Scéal, Scéal, Scéal…
scéilíní, nuaíocht ⁊ fógraí as Cois Fharraige
17 Deireadh Fómhair 2024
Eagrán 218
Maith é an Pota!
Comhghairdeachas le Diarmuid Ó Mathúna agus a chriú i bPota as an ngradam don chaifé is fearr in Éirinn a fháil inniu. Is in Óstán an Intercontinental i mBaile Átha Cliath a fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Bhialanna agus Fáilteachais Georgina Campbell.
Tá pobal Chois Fharraige an‑bhródúil asat a Dhiarmuid!
Nuachtán clóite i nGaeilge
Seolfar nuachtán clóite seachtainiúil Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne i gceann cúpla seachtain.
Gaelmheáin Teoranta, atá lonnaithe i Rath Chairn, atá ag spreagadh an tionscadail seo. Tá fócasghrúpaí á n‑eagrú acu ar fud na tíre faoi láthair agus beidh deis ag muintir Chois Fharraige a gcuid tuairimí a nochtadh faoin togra seo ag grúpa fócais a bheas á thionóil i seomra pobail Chomhlacht Forbartha an Spidéil ar an Aoine bheag seo 18 Deireadh Fómhair ag 7.00 i.n.
Fiach Focal
Cuirfear tús in athuair ar an Satharn beag seo, 19 Deireadh Fómhair, leis na seisiúin bhreátha a bhíonn á reáchtáil ag Coiste Oidhreachta agus Cultúir na Ceathrún Rua i gcomhar le Pobal Rua, ina bpléitear focla agus leaganacha cainte Gaeilge.
‘Sí an saineolaí teanga Máire Feiritéar a stiúrann an plé agus bíonn neart cur is cúiteamh idir Máire agus na rannpháirtithe; daoine a bhfuil an‑eolas acu féin ar an teanga! Maidin an tSathairn, idir 11.00 agus 12.30 a bhíonn sé ar bun; uair sa mí in Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua. Nuair a bhí an seisiún deireanach ar bun sa mBealtaine seo caite, An Duine a bhí mar théama ag Máire ach tá neart le rá fós faoin téama céanna!
Buail isteach. Is cinnte go mbainfidh tú sásamh as an bplé agus go gcuirfidh tú le do chuid eolais. Ní gá clárú roimh ré agus ní ghearrtar aon táille.
Siamsóirí Óga Rath Cairn
Beidh Siamsóirí Óga Rath Cairn ag teacht go Cois Fharraige ar an Domhnach 20 Deireadh Fómhair le seisiún ceoil, damhsa agus amhránaíochta a bheith acu i gcomhpháirt le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.
Deis iontach atá anseo do pháistí agus do dhéagóirí casadh lena chéile, aithne a chur ar ghasúir as ceantar Gaeltachta eile agus cairdeas nua a chothú trí Ghaeilge. Idir 1-3 i.n. a bheas an ócáid ar bun agus cuirtear fáilte roimh bhaill nua i measc an gCeoltóirí Óga i gcónaí.
Deontais do Chumann Mhicheál Breathnach
Comhghairdeachas le GLG Micheál Breathnach as neart dea-scéalta maoinithe a fháil le gairid.
D’fhógair an Cumann ar an 7 Deireadh Fómhair gur ceadaíodh €107,000 dóibh ón gClár Caipitil Spóirt agus dá réir go bhfuil sé beartaithe acu dromchla nua a chur ar an bpáirc ASTRO sa mbliain nua.
Seachtain dar gcionn, cheadaigh Roinn na Gaeltachta €29,520 dóibh! Tá faoin gcumann comhairleoir a fhostú le plean a chur le chéile d’fhorbairt an charrchlóis ag Páirc an Chnoic. Seo an chéad chéim sa bpróiseas agus tá súil acu go leanfar leis an dul chun cinn leis an obair phráinneach seo.
Scéalta ó Choláiste Cholmcille
Oíche Oscailte
Tá Coláiste Cholmcille ag glacadh le hiarratais ó scoláirí do rang na chéad bhliana don scoilbhliain seo chugainn, 2025-26. Beidh Oíche Oscailte ag an scoil ar an 23 Deireadh Fómhair 2024 agus tá eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin na scoile.
Beidh fáilte roimh daltaí bunscoile agus a muintir ag an ócáid. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar an suíomh greasáin nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an scoil ag 091 593 119 nó ag ccc@gretb.ie chun pacáiste eolais a fháil.
Conraitheoir le ceapadh
Is cúis mhór áthais do phobal Choláiste Cholmcille go bhfuil an próiséas tairisceana chun conraitheoir tógála a cheapadh don mhór‑fhorbairt scoile ar siúl faoi láthair. Is céim mhór chun cinn í seo agus is cinnte go rachaidh an fhorbairt chun leasa agus chun tairbhe d’ógánaigh an cheantair, do dhaltaí atá anois i mbunscoileanna Chois Fharraige go háirithe.
Tógfar 12 Seomra Ranga breise, Halla Spóirt ⁊ Giomnáisiam, Seomra Teicneolaíochta, 2 Saotharlann Eolaíochta, Seomra Innealtóireachta, Seomra Adhmadóireachta, 2 Seomraí Ealaíne, Seomra Eacnamaíocht Bhaile, Seomra Teicstílí, Seomra Ceoil, Leabharlann, Cúirteanna Imeartha, Seomraí Ríomhaireachta chomh maith le Seomra Líníochta, Seomra Ilmheáin, Seomra Cumarsáide ⁊ Ceaintín Scoile agus go leor eile sa bhforbairt seo. Tá tuilleadh eolais faoin bhforbairt iontach seo ar shuíomh ghréasán na scoile.
€1,000 don Ospís
Bailíodh €1,000 ar mhaithe le hOspís na Gaillimhe ag maidin chaifé i gColáiste Cholmcille le gairid.
Deiseanna Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Gaeilge
Ranganna Gaeilge in Inis Fáil
Tá ranganna ag leibhéil éagsúla á n‑eagrú ag an bhFóram d’fhoghlaimeoirí in Inis Fáil sa Spidéal anois.
Tagann an Ciorcal Comhrá le chéile chuile Chéadaoin ag 6.20 i.n. Bíonn fáilte i gcónaí roimh dhaoine nua agus ní gá clárú roimh ré.
Bíonn an rang atá dírithe ag an mbun leibhéal ar siúil chuile Chéadaoin ag 7.30 i.n., agus bíonn an Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí ar siúl ar an Mháirt ag 7.00 i.n.
Ranganna do thuismitheoirí
Cuirfear tús go gairid le ranganna do thuismitheoirí i mbunscoileanna an cheantair. D’eagraigh na hOPTanna suirbhé i measc tuismitheoirí sna bunscoileanna ar fad sa Limistéar Pleanála Teanga agus is léir go bhfuil an‑éileamh ar ranganna Gaeilge.
Tosóidh na ranganna i Scoil Éinne, i Scoil Sailearna agus i Scoil na bhForbacha an tseachtain dar tús 4 Samhain tar éis an bhriseadh lár‑téarma.
Tá chuile eolas ar fáil ó na scoileanna féin nó ó na hOPTanna, Máire Úna agus Máire Treasa. Cuirfear an‑fháilte freisin roimh thuismitheoirí ghasúir atá ag freastal ar na hIonaid Luath Oideachais sa gceantar.
Deis oiliúna
Cuirfidh Bord Oiliúna agus Oideachais na Gaillimhe agus Ros Comáin tús le cúrsa dhá theangach dóibh siúd gur mian leo cáiliochtaí a bhaint le dul ag obair in earnáil an Chúraim Leanaí agus Luathoideachais.
In Ionad Breisoideachais Ros Muc a bheas an cúrsa ar bun, faoi dhó sa tseachtain, go ceann bliana. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne nó glaoch a chur ar 091 574 411 nó 087 065 3897.
Máire Ní Ghuairim á ceiliúradh
Beidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Conamara Láir ag reáchtáil oíche amhránaíochta, filíochta, scéalaíochta, ceoil agus caidrimh in ómós do Mháire Ní Ghuairim Dé Satharn seo, an 19 Deireadh Fómhair, ag 7.00 i.n.
Scríbhneoir, múinteoir, craoltóir, amhránaí agus damhsóir ab ea Máire; duine de laochra na Gaeilge agus an chultúir sa gcéad chuid den chéad seo caite — cosúil lena deirfiúir Sorcha. Ach taobh amuigh dá ceantar dúchais féin tá sí ligthe i ndearmad faraor. Ceannródaí i measc na mban ab ea í mar sin féin, agus i measc mhuintir na Gaeltachta fré chéile. Dé Máirt seo chaite, an 15 Deireadh Fómhair, cothrom trí fichid bliain ó bhásaigh í.
In Áras na hOllscoile (thall ó Áras Shorcha Ní Ghuairim) i Roisín na Maithníoch, Carna, a bheidh an comóradh ar siúl. Ní ghearrfar táille ach beidh sóláistí ar fáil agus beidh na fáiltí geala roimh chuile dhuine.
Postanna ar fáil
An Taibhdhearc
Tá An Taibhdhearc sa tóir ar léiritheoir, duine a bheas lárnach sa struchtúr nua eagraíochtúil atá a chur i bhfeidhm san amharclann.
Cruthaíonn, cuireann i láthair, agus tacaíonn an Taibhdhearc leis na taibhealaíona ag cothú na nuálaíochta agus na hilghnéitheachta, i gcomhar le healaíontóirí agus le pobal na Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain.
Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht, léiriúcháin, pleanáil, cláir agus léirithe.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce ag muireann.kelly@antaibhdhearc.ie le comhrá neamhfhoirmiúil a eagrú léi faoin ról seo.
Le hiarratas a dhéanamh, seol do CV agus litir chumhdaigh (nach faide ná dhá leathanach) ag míniú mar a thagann do chuid scileanna agus do thaithí le riachtanais an róil seo, chuig Muireann le “Iarratas ar Phost an Léiritheora” sa líne ábhair.
Déardaoin 31 Deireadh Fómhair 2024 ag 12 i.n. an spriocdháta d’iarratais. Reáchtálfar agallaimh ar an Luan 4 Samhain i bpearsa i nGaillimh nó ó chian ar Zoom. D’fhéadfadh babhtaí eile agallamh a bheith ann. Má tharlaíonn sin, ar an gCéadaoin 6 Samhain a bheas na hagallaimh sin ar siúl.
OPT sa gClochán
Ainmníodh an Clochán mar bhaile seirbhíse faoin bpróiséas don Phleanáil Teanga agus tá Forum Chonamara sa tóir ar Oifigeach Pleanála Teanga le Plean Teanga an Chlocháin a chur i bhfeidhm.
Tá duine cumasach, fuinniúil, a bhfuil líofacht aici/aige i léamh agus i scríobh na Gaeilge, mar aon le scileanna ríomhaireachta agus eolas ar na meáin shóisialta, agus a bhfuil taithí acu ar chur chun cinn na Gaeilge agus ar fhorbairt pobail, uathu don phost spéisiúil, nua seo.
Seol iarratais, roimh 30 Deireadh Fómhair, chuig events@forumconnemara.ie nó:
An Príomhfheidhmeannach,
EIR,
An Clochán,
Co. na Gaillimhe.
Súgradh Teo
Cuireann Léiriú Súgradh Teo., ábhar i nGaeilge ar fáil do chomhlachtaí éagsúla, Molscéal san áireamh, agus tá duine uathu le ábhar a chruthú do Tik Tok!
Mar sin, mas spéis leat na meáin dhigiteacha tá deis anseo duit! Níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh le maire@sugradhproductions.ie le tuilleadh eolais a fháil uaithi.
An Mháthair @ Club Leabhar Chois Fharraige
An Mháthair, úrscéal cáiliúil leis an údar Iodálach Grazia Deledda, a bheas faoi chaibidil ag Club Leabhar Chois Fharraige don chéad teacht le chéile eile dá gcuid ar an gCéadoin 13 Samhain Tigh Mholly ag 9.00 i.n.
Cás sagairt óig agus é teanntaithe idir a ghrá do bhean uasal agus a dhualgas do Dhia agus don Eaglais – agus dá mháthair – atá sa scéal seo. Áirítear La Madre ar sheoda nua‑litríocht na hIodáilise agus tá sé mar aidhm ag Club Leabhar Chois Fharriage aistiúchán amháin i nGaeilge a bheith ar an gclár acu chuile bhliain.
’Sí Máire Nic Mhaoláin a rinne an t‑aistriúchán seo, a bhuaigh duais Oireachtais i 1984. Tá neart leabhair aistrithe aici agus tá cáil ar leith uirthi as leagan Gaeilge a chur ar an gcéad leabhar de shraith Harry Potter, Harry Potter agus an Órchloch.
Siansa Ghael Linn
Is comórtas é Siansa do ghrúpaí ceoil traidisiúnta. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, le spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’óg thallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.
Cé gur comórtas atá i gceist, tugtar cabhair agus cúnamh do cheoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus mar is i nGaeilge a bhíonn chuile imeacht dá gcuid.
Tá tráthchlár na bliana seo ar fáil agus is í an Aoine 25 Deireadh Fómhair an spriocdháta le cur isteach ar an gcomórtas. Tá chuile eolas le fáil ar shuíomh Ghael Linn nó déan teagmháil le Máiréad Ní Neachtain: maireadn@galeinn.ie / 087 359 3597.
Éigse Chomóradh Mhichael Mháire Ghabha
Ní fada anois go mbeidh Éigse Chomóradh Mhichael Mháire Ghabha ar bun thiar i gceantar Charna.
Bhí an‑chion agus an mheas ar Mhichael Mháire Ghabha ar fud Chonamara agus le roinnt blianta anuas eagraíonn buíon dá chairde agus dá ghaolta féile an‑taitneamhach i gcuimhne air. Tá clár breá eile curtha i dtoll a chéile acu i mbliana agus é fógartha go poiblí anois.
Cuirfear tús leis ar an Aoine 25 Deireadh Fómhair le caint ón Ollamh Angela Bourke in Áras na hOllscoile i Roisín na Mainíoch, agus idir sin agus an Domhnach 27 Deireadh Fómhair, beidh ceardlanna agus seisiúin cheoil, damhsa agus amhránaíochta ar bun in Áras Shorcha Ní Ghuairim, i dTigh Mheaic ⁊ i dTigh Mhóráin.
An tOireachtas
Ticéid
Ní fada uainn Oireachtas ’24, a bheas ar siúl i gCill Airne idir 30 Deireadh Fómhair ⁊ 3 Samhain.
Is féidir ticéid a chur in áirithe ar líne roimh ré.
Criú
Bíonn foireann ag teastáil le cuidiú le féile chomh mór a riaradh agus bheadh an tOireachtas an‑bhuíoch díot ach roinnt ama a chur ar fáil dóibh le cuidiú leo.
Ní mór do na hoibrithe deonacha seo a bheith os cionn ocht mbliana déag. Níl le déanamh ach scríobh chuig eolas@antoireachtas.ie nó glaoch ar 091 572 545 le clárú don chriú.
Bus chuig an Oireachtas
Tá Peadar Óg ag eagrú busanna le daoine a thabhairt go Cill Airne.
Fágfaidh bus Crosbhóthar Thír an Fhia ar an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair ag 9.00 r.n agus fágfaidh ceann eile ar an Aoine 1 Samhain ag 9.00 r.n freisin.
Fillfidh an bus ó Óstán Gleneagle ar mhaidin an Domhnaigh ag 11.30 i.n.
Le suíochán a chur in áirithe scríobh chuig peadarogned@gmail.com nó glaoigh ar 087 185 8450.