Scéal, Scéal, Scéal…
scéilíní, nuaíocht ⁊ fógraí as Cois Fharraige
24 Deireadh Fómhair 2024
Eagrán 219
Aitheantas mar Scoil Ghaeltachta
Is í an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta atá mar bhunchloch ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Eagraíodh ócáid an-taitneamhach in Óstán Chósta Chonamara ar an Luan seo caite, 21 Deireadh Fómhair, áit ar bhronn an Roinn Oideachais aitheantas mar Scoil Ghaeltachta faoin bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht ar na scoileanna as Cúige Chonnacht ar éirigh leo an t‑aitheantas sin a bhaint amach. Faoin scéim, bíonn ar scoileanna critéir áirithe a chomhlíonadh maidir le cúrsaí teanga agus tumoideachais. Ina measc, caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga na cumarsáide, an teagaisc agus an tsóisialaithe sa scoil. Caithfidh iarbhunscoileanna a gcuraclam iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge chomh maith. Foilsíodh nóta treorach i mí an Mheithimh 2021 le sonraí faoi na céimeanna a bheadh i gceist agus le treoir maidir leis an gcaoi a bfhéadfadh scoileanna réiteach don phróiseas. Reáchtáladh an próiseas deimhnithe idir Deireadh Fómhair 2022 ⁊ Cáisc 2024.
Is údar bróid dúinn anseo i gCois Fharraige gur ghlac chuile scoil sa gceantar, an chúig bhunscoil agus an dá iarbhunscoil, páirt dhíograiseach, fhuinniúil sa bpróiséas leis an stádas seo a bhaint amach. Bhí dua ag baint leis mar in ainneoin go mbíonn scoileanna an cheantair ag feidhmiú tré Ghaeilge ar aon nós. Leagadh síos critéir shonracha don scéim seo agus b’éigean fianaise a chur ar fáil gur comhlíonadh na critéir sin agus tugadh cúpla cuairt ar na scoileanna ar fad le monatóireacht agus tuairisciú neamhspleách a dhéanamh ar a raibh ar siúl.
Comhghairdeachas mór leis na scoileanna ar fad. Is cinnte gur crann taca don próiséas pleanála teanga i gCois Fharraige iad na pobail sa seacht scoil. Tá siad tiomanta don Ghaeilge mar theanga bheo, bhríomhar agus is breá leis an bhFóram a bheith ar fáil le cuidiú leo agus a bheith i gomhpháirt leo le tionscadail teanga-bhunaithe a chur chun cinn i measc na ndaltaí le go leanfaidh an ceantar mar Ghaeltacht láidir, bhródúil, ghníomhach. Treise libh!
Ionadaithe ó Scoileanna Chois Fharraige in éindí le
Niamh Ní Chróinín ó Chúla 4 ⁊ Gary Mac Donnchadha, Roinn Chigire.
Comórtas Pheait Phádhraic Tom
Beidh an comórtas bliantúil a reáchtáiltear i gcuimhne ar an amhránaí sean‑nóis Peait Phádhraic Tom Ó Conghaile ar siúl i Scoil Éinne sa Spidéal ar an Domhnach 27ú Deireadh Fómhair ag meánlae.
Bhí an‑cháil agus an‑chion ar Pheait, arbh as Leitir Péic ó thuaidh den Spidéal dó, agus tá cúpla taifeadadh leis le fáil ar Thaisce Chois Fharraige. Eisíodh dlúthcheirnín leis, Peait Phádraic Tom Ó Conghaile, agus d’fhoilsigh Coiscéim cuimhní cinn dá chuid, in eagar ag Diarmuid Ó Gráinne, dar teideal Peait Phádraic Tom Ó Conghaile: A Scéal Féin. Mhúin sé amhráin sean‑nóis do ghasúir sa nGaelacadamh sa Spidéal idir na blianta 1980 agus 1992. Is cinnte gur thug sé an‑spreagadh do dhaoine óga le amhráin sean‑nóis a fhoghlaim agus a chasadh lena bhealach cneasta, séimh.
Tugann an ócáid seo deis do dhaoine óga atá ag freastal ar ranganna sean‑nóis ar fud Chonamara toradh a gcuid oibre agus a gcuid foghlama a chur i láthair lucht éisteachta, rud a chothaíonn muinín iontu agus a chuidíonn leo a bheith páirteach i gcomórtais eile cosúil le hOireachtas na Gaeilge i mí na Samhna.
Cheithre rannóg atá sa gcomórtas: do dhaoine faoi 8, faoi 12, faoi 15 ⁊ faoi 18.
Ní gá foirmeacha a líonadh ná clárú roimh ré agus níl le déanamh ach teacht go Scoil Éinne ar an Domhnach 27 Deireadh Fómhair ag meánlae.
Sean‑nós Tigh Phádhraicín
Bhí sár-oíche amhránaíochta i dTigh Phádraicín sna Forbacha i dtús na míosa seo mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige.
Chas seisear déag amhránaithe ar fad — idir óg agus aosta! Má chaill tú amach air, cén dochar? mar go bhfuil na seisiúin amhránaíochta seo i dTigh Phádraicín ag filleadh ar an ngnáth‑nós: sin seisiún ag deireadh na míosa.
Beidh an chéad theacht le chéile eile ann ar an Domhnach an 27 Deireadh Fómhair agus ar an Domhnach deireanach de chuile mhí ina dhiaidh sin. Deis bhreá duit cleachtadh beag a dhéanamh roimh bualadh ó dheas chuig an Oireachtas!
Éigse Mhichael Mháire Ghabha
Beidh Éigse Chomóradh Mhichael Mháire Ghabha ar bun i gceantar Charna ón Aoine go Domhnach beag seo.
Bhí an‑mheas ar Mhichael Mháire Ghabha ar fud Chonamara agus le roinnt blianta anuas eagraítear deireadh seachtaine bhreá i gcuimhne air. Cuirfear tús leis an Éigse ar an Aoine 25 Deireadh Fómhair le caint ón Ollamh Angela Bourke in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i Roisín na Mainíoch agus idir sin agus an Domhnach 27 Deireadh Fómhair beidh ceardlanna agus seisiúin cheoil, damhsa agus amhránaíochta ar bun in Áras Shorcha Ní Ghuairim, Tigh Mheaic ⁊ Tigh Mhóráin.
Ceardlann in ómós do Phádraig Ó hAoláin
Tá Cló Iar‑Chonnacht ag eagrú ceardlainne i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) ar an Satharn 26 Deireadh Fómhair ag 10.00 r.n ag láthair Chló Iar‑Chonnacht sa gCeardlann sa Spidéal.
Thacaigh Pádraig go mór le cur chun cinn na n‑amhrán, an cheoil thraidisiúnta agus na n‑ealaíon dúchais fré chéile agus is é a chum Cóilín Pádhraic Shéamais, ceann de na hamhráin is aitheanta i stór amhrán na Gaeilge. Is iad Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar‑Chonnacht agus Ciarán Ó Fátharta, cumadóir amhrán agus craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheas ag stiúradh na ceardlainne. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), ar agallaimh bheirte agus ar lúibíní.
Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadoirí aitheanta agus ó chumadóirí nua. Iarrtar ar chumadóirí sampla dá saothar, amhrán nuachumtha, agallamh beirte nó lúibín, a sheoladh chuig CIC ag moccic22@outlook.com roimh 5.00 i.n ar Aoine an 24 Deireadh Fómhair.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil agus lóistín féin.
Imeachtaí Fóraim…
Ranganna Gaeilge
Bíonn ranganna Gaeilge don Bhun Leibhéal agus don Ard Leibhéal (Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí) agus Ciorcal Comhrá ar siúl chuile sheachtain in Inis Fáil sa Spidéal.
Cuirfear tús go rí‑ghairid le ranganna do thuismitheoirí i Scoil Éinne, i Scoil Sailearna agus i Scoil na bhForbacha. Léirigh suirbhé a rinne na hOPTanna sna bunscoileanna i Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Chois Fharraige an‑éileamh ó thuismitheoirí ar ranganna Gaeilge.
Socraíodh, i gcomhar leis na scoileanna, tús a chur le ranganna chomh luath agus a d’fhéadfaí. Is ar thuismitheoirí a bhfuil páistí acu sa gcóras bunscoile atá na ranganna dírithe, cuirfear an‑fháilte freisin roimh thuismitheoirí a bhfuil gasúir leo ag freastal ar Ionaid Luath Oideachais agus ar Naíonraí an cheantair.
Tá chuile eolas le fáil ó na hOPTanna.
Gaelchara Chois Fharraige
Is scéim é Gaelchara, atá ar fáil in LPTanna ar fud na tíre, a thugann foghlaimeoir agus cainteoir líofa Gaeilge le chéile d’fhonn tacú leis an bhfoghlaimeoir cur lena c(h)uid Gaeilge. Cuirtear deis ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge, dá réir, cuidiú le foghlaimeoirí ó thaobh shealbhú na Gaeilge de agus eolas a chur ar dhúchas agus ar oidhreacht na teanga.
Chuige sin, tá Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige sa tóir ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa Gaeilge le bheith páirteach sa scéim sa LPT seo. Oibreoidh na beirteanna lena chéile le go mbeidh an Ghaeilge á húsáid níos minicí sa mbaile, leis na comharsain agus sa bpobal fré chéile.
Moltar go gcasfadh na rannpháirtithe le chéile, thart ar uair in aghaidh na seachtaine, agus go ndéanfaí é seo ar feadh trí mhí nó 30 uair an chloig – pé ar bith cén sprioc a bhaintear amach ar dtús! Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir dialann a choinneáil le taifead a bheith acu ar an méid atá foghlamtha acu le linn na scéime.
Tá saoirse iomlán ag na rannpháirtithe maidir le cén chaoi a gcaitear a gcuid ama. Téann roinnt daoine ar shiúlóidí, cuid eile le haghaidh cupán tae nó caife, agus casann daoine eile ar a chéile le taitneamh a bhaint as caitheamh aimsire atá i gcoiteann acu.
Caithfidh na rannpháirtithe a bheith ag cur fúthu i gCois Fharraige agus ní féidir gaol fola ná ceangal pósta a bheith idir na rannpháirtithe.
Ag deireadh na scéime, bronntar €250 an duine ar an bhfoghlaimeoir agus ar an meantóir.
Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais ar fháil ó na hOPTanna.
Maidin Chaife
Beidh an mhaidin chaife mhíosúil á bhíonn á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar siúl ar an Aoine 8 Samhain sa gCruiscín Lán ag 11.00 r.n. — seachtain níos deireanaí ná mar is gnáthach mar go mbeidh daoine ag freastail ar an Oireachtas.
Deis atá ann do dhaoine atá nua‑thagtha isteach sa gceantar aithne a chur ar dhaoine atá seanbhunaithe sa gceantar, casadh lena chéile, aithne a chur ar a chéile agus tacú leo siúd ar mian leo tógáil ar an méid Gaeilge atá acu.
Níl le déanamh ach bualadh isteach. Ní call aithne a bheith agat ar aon duine roimh ré. Beidh cupán caife nó tae agus cairde ann romhat!
Oíche Shamhna
Tá gasúir Chois Fharraige ar bís; iad ag súil le seachtain saoire ón scoil agus ag súil go háirithe le Oíche Shamhna ar an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair.
Beidh go leor gasúir ag dul ó theach go teach ar thóir Bob nó Breab ach beidh ócáid ar bun sa gcarrchlós ag an gCuanóg (Carrchlós Ros na Rún — H91 K1VP) ar an mBaile Ard sa Spidéal, áit gur Bút nó Breab atá i gceist!
Ní mór do charr a chlárú roimh ré.
Tar ann ag 5.30 i.n., tráth a ndéanfar maisiú ar charranna agus beidh Bob nó Breab faoin lán tseoil idir 6.00 agus c. 7.30 i.n. Líon teoranta spásanna atá ann. Mar sin, ná déan moill. Cláraigh do charr agus seachain an púca!
An tOireachtas
30 Deireadh Fómhair go 3 Samhain.
Criú
Bíonn foireann ag teastáil le cuidiú le féile chomh mór a riaradh agus bheadh an tOireachtas an‑bhuíoch díot ach roinnt ama a chur ar fáil dóibh le cuidiú leo. Ní mór do na hoibrithe deonacha seo a bheith os cionn ocht mbliana déag. Níl le déanamh ach scríobh chuig eolas@antoireachtas.ie nó glaoch ar 091 572 545 le clárú don chriú.
Bus chuig an Oireachtas
Tá Peadar Óg ag eagrú bus le daoine a thabhairt go Cill Airne!
Fágfaidh bus Crosbhóthar Thír an Fhia ar an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair ag 9.00 r.n agus ceann eile ar an Aoine 1 Samhain ag 9.00 r.n freisin.
Fillfidh an bus ó Óstán Gleneagle ar mhaidin an Domhnaigh ag 11.30 i.n.
Le suíochán a chur in áirithe, scríobh chuig peadarogned@gmail.com nó glaoigh ar 087 185 8450.
Ticéid
Is féidir ticéid don Oireachtas a chur in áirithe roimh ré.
Beathaisnéisí
Is tionscadal beathaisnéisí Gaeilge ar líne é ainm.ie, atá á fhorbairt ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ón mbliain 2009 i leith. Tugtar tuairisc ann ar phearsain a d’imir tionchar ar shaol na Gaeilge ón mbliain 1560 i leith.
Cuirtear roinnt beathaisnéisí nua leis an gcnuasach chuile bhliain agus foilsíodh an chuid is nuaí díobh le gairid. Cuirfidh muintir Chois Fharraige suim ar leith i gcúpla ceann díobh a scríobh Mártan Ó Ciardha.
Peadar Ó Cúláin
Tá alt an‑bhreá scríofa aige faoi Pheadar Ó Cúláin (1952–2023), as Both Chuanna sa Spidéal, a bhásaigh i mí na Bealtaine seo caite. Fear ildánach ab ea Peadar agus ba le craoltóireacht a chaith sé a shaol gairmiúil ar feadh breis is scór bliain. Thug pobal éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta an‑suntas dá acmhainn Gaeilge agus don urlabhra tarraingteach, soiléir bhí aige.
Bhí cáil mhór ar Pheadar mar aisteoir agus b’iomaí sin léiriú ar ghlac sé páirt iontu le Cumann Drámaíochta Chois Fharraige, le hAisteoirí an Spidéil agus le Taibhdhearc na Gaillimhe. Ba é Peadar a ghlac páirt an Phoncánaigh Uncle Peter i mBaile an Droichid, sobalchlár Joe Steve Uí Neachtain a raibh oiread tóir ag an bpobal air. Deir Mártan linn go mba í sin an pháirt ab fhearr ar fad le Peadar.
Tom Sailí Ó Flaithearta
Tugann Mártan cur síos an‑chuimsitheach freisin ar fhear eile a raibh cáil mhór air de bharr a chumas aisteoireachta.
B’as an gCaorán Mór ar an gCeathrú Rua do Tom Sailí Ó Flaithearta (1931–2021) ó dhúchas; fear ar bhain an pobal fíor-shásamh go deo as a chuid a chuid aithriseoireachta, a chuid aisteoireachta agus a chuid cumadóireachta. Chuir an saol Gaelach aithne air i Ros na Rún, mar Chóilín Mhicil Tom Ó Catháin, duine de mhórcharachtair na sraithe; páirt a rinne sé ar feadh breis agus scór bliain.
Bhíodh dlúthchaidreamh idir Tom agus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba bhreá le daoine na hagallaimh beirte, Raiftearaí agus an File go háirithe, a tharraing na sluaite chuig scoileanna éigse agus hallaí pobail i gConamara agus ar fud na Gaeltachta agus a bhuaigh duaiseanna Oireachtais dóibh ó lár na 1950idí anall.
Múinteoir Gaeilge ab ea Tom, a thosaigh i gCill Chainnigh ach tar éis tréimhsí i scoileanna ar fud Chontae na Gaillimhe, chaith sé na hocht mbliana deireanacha ag teagasc i gColáiste Cholmcille sna hAille i gCois Fharraige. Spreag sé an drámaíocht go láidir i measc a chuid scoláirí ansiúd agus sna hocht mbliana a chaith sé ann bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa drámaíocht ocht mbliana as a chéile.
Breandán Ó Madagáin
Cuirfear spéis freisin i mír eile a cuireadh leis an suíomh le gairid.
Ollamh le Nua‑Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ab ea Breandán Ó Madagáin (1932–2020). Tá alt an‑spéisiúil ag an Ollamh Lillis Ó Laoire faoina iar‑léachtóir, agus meantóir go deimhin. Léiríonn Lillis go soiléir a eisceachtúla is a bhí Breandán Ó Madagáin i saol léann na Gaeilge sa mbéim a leag sé ar an gceol agus ar an amhránaíocht. Dhearbhaigh sé an ceangal bunúsach a bhí idir an ceol agus an fhilíocht i dtraidisiún na Gaeilge agus dúirt gur éagóir a bhí ann an dá rud a scaradh óna chéile.
Sin tuairim a chuaigh i bhfeidhm ar a chuid mac léinn Gaeltachta go háirithe agus is iomaí duine acu a dúirt gurbh í sin an chéad aitheantas riamh a chonaic siad sa saol acadúil do chultúr beo na n‑amhrán sa nGaeltacht. Fear ab ea Breandán a raibh an‑eolas aige ar an amhránaíocht sean‑nóis agus ba mhinic é ag moltóireacht ar chomórtais an Oireachtais; Corn Uí Riada go háirithe.
Postanna atá ar fáil
Oibrí Cistine/Lónadóireachta
Tá Comharchumann Shailearna Teo. ag lorg iarratais do phost lánaimseartha nó do dhá phost páirtaimseartha mar Oibrí Cistine i Mol Caife (Coffee Hub) Sailearna — Blaisín.
Ní mór d’iarrthóirí taithí cócaireachta/lónadóireachta a bheith acu. Caithfidh cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia ⁊ Sláinteachas (HACCP) a bheith ag an iarrthóir nó caithfidh siad a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach. Beidh deis meantóireacht san earnáil ullmhú bia a chur ar fáil más gá.
Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.
Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@cst.ie nó glaoch ar 091 399 199.
Ba cheart litir iarratais, chomh maith le CV, a sheoladh roimh an 4.00 i.n. Dé hAoine 8 Samhain 2024 chuig:
An Bainisteoir,
Comharchumann Shailearna Teo.,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.
Oifigeach Forbartha Luathbhlianta i gceantar na Gaillimhe
Tá folúntas ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do dhuine cumasach, fuinniúil do phost mar Oifigeach Forbartha, le forbairt, comhordú agus pleanáil a dhéanamh i réimse na luathbhlianta le freastal ar sheirbhísí luathbhlianta na Gaillimhe.
Ní mór céim i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí, líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge, taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile, sár scileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta, eolas ar fhoinsí maoinithe agus modhanna imeachta na bhforais éagsúla tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta, cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éileamh agus riachtanais an phobail sa réimse luathbhlianta, Ard-scileanna ríomhaireachta agus ceadúnas glan tiomána a bheith ag an té a cheapfar.
Seol litir iarratas, mar aon le CV agus cóip go do chuid cáilíochtaí, ar ríomhphost amháin chuig foluntas@cnng.ie faoin 12ú Samhain 2024, mar aon le sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí.
Is Post buan ag Grád Oifigeach Feidhmiúcháin an post seo. Beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cur painéal le chéile ón agallamh seo chun postanna Oifigigh Forbartha Luathbhlianta eile a thagann aníos san eagraíocht a líonadh.
Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Chonnacht agus na Mí
Tá Ealaín na Gaeltachta Teo. ag tairiscint post lánaimseartha mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Chonnacht agus Co. na Mí. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí triú leibhéal ábhartha acu mar aon le saineolas sna healaíona agus le taithí i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n‑ealaíon. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sa réigiún agus beidh rogha ann cuid den obair a dhéanamh ón mbaile.
Tá breis eolais le fáil ón Riarthóir, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Teil: 074 956 0100. R-phost: ma.nifhearraigh@udaras.ie.
Is é an Déardaoin 14 Samhain ag 4.00 i.n an spriocdháta.
Oifigeach Pleanála Teanga ar an mBruach Thoir
Tá folúntas d’Oifigeach Pleanála Teanga sa mBruach Thoir; sin Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe, a chuimsíonn an ceantar thart ar Thír Oileán agus ar Mhionlach. Más cas leat a bhfuil i ndán don Ghaeltacht, eolas agat ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta, ardchaighdeán Gaeilge agat agus scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide agat, seans go gcuirfeá suim sa bpost seo.
Seol CV agus litir chumhdaigh chuig anbruachthoir@gmail.com faoin Luan 11 Samhain ag 5.00 i.n.
An Uile Bhealach Abhaile
Is cumadóir, stiúrthóir, scríbhneoir agus léiritheoir é Colm Ó Foghlú, a chaitheadh laethanta saoire a óige i measc mhuintir a mháthar in Iorras Aithneach.
Is iomaí sin seó agus albam dá chuid a bhfuil gradaim bainte amach acu. Chum sé ceoldrámaí bunaithe ar Eoghainín na nÉan agus ar Íosagán, gearrscéalta le Pádraig Mac Piarais, agus léiríodh in amharclann Axis i mBaile Átha Cliath iad. Is iar‑Stiúrthóir Ceoil le Riverdance é Colm agus tá an domhan siúlta aige leis an seó sin.
Cuirfear An Uile Bhealach Abhaile, saothar nua ceoil a thabharfas léargas uathúil ar dhúchas Choilm agus ar chuimhní a óige i gCarna, i láthair i Stiúideó Cuan sa Spidéal idir an 13–18 Samhain. Beidh an fidléara Aoife Ní Bhriain, an cruitire Noreen O’Donoghue agus Patrick Flanaghan ar an gcorn sasanach i gcomhluadar Ensemble Téadach an Chaisleáin, leis an saothar eisíoch seo a chur i láthair.
Is féidir ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite.
Comghairdeachas le
Neasa Ní Chuanaigh
Beidh Neasa Ní Chuanaigh as Baile Éamoinn sa Spidéal ag tabhairt aghaidh ar Nua Eabhrac an bhliain seo chugainn!
Roghnaíodh Neasa le tréimhse cónaítheach a chaitheamh san Irish Arts Center sa gcathair sin. Tá scéim ag Meitheal Branar i gcomhar leis an Galway Culture Company le deis a thabhairt d’ealaíontóirí tréimhsí a chaitheamh ag forbairt a ngairme i suíomhanna idirnáisúnta.
Rinne Neasa a cuid staidéir i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus in Ollscoil Goldsmiths i Londain. Tá breis is cúig bliana déag taithí stáitse agus puipéadóireachta aici agus tá an‑aithne uirthi de bharr gurb í Sonia i Ros an Rún í; páirt chasta dúshlánach atá faoina cúram le roinnt blianta anois.
Bíonn sí ag obair go rialta le Branar agus le Fíbín. Chaith sí ocht mbliana sa Taibhdhearc mar aisteoir, léiritheoir, bainisteoir stáitse agus mar riarthóir oifige.
Beidh deis anois ag Neasa a cleachtas amharclannaíochta a iniúchadh agus a fhorbairt, saothar nua a fheiceáil agus taithí a fháil ar shaothar nua a cruthaíodh go sonrach do lucht féachana óg i Nua‑Eabhrac agus naisc a dhéanamh agus oibriú le healaíontóirí agus cleachtóirí áitiúla thall.
Guíonn muid chuile rath uirthi.