Coiste Áitiúil an Oireachtais 1974
Ó chlé go deas: Colm Ó Donnchadha, Peadar Mac an Iomaire, Joe Steve Ó Neachtain (Cathaoirleach), Domhnall Ó Broin, Bernadette Bean Uí Mhuirí, Bairbre Bean Uí Churraidhin, Pól Ó Foighil (Rúnaí), Seán Ó Sruthán, Seán Ó Conghaile

Féile Chois Fharraige ’24

Beidh an dá cheolchoirm a cuireadh ar athló an tseachtain seo caite ar bun i Seanscoil Sailearna ar an Satharn agus ar an Domhnach seo, an 12 ⁊ 13 Deireadh Fómhair.

Beidh Ceolchoirm Bhliantúil Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ar bun ar an Satharn, ag tosú ag 7.00 i.n. Cuirfear togha agus rogha na fonnadóireachta, an cheoil agus an damhsa ó ghlúin óg an cheantair I láthair. Ní bheidh táille ag an doras ach beidh raifil ann. Bíodh airgead tirim in bhur bpócaí!

Beidh Ceolchoirm Chomórtha Oireachtas ’74 ar bun ar an Domhnach sa Seanscoil ag 8.00 i.n. Leathchéad bliain ó shin a d’fhág an tOireachtas Baile Átha Cliath leis an Oireachtas a reáchtáil i gceantar Gaeltachta. Go Cois Fharraige a tháinig an fhéile agus is comóradh ar an ócáid stairiúil sin a bhí mar théama i gclár Fhéile Chois Fharraige na bliana seo. Tá obair mhór déanta ag Cumann Forbartha Cois Fharraige leis an gceolchoirm seo a eagrú áit a gcuirfear croí-ealaíona an Oireachtais i láthair idir amhráin, ceol, damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte agus amhrán saothair.

Caitlín Ní Chualáin a bheas ina bean tí agus i measc na n‑aíonna beidh Colm Jimmy Ó Curraoin, buaiteoir Chorna Uí Riada 2023; Bróna Ní Cheallacháin; fliúiteadóirí an cheantair, Neansaí Ní Choisdealbha, Caoimhín Ó Sé, Deirdre Hurley agus Barry Kerr; Seitdamhsóirí Chois Fharraige; Mairéad Hurley; Fearghas Mac Lochlainn ⁊ Éamon Ó Donnchadha; Traolach Ó Conghaile ⁊ Seán Ó Gráinne; Mike Ó Conaola; an damhsóir Gearóid Ó Droighneáin agus go leor eile. Is féidir ticéid a chur in áirithe ach teagmháil a dhéanamh leis an bhFóram.

Taighde Dána sa tSeanscoil

Is tionól ealaíonta é Taighde Dána, a chruthaíonn spás ar leith d’ealaíontóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta chun a gcleachtas cruthaitheach féin a phlé, a fhorbairt agus a roinnt, agus chun an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta a spreagadh chun gnímh.

Beidh teacht le chéile acu i Seanscoil Sailearna ar an Aoine agus ar an Satharn beag seo. Meascán den cheol traidisiúnta agus den cheol comhaimseartha i gceist.

Cuirfear ceardlanna ceoil, amhránaíochta agus cumadóireachta ar fáil, chomh maith le seisiúin phlé, seisiúin cheoil agus seisiúin amhránaíochta. Beidh ceolchoirmeacha ann freisin, a dhíríonn ar an nasc idir na healaíona dúchais agus an nua‑chumadóireacht chomhaimseartha.

Is iad ealaíontóirí na bliana seo:

Beidh siad iad uilig faoi stiúir an Ollaimh Tríona Ní Shíocháin agus Marianne Ní Chinnéide.

Beidh na ceolchoirmeacha ar bun san oíche Dé hAoine ag 8.00 agus san iarnóin ar an Satharn ag tosú ag 1.00 i.n. Beidh saor chead isteach ag na himeachtaí ar fad ach ní mór clárú roimh ré ag taighdedana@ollscoilnagaillimhe.ie.

Íoschóipeáil an clár uilig (i riocht PDF).

Comórtas Pheait Phádhraic Tom

Beidh comórtas bliantúil i gcuimhne ar an amhránaí sean‑nóis Peait Phádhraic Tom Ó Conghaile ar siúl i Scoil Éinne sa Spidéal ar an Domhnach 27ú Deireadh Fómhair ag meánlae.

Bhí an‑cháil agus an‑chion ar Pheait, arbh as Leitir Péic ó thuaidh den Spidéal dó, agus tá cúpla taifeadadh leis le fáil ar shuíomh Thaisce Chois Fharraige. Eisíodh dlúthcheirnín leis agus d’fhoilsigh Coiscéim cuimhní cinn dá chuid, in eagar ag Diarmuid Ó Gráinne, dar teideal Peait Phádraic Tom Ó Conghaile: A Scéal Féin. Mhúin sé amhráin sean‑nóis do ghasúir sa nGaelacadamh sa Spidéal idir na blianta 1980 agus 1992. Is cinnte gur thug sé an‑spreagadh do dhaoine óga le amhráin sean‑nóis a fhoghlaim agus a chasadh lena bhealach cneasta, séimh.

Tugann an ócáid seo deis do dhaoine óga atá ag freastal ar ranganna sean‑nóis ar fud Chonamara toradh a gcuid oibre agus foghlama a chur i láthair lucht éisteachta; rud a chothaíonn muinín iontu agus a chuidíonn leo a bheith páirteach i gcomórtais eile cosúil le hOireachtas na Gaeilge i mí na Samhna.

Cheithre rannóg atá sa gcomórtas: do dhaoine faoi 8, faoi 12, faoi 15 agus faoi 18. Ní gá foirmeacha a líonadh ná clárú roimh ré. Níl le déanamh ach teacht go Scoil Éinne ar an Domhnach 27 Deireadh Fómhair ag meánlae.

An Snámh Bándearg!

Tá an Institiúid Náisiúnta um Thaighde ar Ailse Cíche ag iarraidh ar an oiread daoine agus is féidir é ó cheann ceann na tíre Swim in Pink a dhéanamh ar an Domhnach, 13 Deireadh Fómhair, le hairgead a chruinniú agus le feasacht a ardú i leith taighde ar ailse chíche.

Seo an tríú bliain den fheachtas seo agus tiocfaidh grúpa le chéile ag Seanchéibh an Spidéil an Domhnach beag seo an 13 Deireadh Fómhair ag meánlae le tacú leis an bhfeachtas náisiúnta seo.

€25 an táille le clárú agus rachaidh an t‑airgead ar fad a bhailítear chuig an Institiúid Náisiúnta um Thaighde ar Ailse Cíche. Téigh chuig láithreán Swim in Pink, roghnaigh Join a Team agus ansin, roghnaigh An Spidéal le clárú nó le síntiús a thabhairt.

Gheobhaidh tú caipín snámha saor in aisce chomh maith!

Ceolchoirm don Ospís

Beidh Côr Meibion Ardudwy, cór fear as an mBreatain Bheag a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, i mbun Ceolchoirmeacha Cuimhneacháin ar leith ar mhaithe le hOspís na Gaillimhe le linn na seachtaine seo chugainn. Beidh an cór seo, a bhfuil gradaim buaite aige, ag casadh i Séipéal Bhearna ar an gCéadaoin 16 Deireadh Fómhair agus i Séipéal San Aibhistín ar an tSráid Láir i nGaillimh ar an Déardaoin 17 Deireadh Fómhair agus tabharfar deis don lucht éisteachta sásamh a bhaint as meascán eicléictiúil de shaothair ceoil chórúil thraidisiúnta agus chomhaimseartha.

Bunaíodh Côr Meibion Ardudwy, Fir Harlech, sa mbliain 1953. Is as taobh istigh de dheich míle ó Harlech gach ball den chór, ceantar ina labhraíonn formhór na ndaoine an Bhreatnais, ceann de na teangacha is sine san Eoraip atá fós á labhairt. Canann an cór meascán de sheánraí ceoil — slám popcheoil, ceol na ndaoine agus iomainn chomh maith le píosaí clasaiceacha agus meascán eicléictiúil d’amhráin as an mBreatain Bheag, idir sheanamhráin agus amhráin na linne seo.

Chas an cór sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Ostair, in Albain, i Sasana, sa Bhriotáin, san Eastóin, san Iorua, sa Pholainn agus i gCorn na Breataine le blianta beaga anuas. Is minic a thug siad cuairt ar Ghaillimh agus ar Chonamara le 35 bliain anuas, 2019 go deireanach.

€10 an duine atá na ticéid agus ní ghearrfar costas ar ghasúir atá faoi dhá bhliain déag d’aois. Is féidir na ticéid a fháil ó Ospís na Gaillimhe sa Rinn Mhór ach glaoch ar 091 770 868, nó dul ar líne chuig a shiopa. Beifear in ann ticéid a cheannach ag an doras freisin. Rachaidh an t‑airgead ar fad a bhaileofar chuig Ospís na Gaillimhe.

Deiseanna do Fhoghlaimeoirí Gaeilge

Ciorcal Comhrá

Tá an Ciorcal Comhrá dóibh siúd atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge faoi lán tseoil anois. Tagann an grúpa le chéile chuile Chéadaoin in Inis Fáil sa Spidéal ag 6.30 agus chuirfeadh Máire agus Caoimhe, áisitheoirí an ghrúpa, fáilte roimh bhaill nua.

Má tá aithne agat ar aon duine atá ag iarraidh tuilleadh deiseanna labhartha Gaeilge bheifí buíoch díot dá gcuirfeá ar an eolas iad faoin gCiorcal Comhrá seo. Ní gá clárú agus níl aon chostas i gceist.

Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí

Tá cúpla spás fós fanta ar an gCúrsa Cuimsitheach Gramadaí a bheidh á mhúineadh ag Séamus Ó Máirtín agus a gcuirfear tús leis ar an Mháirt seo chugainn, 15 Deireadh Fómhair.

Is in Inis Fáil sa Spidéal a bheidh na ranganna ar siúl ó 7.00 go 8.30 i.n chuile Mháirt. Leanfar leis an gcúrsa 20 seachtaine seo sa mbliain nua tar éis bhriseadh na Nollag. €100 táille iomlán an chúrsa.

Ba mhaith le Séamus go mbeadh daoine i láthair ó thús an chúrsa le nach gcaillfidh siad amach ar aon ghné de. Má tá tuilleadh eolais uait faoin gcúrsa féin déan teagmháil le Séamus ag cursagramco@gmail.com.
Is féidir clárú don chúrsa ach teagmháil a dhéanamh leis an bhFóram.

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Tá an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024 fógartha! Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár‑iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.

Tá roinnt daoine agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le LPT Chois Fharraige ar liosta na n‑ainmniúchán. Ainmníodh Is Mise de chuid Meangadh Fibín do ghradam sraith teilifíse na bliana do dhaoine óga; ainmniodh Maitiú Ó Coimín, iriseoir le Tuairisc, do ghradam Colúnaí na Bliana; ainmníodh beirt as an LPT, Sinéad Ní Neachtain, Nuacht RTÉ ⁊ TG4, agus Pádraic Ó Ciardha, Tuairisc, do ghradam Iriseoir na Bliana; ainmníodh Aoife Ní Thuairisg don ghradam Pearsa Teilifíse na Bliana; agus Séamus Ó Scanláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta ⁊ TG4, don ghradam Craoltóir Solabhartha na Bliana. Trealaíonn muid a n‑ainmniúchán leanar gcomharsain anseo san LPT.

Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas ar leith a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 30 Deireadh Fómhair 2024 san INEC i gCill Airne.

Máire Ní Ghuairim á ceiliúradh

Dé Máirt seo chugainn, an 15 Deireadh Fómhair, beidh sé cothrom trí fichid bliain ó bhásaigh Máire Ní Ghuairim, duine de laochra na Gaeilge agus an chultúir sa gcéad chuid den chéad seo caite.

Scríbhneoir, múinteoir, craoltóir, amhránaí agus damhsóir ab ea Máire — cosúil lena deirfiúir Sorcha — ach taobh amuigh dá ceantar dúchais féin tá sí ligthe i ndearmad faraor. Ceannródaí i measc na mban ab ea í mar sin féin, agus i measc mhuintir na Gaeltachta fré chéile.

Seoladh Ceol na Mara, láithreán gréasáin mar gheall uirthi, ag Féile Joe Éinniú i mbliana agus tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Conamara Láir ag reáchtáil oíche chomhluadair ina hómós ag 7.00 i.n. ar an Satharn 19 Deireadh Fómhair. In Áras Shorcha Ní Ghuairim i Roisín na Maithníoch, Carna, a bheidh an comóradh seo.

Oíche amhránaíochta, filíochta, scéalaíochta, ceoil agus caidrimh a bheas ann. Meabhrófar don phobal a ildánaí is a bhí Máire agus cuirfear samplaí dá saothar i láthair.

Beidh cead isteach saor in aisce, beidh sóláistí ar fáil agus beidh fáilte mhór roimh chách.

Ciorcal Scríbhneoireachta Chois Fharraige

An bhfuil scéal le hinseacht agat? Má tá tú i mbun pinn, agus fonn ort comhairle agus spreagadh a fháil ó scríbhneoirí cruthaitheacha eile, níl rud is fearr a dhéanfá ná a bheith páirteach sa gCiorcal Scríbhneoireachta a thagann le chéile ar an gcéad Dhéardaoin de chuile mhí sa Spidéal.

Tá ionad nua aimsithe ag an ngrúpa anois agus beidh na scríbhneoirí agus an hábhair scríbhneoirí ag teacht le chéile feasta in Inis Fáil, sin Oifigí Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, i lár shráidbhaile an Spidéil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Mháire ag 086 822 0272.

Siúlóid i gCarna

Beidh Féile Siúlóide Charna ar bun idir an 18 agus 20 Deireadh Fómhair.

Tá cheithre cinn de shiúlóidí éagsúla beartaithe, idir siúlóidí portaigh agus cladaigh, ceann chuig oileán tréigthe Fhinis ar an Satharn ina measc. Ní siúlóidí dúshlánacha iad. Luaitear ‘leibhéal éasca’ leis an gcuid is mó díobh.

Tá chuile eolas le fail ó Dhamhnait Bhreathnach ag bdamhnait@yahoo.ie nó tré ghlaoch ar 087 654 8950 nó 087 909 3273.

Dátaí don Dialann

Féile Grinn na Gaillimhe

Beidh ceann de sheisiúin an Galway Comedy Festival ar bun i dteach ósta Cois Cuan sa Spidéal ar an Mháirt 22 Deireadh Fómhair. Gáire as Gaeilge atá geallta, á chur i láthair d’aoisghrúpa os cionn ocht mbliana déag ag Hector Ó hEochagáin, Aideen Mc Queen agus Eddie Mullarkey. Osclófar na doirse ag a 7.00 i.n. agus tósóidh an greann ag a 8.00.

€20 atá ar na ticéid agus iad le fáil ar an doras nó ar shuíomh na Féile.

Cuas i Stiúideó Cuan

Beidh ceol bríomhar Chiarraí Thiar le cloisteáil i Stiúideó Cuan sa Spidéal ar an Aoine 18 Deireadh Fómhair. Grúpa ceoil réasúnta nua é Cuas, le Méabh Ní Bheaglaoich, boscadóir agus amhránaí, Nicole Ní Dhubhshláine, ar an bhfliúit agus ar an gconsairtín, Niamh Varian-Barry, amhránaí agus seinnteoir fidile agus vióla, agus Kyle Macaulay á dtionlacan ar an ngiotár agus ar an mbasúcaí.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite.

Sean‑Nós Tigh Phádraicín

Bhí sár‑oíche amhránaíochta i dTigh Phádraicín sna Forbacha Dé Domhnaigh seo caite, agus sé dhuine dhéag ar fad, idir óg agus aosta, ag gabháil fhoinn!

Ach má chaill tú amach air, cén dochar? mar go bhfuil sé i gceist gur rud rialta a bheidh sna seisiúin amhránaíochta seo i dTigh Phádraicín. Beidh an chéad theacht le chéile eile ann ar an Domhnach 27 Deireadh Fómhair agus ar an Domhnach deireanach de chuile mhí ina dhiaidh sin.

An tOireachtas

Ní fada uainn Oireachtas na Gaeilge! Turas go Cill Airne, Contae Ciarraí, atá i gceist arís i mbliana agus cuirfear tús le himeachtaí ar an gCéadaoin 30 Deireadh Fómhair.

Leanfar leis an bhFéile go dtí an Domhnach 3 Samhain.

Tá teacht ar chuile eolas ag láithreán an Oireachtais.