Seán Ó Tuairisg, an Seanadóir Seán Kyne, Caitríona Uí Bhéarra, Maria Moynihan Lee agus Peigí Uí Chéidigh ag ocáid sheoladh Phlean Féidearthachta Seanscoil Sailearna.
Grianghraf: Nóirín Ní Lochlainn

Plean Féidearthachta na Seanscoile

Sheol Caitríona Uí Bhéarra, Príomhoide Scoil Sailearna, Staidéar Féidearthachta do Sheanscoil Sailearna, a ndearna Comharchumann Sailearna coimisiúnú air ar an Domhnach 22 Meán Fómhair.

An comhlacht Milestone Inventive a réitigh an staidéar agus labhair Maria Moynihan Lee ón gomhlacht faoin modh oibre, faoin gcur chuige agus faoi na moltaí a rinne siad. Is plean gnó chúig bhliana atá ann gur forbairt ar an Seanscoil mar fhiontar Cultúrtha agus Turasóireachta atá mar sprioc aige. Mhínigh Peigí Uí Chéidigh, bainisteoir an Chomharchumainn, gur obair mhór atá i gceist agus gur iomaí gné atá ann.

Ar na nithe ar leagadh béim orthu tá an seó Sruth na Teanga, a d’fhorbair Branar Téatar do Pháistí do Ghaillimh 2020, a bheith lonnaithe sa Seanscoil; go meallfaí breis léirithe drámaíochta chun na hamharclainne, go bhforbrófaí an tSeanscoil mar Ionad Oideachais agus Oiliúna, go ndeanfaí freastal ar thurasóirí le hionad ar mhúnla aire na Fraince a réiteach, go mbeadh moil chianoibre le deascanna sealaíochta ann agus go ndéanfaí Scoil Samhraidh, ar mhúnla Scoil Magill i nDún na nGall, d’Éigse Joe Steve.

Féile Chois Fharraige ’24

Cuirfear tús le Féile Chois Fharraige ’24 ar an gCéadaoin seo chugainn, 2 Deireadh Fómhair. Leathchéad bliain ó shin a d’fhág an tOireachtas Baile Átha Cliath leis an Oireachtas a reáchtáil i gceantar Gaeltachta. Go Cois Fharraige a tháinig an fhéile agus déanfar comóradh air sin le linn Fhéile Chois Fharraige na bliana seo.

Tá Cumann Forbartha Cois Fharraige ag eagrú coirmcheoil mhóir ar an Satharn 5 Deireadh Fómhair ina gcuirfear croí-ealaíona an Oireachtais i láthair idir amhráin, ceol, damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte agus amhrán saothair.
Tabharfaidh oifig an Oireachtais féin camchuairt ar Chois Fharraige ar an Satharn agus beidh a gceanncheathrú acu i Scoil Éinne sa Spidéal.

An Chéadaoin 2 Deireadh Fómhair

8.15 i.n. Déanfaidh an Dr Aingeal Ní Chualáin plé ar amhráin agua ar dhamhsa i luathscríbhíní Mháirtín Uí Chadhain i bPota Caife i mBaile na hAbhann agus beidh an t‑amhranaí Áine Ní Dhroighneáin, an damhseoir Seosamh Ó Neachtain agus an boscadaóir Johnny Óg Connolly ina teannta le léiriú beo a dhéanamh ar a cuid cante. Beidh blogam agus blaisíní ar fáil.

Ní gá ticéaid a chur in áirithe agus níl costas ar an doras.

An Déardaoin 3 Deireadh Fómhair

8.15 i.n. Taispeánfaidh Club Scannán Sailearna an scannán cáiliúil Kneecap sa Seanscoil ag €9 ar na ticéid agus iad ar fáil ag clubscannan.ie.

9.30 i.n. ar aghaidh. Beidh seisiún amhranaíochta agus ceoil Tigh Mholly.

An Aoine 4 Deireadh Fómhair

11.00 r.n. Seo an chéad Aoine den mhí agus beidh an mhaidin chaife mhíosúil ar bun sa gCruiscín Lán sa Spidéal.

7.00 i.n. Beidh ceolchoirm bhliantúil Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ar bun sa tSeanscoil. Cuirfear togha agus rogha na fonnadóireachta, an cheoil agus an damhsa ó ghlúin óg an cheantair i láthair.

Ní bheidh táille ag an doras ach beidh raifil ann. Tugaigí libh airgead tirim!

An Satharn 5 Deireadh Fómhair

10.00 r.n. Cuirfear tús le camchuairt an Oireachtais ar Chois Fharraige. I Scoil Éinne sa Spidéal a bheas an lárionad agus cuirfí Máistrí na nEalaíon trí cheardlann ar fáil do dhaoine óga agus beidh ceardlann amháin ar fáil do dhaoine fásta:

  • Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Sarah Ghriallais ⁊ le Orla Ní Fheinneadha.
  • Damhsa ar an Sean-Nós le Gearóid Ó Droighneáin.
  • Scileanna Taibhléirithe le Siobhán Ní Mhuimhneacháin ⁊ Maebh Ní Dhuinnín.
  • Cumadóireacht Lúibíní le Ray Mac Mánais ⁊ le Joe Ó Dónaill. (Do dhaoine fásta.)

Níl aon táille i gceist ach ní mór clárú roimh ré.

Beidh deis ag an bpobal chomh maith:

  • Clárú do Chomórtais Ardáin an Oireachtais 2024.
  • Clárú do Chriú an Oireachtais 2024.
  • Ticéid chuig Oireachtas na Samhna a cheannach ar mhargadh réamhfhéile.
  • Tuairimí/Moltaí maidir leis an Oireachtas a phlé leis an bhfoireann.

8.00 i.n. Beidh Ceolchoirm Mhór na Féile ar bun sa tSeanscoil. Cuirfidh Caitlín Ní Chualáin oíche bhreá siamsaíochta i láthair thar cheann Chumann Forbartha Chois Fharraige, áit a mbeidh an‑éagsúlacht ábhar ann idir fonnadóireacht, ceol, agallamh beirte, amhrán saothair, damhsa ⁊ scéalaíocht. Beidh roinnt buaiteoirí Oireachtais i measc na n‑aíonna. €15 agus €10 atá ar na ticéid; iad le fáil ag an doras ar airgid tirim.

An Domhnach 6 Deireadh Fómhair

12.00 meán lae. Beidh siúlóid threoraithe thart ar 5 chileaméadar faoi stiúir an treoraí ghairmiúil Eoin Uí Thuairisg ar bun thart ar an Lochán Beag agus an Teach Mór. Bíodh bróga cearta siúil ort, éadaí báistí ar fhaitíos na bhfaitíos agus bíodh an seicéad lonrach/hi-viz leat freisin!

6.00 i.n. Beidh seisiún ceoil i gCois Cuan sa Spidéal.

8.00 i.n. Beidh seisiún amhránaíochta faoi stiúir Sheáin Uí Ghráinne ar bun Tigh Phádraicín sna Forbacha.

Maidin Chaife Tigh Standún

Beidh maidin chaife ar mhaithe le tiomsú airgid d’Oispís na Gaillimhe ar bun i dTigh Standúin an Satharn beag seo 28 Meán Fómhair idir 10.00 r.n. agus 2.00 i.n. Is cuid de lá naisiúnta tiomsaithe síntiús don Oispís é seo, a bhfuil comhlacht Bewleys ag déanamh urraíochta air.

Ceolchoirm sa nGarraí Glas

Tá tráthnóna breá ceoil agus siamsaíochta geallta ag Aonghus Ó Coistealbha dúinn sa nGarraí Glas sna Creagáin ar an Satharn beag seo, 28 Meán Fómhair.

Tá scoth na gceoltóirí ag teacht agus is cinnte go mbeidh cúpla uair an chloig an‑taitneamhach ar fáil amuigh faoin aer. Beidh an cruitire Úna Ní Fhlannagáin ann, an boscadóir Breanndán Ó Beaglaoich (fear atá ar ais slán sábháilte óna thuras fada ó Bhaile na bPoc go Ulaanbataar sa Mongóil), Rónán Ó Snodaigh de chuid Kila, mar aon leis an veileadóir Aidan Connolly agus an píobaire Pádraic Keane.

Cuir do thicéad in áirithe ar Evenbrite gan mhoill.

Tósóidh an spraoi ag 3.00 i.n agus leanfaidh sé go dtí 6.30 i.n ar a laghad.

Tacaíochtaí Gaeilge an Fhóraim

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire Treasa agus le Máire Úna faoi na deiseanna foghlama seo thíos nó má tá aon cheist agat faoi ranganna nó tacaíochtaí teanga.

Ciorcal Comhrá

Tagann grúpa suáilceach, spreagúil le chéile don Chiorcal Comhrá chuile Chéadaoin ag 6.30 i.n. in Inis Fáil sa Spidéal. Tá fáilte i rith an ama roimh dhaoine nua. Ní gá clárú don imeacht seo; níl le déanamh agat ach bualadh isteach.

Ranganna Gaeilge do Thosaitheoirí

Cuireadh tús Dé Céadaoin seo caite le Rang Gaeilge do thosaitheoirí. Is cúrsa 10 seachtaine é seo agus bíonn sé ar siúl in Inis Fáil idir 7.30 i.n agus 9.00 i.n chuile Chéadaoin.

Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí

Cuirfidh Séamas Ó Máirtín tús le Cúrsa Cuimsitheach Gramadaí a mhairfidh 20 seachtaine ar 14 Deireadh Fómhair. Beidh na ranganna ar siúl in Inis Fáil sa Spidéal, ó 7.30-9.00 i.n chuile Mháirt.

Leanfar leis an gcúrsa sa mbliain nua tar éis bhriseadh na Nollag. €100 táille iomlán an chúrsa.

Tá Séamas ag moladh go láidir go mbeadh daoine i láthair ó thús an chúrsa le nach gcaillfidh siad amach.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin gcúrsa féin is féidir teagmháil a dhéanamh le Séamas ag cursagramco@gmail.com.

Is féidir clárú don chúrsa ach ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@gmail.com.

Meitheal PV Gréine Sailearna

Seo cuireadh duit ó Chomharchumann Sailearna bualadh isteach chucu sa tSeanscoil ar an Luan 30 Meán Fómhair le heolas a fháil faoi do chuid leictreachais féin a thairgeadh agus faoi bheith páirteach i Meitheal PV Gréine an Chomharchumainn.

Suirbhé ar an Dátheangachas

Is fiontar sóisialta Éireannach é Mother Tongues, a oibríonn le ilteangachas agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn in Éirinn. Tá staidéar ar bun acu faoi láthair i bpáirt le Vrije Universiteit Brussel agus le hOllscoil Bologna maidir le ilteangachas i measc gasúir óga.

Mar sin má tá gasúirín(í) agat atá idir 0 agus 3 bliana d’aois agus má tá an teaghlach á thógáil agaibh le dhá theanga, ba mhaith leo cloisteáil uait! De thoradh an staidéir seo, ba mhaith leo tuairim réalaíoch a fháil ar chúlra agus ar thuairimí na dteaghlach ilteangach in Éirinn. Cabhróidh na torthaí leo dúshláin a bhíonn roimh thuismitheoirí a aithneachtáil, mar aon leis na straitéisí a úsáideann teaghlaigh, ionas gur féidir leo tacú leo san fhadtéarma.

Tá siad sa tóir go háirid ar chlanna a bhfuil Gaeilge á labhairt sa mbaile acu.

Timpeall fiche nóiméad a thógann an suirbhé seo.

Seisiúin Chéadfacha do Naíonáin

Chuir Áine Ní Dhubhghaill tús in athuair lena cuid seisiúin chéadfacha tré Ghaeilge do pháistí atá faoi bhliain d’aois i gColáiste Lurgan. Seisúin iad seo ina ndéantar gníomhaíochtaí a spreagann chuile cheann de na cúig chéadfaí trí spraoi, amhránaíocht, drámaíocht agus scéalaíocht. An‑deis comhluadair atá ann do mhamaíocha freisn dar ndóigh!

Ní theastaíonn ach tú féin agus do bhaibín, pluid bhog agus aon cheo a bheadh ag teastáil uait chun éadaí a athrú, beathú srl. Tá an seomra leagtha go speisialta do na gníomhaíochtaí seo. Bíonn tae agus caife ar fáil freisin má bhíonn sos beag uait.

Déan teagmháil le hÁine ag gasuirlegaeilge@gmail.com le breis eolais a fháil.

Geamaireacht na
Nollag le Fíbín sa Taibhdhearc

Sibhse a d’fhreastail ar an gcampa drámaíochta Ruaille Buaille i rith an tsamhraidh agus/nó sibhse a bhfuil aisteoirí óga sa teach agaibh, seans go mbeadh suim acu sna héisteachtaí a bheas á reáchtáil ag Fíbín go gairid do Gheamaireacht na Nollag a léireofar sa Taibhdhearc.

Beidh na héisteachtaí seo ar siúl ar an Satharn, 5 Deireadh Fómhair, ó 10.00 r.n. ar aghaidh agus is páistí idir 6 agus 11 bliain d’aois atá i gceist. Tabharfar script bheag le léamh do na haisteoirí óga ar an lá. Má tharlaíonn go bhfuil siad go maith ag gabháil fhoinn freisin, b’fhiú dóibh véarsa nó dhó d’amhrán a bheith réitithe acu roimh ré. Déan an fhoirm do na héisteachtaí a íoschóipeáil!

Mo thuras scoile ar Chruach Phádraig

Fan go n‑inseoidh mé daoibh faoi mo thuras ar Chruach Phádraig!

Dhúisigh mé go moch ar maidin mar go raibh orainn a bheith ag an scoil níos luaithe ná mar ba ghnáth chun an bus a fháil go Contae Mhaigh Eo. Maidin dhorcha, fhuar agus shalach a bhí inti. Ag an tráth sin den mhaidin, caithfidh mé a admháil nach bhféadfainn rud níos measa a shamhlú ná an sliabh sin a dhreapadh. Chuir mé mo mhalachtaí air.

Shroich muid ceann scríbe ag a deich a chlog ar maidin. Choinnigh mé le mo chairde agus mé ar an mbealach suas mar gur shíl mé go ndéanfadh an comhluadar maith do mo chosa! Labhair muid idir mhagadh agus dáiríre – ag sciolladh, ag sacadh agus ag scóladh. Faraor, ní raibh sé i bhfad nó gur chuir an múinteoir i gcuimhne dúinn gur ar oilithreacht a bhí muid agus gur deis a bhí ann dúinn machnamh a dhéanamh ar an saol. Is ag an nóiméad sin a thosaigh mé ag tabhairt faoi deara na radharcanna áille a bhí thart orm agus ag smaoineamh ar mo shaol pearsanta.

Cheap mé ag pointe amháin nach bhfeicfinn an séipéilín beag go deo ach d’éirigh linn. Thóg sé dhá uair an chloig dul go barr an tsléibhe. D’ith muid greim agus thóg muid briseadh agus muid ag an mbarr. Mhothaigh muid go raibh saol an mhadaidh bháin againn agus muid suite thuas ann.

Faraor, bhí orainn ár mbealach a dhéanamh síos arís. Thóg sé uair an chloig orainn sin a chríochnú ach ba chuma linn mar go raibh an chríoch gar dúinn. Nuair a shroich muid bun na cruaiche is muid a bhí buíoch.

Is mé a bhí sásta agus an bus ag tabhairt aghaidh ar Chonamara arís. Cé go raibh an‑lá go deo againn, níl a fhios agam an mbeadh mo chosa beaga ag rith uaim ar ais go Cruach Phádraig sa ngearrthréimhse!

Niamh de Bhailís, Scoláire Idirbhliana.
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Gradam eile do FUTA FATA

Ba é FUTA FATA, an teach foilsitheoireachta atá suite i mBaile ’n Domhnalláin sa Spidéal, a bhuaigh ceann de na trí dhuais a bronnadh ag searmanas na ngradam foilsitheoireachta sa Taibhdhearc ar an Luan 23 Meán Fómhair.

Thug Na Trí Mhuicín le Áine Ní Ghlinn (scríbhneoir) agus Paddy Donnelly (maisitheoir) Gradam Réics Carló leo don leabhar is fearr do dhaoine óga.

Seo an cúigiú bliain as a chéile ar bhuaigh FUTA FATA an gradam seo agus an ceathrú babhta gur bhuaigh Áine Ní Ghlinn é. Go maire siad a ngradam!

Áine Ní Ghlinn ⁊ Tadgh Mac Dhonnagáin.

Ná dearmad!

Club Scannán Sailearna

Cuirfear tús le séasúr an Fhómhair seo de chuid Chlub Scannán Sailearna ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair ag 8.15 i.n. La Chimera, scannán Iodálach a déanadh anuraidh, a ’spáinfear.

Taispáinfear aon scannán déag ar fad as seo go tús mhí na Nollag.

Stiúideó Cuan

Beidh an grúpa Lúnasa ag casadh i Stiúideó Cuan ar an Luan 30 Meán Fómhair. Tá ticéid le fáil ag Eventbrite.

Ranganna seite ⁊ céilí

Tá múinteoir ar fáil le ranganna seite agus céilí a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaoine fásta idir Samhain agus Nollaig. Déan teagmháil le Máire Úna nó le Máire Treasa más spéis leat an cineál seo damhsa.

Barry Ó Fátharta RIP

Rugadh agus tógadh Barry Ó Fátharta i mBaile an tSléibhe i Ros a’ Mhíl. Duine de sheachtar clainne a rugadh do Bhríd agus do Bheairtlín Ó Fátharta a bhí ann. D’fhreastail sé ar an mbunscoil i Ros a’ Mhíl agus ansin ar an meánscoil ar an gCeathrú Rua.

Fear an‑ghníomhach i gcúrsaí pobail agus ar choistí áitiúla a bhí i mBarry. Chaith sé blianta mar Chathaoirleach ar Choiste Pobail Ros a’ Mhíl agus thug sé seirbhís mhór ar Choiste na Páirce. Bhí sé ina bhall de Choiste Tacaíochta Chalafort Ros a’ Mhíl agus de Chomharchumann Shailearna chomh maith.

Rinne Barry agus an coiste obair mhór sna hochtóidí agus nóchaidí ag bailiú airgid chun Ionad Pobail nua glan a thógáil agus chun athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an gCanal. Lean sé ar aghaidh ina dhiaidh sin, go dtí le gairid go deimhin, ag breathnú amach do na háiseanna seo.

Bhí suim ag Barry i gcúrsaí spóirt agus bhí a chroí báite i gCumann Mhícheál Breathnach agus i bhfoirne na Gaillimhe.

Is cinnte go bhfuil lorg a láimhe go mór le feiceáil i bpobal Ros a’ Mhíl go háirid agus aireoidh an pobal sin uathu go mór é. Déanann muid comhbhrón lena bhean, Catherine; lena chlann mhac, Gearóid, Rónán agus Eoin; lena chlann iníon, Anne Marie agus Fiona; lena gharchlann; agus le pobal Ros a’ Mhíl ar fad.

Go ndéana Dia trócaire ar anam uasal Bharry.

Barry Ó Fátharta