Aingeal Ní Chualáin, Áine Ní Dhroighneáin ⁊ Johnny Óg Connolly ag Féile Chois Fharraige

Féile Chois Fharraige ’24

Cuireadh tús bríomhar le Féile Chois Fharraige aréir nuair a threoraigh an Dochtúir Aingeal Ní Chualáin an slua breá a bhí bailithe sa bPota i mBaile na hAbhann tríd an leas a bhain Máirtín Ó Cadhain as damhsa agus amhráin ina chuid scéalta. Ba mhór a chuir Johnny Óg Connolly, Seosamh Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin leis an ócáid lena gcuid amhráin, ceoil ⁊ damhsa.

Seosamh Ó Neachtain ⁊ Áine Ní Dhroighneáin ag déanamh válsa.

Tá an dá cheolchoirm a bhí beartaithe don Aoine agus don Satharn ar athló de bharr bás sa gceantar.

Beidh Ceolchoirm Bhliantúil Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ar bun i Seanscoil Sailearna ar an Satharn 12 Deireadh Fómhair.

Níl aon socrú déanta faoi Cheolchoirm Chomórtha Oireachtas ’74 ach tá súil é a reáchtáil go luath amach anseo.

Spáinfear an scannán clúiteach Kneecap anocht agus beidh lán an tí ann. Is cinnte go leanfaidh cuid den slua ar aghaidh go dtí Tigh Mholly don seisiún amhránaíochta agus ceoil ina dhiaidh.

Beidh cuid d’fhoireann Oifig an Oireachtais ar chamchuairt ar Chois Fharraige ar an Satharn, agus a gceanncheathrú acu i Scoil Éinne sa Spidéal. Cuirfidh Sarah Ghriallais, Órla Ní Fhéinneadha, Gearóid Ó Droighneáin, Siobhán Ní Mhuimhneacháin ⁊ Niamh Ní Dhuinnín máistir-ranganna ar fáil do dhaoine faoi 18 san amhránaíocht sa damhsa agus sna scileanna taibhléirithe. Beidh deis ag daoine cur isteach ar chomórtais an Oireachtais nó clárú leis an bhfoireann deonach a theastaíonn le Féile an Oireachtais féin a reáchtáil. Buailigí isteach chucu!

Tabharfaidh Eoin Ó Tuairisg daoine ar shiúlóid thart ar bhóithríní an Locháin Bhig agus an Tí Mhóir ag tosú ag meánlae ar an Domhnach 6 Deireadh Fómhair. Tiocfaidh daoine le chéile i gcarrchlós an Phoitín Stil.

Cuirfear fáilte romhat ag an maidin chaife mhíosúil a eagraíonn Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga sa gCruiscín Lán ar an Aoine 4 Deireadh Fómhair ag 11.00 i.n.

Ná dearmad ach oiread go mbeidh seisiún amhránaíochta Tigh Phádraicín sna Forbacha ar an Domhnach 6 Deireadh Fómhair ag 8.00 i.n faoi stiuír Sheáin Uí Ghráinne.

Club Leabhar Chois Fharraige

Saighdiúr, úrscéal leis an údar Conallach Cathal Ó Searcaigh a bheas faoi chaibidil ag Club Leabhar Chois Fharraige don chéad teacht le chéile eile dá gcuid ar an gCéadoin 9 Deireadh Fómhair Tigh Mholly ag 9.00 i.n.

Tugtar radharc scanrúil don léitheoir ar an gcéad chogadh domhanda trí shúile fhir óig as Gaeltacht Chloich Chionnaola agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa gcath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.

In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal.

Tá clár an tséasuir seo fógraithe ag an gClub agus éagsúlacht bhreá sna seánraí liteartha a bheas á gcíoradh ag an gclub, idir clasaic de chuid chanóin na litríochta Gaeilge, leabhar faoi Chois Fharraige, úrscéal comhaimseartha agus aistriúchán. Bíonn fáilte roimh bhaill nua ag tráth ar bith den bhliain.

Ciorcal Scríbhneoireachta Chois Fharraige

An bhfuil scéal le hinseacht agat? Má tá tú i mbun pinn agus fonn ort comhairle agus spreagadh a fháil ó scríbhneoirí cruthaitheacha eile níl rud is fearr a dhéanfá ná a bheith páirteach sa gciorcal scríbhneoireachta seo a thagann le chéile ar an gcéad Dhéardaoin de chuile mhí sa Spidéal.

Tá ionad nua aimsithe ag an ngrúpa anois agus beidh na scríbhneoirí agus na hábhair scríbhneoirí ag teacht le chéile feasta in Inis Fáil, sin Oifigí Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga i lár shráidbhaile an Spidéil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Mháire ag 086 822 0272.

Deiseanna do Fhoghlaimeoirí Gaeilge

Ciorcal Comhrá

Tá grúpa suailceach, spreagúil ag teacht le chéile chuile Chéadaoin ag 6.30 le tamall anuas agus iad ag cleachtadh a gcuid Gaeilge agus tá fáilte roimh dhaoine nua.

Ní gá clárú don chiorcal comhrá seo. Níl le déanamh agat ach bualadh isteach chuig oifig Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga in Inis Fáil sa Spidéal ag 6.30 i.n ar an gCéadaoin.

Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí

Cuirfidh Séamus Ó Máirtín tús leis an gCúrsa Cuimsitheach Gramadaí ar 15 Deireadh Fómhair 2024. Mairfidh an cúrsa seo 20 seachtaine. Beidh na ranganna ar siúl in Inis Fáil sa Spidéal ó 7.00 – 8.30 i.n chuile Mháirt. Leanfar leis an gcúrsa sa mbliain nua tar éis briseadh na Nollag. €100 táille iomlán an chúrsa.

Tá Séamus ag moladh go láidir go mbeadh daoine i láthair ó thús an chúrsa le nach gcaillfidh siad amach. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin gcúrsa féin, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Séamus ag cursagramco@gmail.com.

Is féidir clárú don chúrsa ach ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@gmail.com.

Postanna san ITT

Tá folúntais ag an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) in Indreabhán d’Oibrithe Luathbhlianta agus AIMS chun dul ag obair le gasúir réamhscoile agus naíolainne.

Ní mór Gaeilge líofa agus cáilíocht Leibhéal 5 ar a laghad i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann) a bheith ag iarratasóirí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Chaitríona, Bainisteoir an ITT, ag bainisteoir@ittancranntaca.ie nó ar WhatsApp ar 087 226 4672.

Ceolchoirm don Ospís

Beidh Côr Meibion Ardudwy as an mBreatain Bheag, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, i mbun Ceolchoirmeacha Cuimhneacháin speisialta ar mhaithe le hOspís na Gaillimhe an Deireadh Fómhair seo. Beidh an cór fear seo a bhfuil gradaim buaite aige ag casadh i Séipéal Bhearna ar an gCéadaoin 16 Deireadh Fómhair agus i Séipéal San Aibhistín ar an tSráid Láir i nGaillimh ar an Déardaoin 17 Deireadh Fómhair, agus beidh deis ag an lucht éisteachta lán sult a bhaint as meascán eicléictiúil de shaothair ceoil chórúil thraidisiúnta agus chomhaimseartha an chóir.

Bunaíodh Côr Meibion Ardudwy – Fir Harlech – sa bhliain 1953. Is as taobh istigh de dheich míle ó Harlech gach ball den chór, ceantar ina labhraíonn formhór na ndaoine an Bhreatnais; ceann de na teangacha is sine san Eoraip atá fós á labhairt. Canann an cór meascán de sheánraí ceoil – slám popcheoil, ceol na ndaoine agus iomainn, chomh maith le píosaí clasaiceacha agus meascán eicléictiúil d’amhráin as an mBreatain Bheag; idir sheanamhráin agus amhráin na linne seo.

Bhí an cór i mbun canta sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Ostair, in Albain, i Sasana, sa Bhriotáin, san Eastóin, san Iorua, sa Pholainn agus i gCorn na Breataine le blianta beaga anuas. Is minic a thug siad cuairt ar Ghaillimh agus ar Chonamara le 35 bliain anuas, 2019 go deireanach.

€10 an duine atá na ticéid dá gceolchoirmeacha i nGaillimh agus ní ghearrfar costas ar ghasúir atá faoi dhá bhliain déag d’aois. Is féidir na ticéid a fháil ó Ospís na Gaillimhe sa Rinn Mhór ach glaoch ar Thiomsú Airgid Ospís na Gaillimhe ar an uimhir 091 770 868 nó dul ar líne agus beifear in ann ticéid a cheannach ag an doras. Rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar chuig Ospís na Gaillimhe.

Cartlann Scéal, Scéal, Scéal…

Cuireadh breis ⁊ ceithre fichid sean-eagrán de Scéal, Scéal, Scéal… ar líne arís an deireadh seachtaine seo caite. I mblianta a 2021, 2022 ⁊ 2023, agus in earrach 2024 a céadfoilsíodh iad. Tá mám bheag fós le teacht ach b’fhiú súil a chaitheamh ar an gcartlann mhéadaithe seo.