe sa Spidéal a thug léi an duais €1,000 don dráma raidió Cairde go Deo.
Bhí aos óg an cheantair san iomaíocht freisin agus bronnadh an duais iriseoireacha faoi 21 ar Dhamhnait Ní Fhátharta as na hAille.
Bhuaigh an bheirt acu comórtais iriseoireachta, faoi 18 agus faoi 21.
Ócáid spleodrach, ghalánta a bhí i searmanas Ghradaim na Cumarsáide a chuir Páidí Ó Lionáird i láthair go snasta, gairmiúil. Bhí muintir Chois Fharraige i measc na mbuaiteoirí anseo freisin agus cuireadh gáir mholta go haer nuair a fógraíodh gurbh é Pádraic Ó Ciardha as Baile ’n Domhnalláin sa Spidéal, iriseoir le Tuairisc, a ainmníodh mar iriseoir na bliana.
Is í Aoife Ní Thuairisg pearsa teilifíse na bliana seo. Bronnadh gradam ar leith Tuairisc, atá deich mbliana ar an bhfód anois.
Ar Alan Esselmont, ceannasaí TG4 a, bronnadh buaicghradam na cumarsáide.
An tAire Thomas Byrne ata ag éisteacht leis.