Is í Caitríona Ní Dhomhnaill as an bPáirc Thoir sa Spidéal
ambasadóir Ealaíon na Gaeltachta don Oíche Chultúir i mbliana.
Go maire tú do ghradam, a Chaitríona.

Oíche Chultúir

Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar bun ar fud Chonmara agus Árann ar an Aoine 20 Meán Fómhair mar chuid den Oíche Chultúir a bheas ar siúl ar fud na tíre ar fad an lá céanna agus chuile chosúlacht air go mbeidh an aimsir linn!

Cuirfear tús luath leis an ‘oíche’ san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc i gceantar Chois Fharraige áit a mbeidh seisiún ceoil ar bun do ghasúir réamhscoile agus luathbhlianta idir 10 agus 11 ar maidin. Beidh deis ag na gasúir éisteacht le ceol, a bheith ag gabháil fhoinn le hamhránaithe agus go deimhin dreas damhsa a dhéanamh le ceoltóirí, fonnadóirí agus damhsóirí áitiúla.

idir 2.00 i.n ⁊ 8.00 i.n beidh deis ag an bpobal bualadh isteach chuig stiúideo Adrienne Finnerty ag ceann bhóithrín Bhaile an Domhnalláin (H91 FWK3) sa Spidéal le súil a chaitheamh ar a saothar agus labhairt léi faoina cleachtas ealaíne, faoi chúrsaí inspioráide agus faoin bpróiseas ealaíne.

ag 6.00 i.n tosóidh ceiliúradh ar an mbosca ceoil i Seanscoil Sailearna ag seisiún dar teideal Dá mMeadh Mileoidean Agamsa. Tabharfar deis do dhaoine óga tabhairt faoi cheol a bhaint as an meileodean. Pléifear stáid an mheileoidean i gConamara ag 7.00 i.n agus beidh taispeántas ceoil ó cheoltóirí agus ó dhamhsóirí áitiúla agus na haíonna Diarmuid Ó Meachair an sár-bhoscadóir as Cúil Aodha agus Brian Mc Grath a bhfuil cáil ar leith air ó thaobh tionlacan de ar bun ag 9.00 i.n.

✔ ag 7.00 i.n tiocfaidh cór pobail le chéile ar Sheanchéibh an Spidéil don ócáid Séideáin. Tá chúig cinn déag d’amhráin idir bhunamhráin Ghaeilge agus aistriúcháin roghnaithe ag Comhlacht Forbartha an Spidéil as moltaí a sheol an pobal chucu. Tá súil le cór mór pobail a bheith ag casadh in éindí ar feadh thart ar ceathracha nóiméad. Beidh aoi-amhránaithe ann leis an slua a spreagadh agus beidh leabhrán ar fáil le liricí na n‑amhrán ann.

✔ ag 7.30 i.n cuirfear tús le Fís, Foinn agus Filíocht i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua. Beidh íomhánna leis an ngrianghrafadóir Johanna Ní Mháille le feiceáil, beidh filíocht á aithris ag Seán Ó Coistealbha agus beidh ceol le cloisteáil ó cheoltóirí áitiúla.

✔ ag 9.00 i.n seolfar Learaí an Cheoil le Máirtín Davy Ó Coistealbha Tigh Phádhraicín sna Forbacha. ‘Sí Bernie Ní Fhlatharta a sheolfas an leabhar atá á athfhoilsiú ag COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta. Séan Ó Gráinne a bheas ina fhear an tí agus beidh siamsaíocht agus ceol ann freisin. Tá fáilte roimh an bpobal ar fad.

Comharchumann Sailearna

Tá deireadh seachtaine gnóthach beartaithe ag Comharchumann Sailearna an deireadh seachtine beag seo 20-22 Meán Fómhair. Beidh Oíche Chultúir á ceiliúradh acu ar an Aoine, beidh coirmcheoil de chuid Thaisce Cheol Dúchais Éireann sa Seanscoil ar an Satharn agus beidh lá oscailte ag an gComharchumann féin ar an Domhnach.

Tá tionscadal Drawing from the Well / Taoscadh ón Tobar ar bun ag Taisce Cheol Dúchais Éireann le tamall anuas agus tá sraith camchuairteanna mar chuid de. Tugtar scoth-ealaíontóirí ó phobal an cheol dúchais chuig pobail nach mbíonn deis rialta acu éisteacht lena léithéidí. Aoife Ní Bhriain an fidiléara, Derek Hickey an boscadóir, Stephanie Keane an damhsóir agus an sár-amhránaí Iarla Ó Lionáird atá ar an gcamchuairt reatha. Beidh siad ar an ardán sa Seanscoil ar an Satharn 21 Meán Fómhair ag 8.00 i.n. €15 atá ar na ticéid agus is féidir iad a chur in áirithe ag Eventbrite.

Beidh Lá Oscailte ag an gComharchumann ar an Domhnach 22 Meán Fómhair agus fáilte á chur acu roimh scarshealbhóirí agus muintir an cheantair bualadh isteach chucu idir 2-6 an lá sin le heolas a chur ar a bhfuil idir lámha acu, le héisteacht le ceol ó Bhrian Terry agus a chairde agus le bheith i láthair ag seoladh staidéar féidearthachta na Seanscoile. Go n-éirí leo!

Féasta Ceoil an Spidéil

Beidh trí choirm ceoil de chuid Féasta Ceoil an Spidéil 24 ar bun i Stiúideó Cuan an tseachtain seo ag teacht.

Beidh na High Seas, sin Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Cathal Ó Curráin ar an ardán ar an gCéadaoin 25 Meán Fómhair ag 8.00 i.n., beidh na Hothouse Flowers ar fáil an oíche dar gcionn ⁊ ‘siad Lúnasa a bheas ar an ardán ar an Luan an lá deiridh den mhí seo. Tá sciob sceab ar thicéid agus is féidir iad a chur in áirithe ar Eventbrite.

Na High Seas

Bíonn sraith 4 de Chuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7.00 i.n. Is féidir teacht ar leagan físe den chlár freisin ar chainéal YouTube RnaG.

Ranganna Gaeilge an Fhóraim

Seo thíos a bhfuil ar fáil faoi láthair mar thacaíocht d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ó oifig an Fhóraim faoi láthair. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire Treasa agus le Máire Úna faoi na deiseanna foghlama seo ar fad. (Tá a gcuid sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.)

Ranganna Gaeilge do Thosaitheoirí

Ar an gCéadaoin, 18 Meán Fómhair, cuireadh tús le Rang Gaeilge do thosaitheoirí.

Is cúrsa 10 seachtaine é seo agus beidh na ranganna ar siúl in Inis Fáil sa Spidéal (H91X63V) idir 7.30 i.n ⁊ 9.00 i.n chuile Chéadaoin. Má tá aithne agat ar fhoghlaimeoirí a bhfeilfeadh an rang seo dóibh ar mhiste leat iad a chur ar an eolas le do thoil.

Ranganna Gaeilge don Mheán Leibhéal

Tá roinnt daoine ag fiosrú faoi ranganna Gaeilge don mheán leibhéal, a bheadh bunaithe ar an gcúrsa Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Is córas teastasaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge an cúrsa seo; córas cuimsitheach, grádaithe, a thugann deis d’fhoghlaimeoirí tabhairt faoi scrúduithe ag cúig leibhéal cumais ó bhun leibhéal go hardleibhéal.

Ag braith ar éileamh an phobail, cuirfear tús le ranganna ag an meáleibhéal roimh dheireadh na míosa. Le haghaidh tuilleadh eolais seol teachtaireacht chuig Máire Treasa nó chuig Máire Úna.

Ciorcal Comhrá

Casann an Ciorcal Comhrá do dhaoine a bhfuil meán/ard chaighdeán Gaeilge acu le chéile chuile Chéadaoin ag 6.30 i.n. in Inis Fáil sa Spidéal (H91 X63V). Bíonn fáilte i gcónaí roimh dhaoine nua.

Dioplóma sa nGaeilge

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag cur an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil ar líne i mbliana. Tá sé i gceist go dtosódh an cúrsa seo ar 23 Meán Fómhair 2024. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú don chúrsa trí theagmháil a dhéanamh leis an Acadamh.

Ní mór clárú don chúrsa tú féin ach abair leo go bhfuil d’iarratas á dhéanamh agat faoi scáth Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Tá an Fóram sásta cuid de tháille an chúrsa a íoc duit. Má tá tuilleadh eolais uait nó má tá rún agat tabhairt faoin gcúrsa, déan teagmháil le Máire Treasa nó le Máire Úna.

Club Scannán Sailearna

Cuirfear tús le séasúr an Fhómhair seo de chuid Chlub Scannán Sailearna ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair ag 8.15 i.n.

La Chimera, scannán Iodálach a déanadh anuraidh an chéad scannán a thaispeánfar agus ‘spáinfear aon scannán déag ar fad as seo go dtús mhí na Nollag.

Cuirfear suim ar leith sa scannán a spáinfear le linn Fhéile Chois Fharraige mar gur Kneecap an scannán clúiteach Gaeilge, atá ainmnithe don chatagóir scannán idirnáisiúnta do chomórtas Oscar na bliana seo chugainn, a bheas ar an scáileán ar an Déardaoin 3 Deireadh Fómhair. Seans go mbeidh éileamh mór freisin ar scannán Éireannach eile That They May Face the Rising Sun, leagan físiúil Phat Collins d’úrscéal John Mc Gahern, a déanadh i gceantar Dhúiche Sheoighe ⁊ a bheas á spáint ar an 14 Samhain.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach chuig na scannáin ar fad ar an gclár, nó is féidir táille €9 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat sin. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna mar go bhfuil scáileán mór, suíocháin srathacha ⁊ córas fuaime d’ardchaighdeán ar fáil ann.

Is féidir ticéid a cheannach ar láithreán an Chlub féin.

Féile Chois Fharraige

Ní fada uainn Féile Chois Fharraige. Beidh sí ar bun ag tús mhí Dheireadh Fómhair, 2-6, mar is iondúil.

Tá neart imeachtaí beartaithe idir cúrsaí litríochta, amhránaíochta agus ceoil, scannán agus imeachtaí faoin aer ar bun lena linn. Beidh imeachtaí sna scoileanna áitiúla freisin.

Leathchéad bliain ó shin a d’fhág an tOireachtas Baile Átha Cliath leis an Oireachtas a reáchtáil i gceantar Gaeltachta. Go Cois Fharraige a tháinig an fhéile agus déanfar comóradh air sin le linn Fhéile Chois Fharraige na bliana seo. Tabharfaidh oifig an Oireachtais féin camchuairt ar Chois Fharraige ar an Satharn agus beidh a gceanncheathrú acu i Scoil Éinne sa Spidéal. Beidh Máistrí na nEalaíon i mbun ceardlanna sna taibhealaíona do dhaoine faoi ocht mbliana d’aois. Beidh Amhránaíocht ar an Sean-nós le Sarah Ghriallais agus Orla Ní Fheinneadha, Damhsa ar an Sean-nós le Gearóid Ó Droighneáin, Cumadóireachta Lúibíní le Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill agus Scileanna Taibhléirithe Siobhán Ní Mhuimhneacháin Maebh Ní Dhuinnín ar fáil.

Níl aon táille i gceist ach ní mór clárú roimh ré.

Beidh deis ag daoine ar an lá clárú do Chomórtais Ardáin an Oireachtais 2024, clárú do Chriú an Oireachtais 2024, ticéid chuig Oireachtas na Samhna a cheannach ar mhargadh réamhfhéile, agus tuairimí / moltaí maidir leis an Oireachtas a phlé leis an bhfoireann.

Tá Cumann Forbartha Cois Fharraige ag eagrú coirmcheoil mhór ar an Satharn ina gcuirfear croí-ealaíona an Oireachtais i láthair idir amhráin, ceol, damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte agus amhrán saothair. Beidh oíche bhreá ceoil ar fáil i gcomhluadar Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ar an Aoine. Cuirfidh Club Scannán Sailearna Kneecap ar an scáileán, pléifear ceol agus damhsa i saothair Mháirtín Uí Chadhain ag ócáid sa bPota agus beidh neart eile ar fáil le linn na Féile! Foilseofar an clár iomlán i Scéal, Séal, Scéal… na seachtaine seo chugainn.

Club Leabhar Chois Fharraige

Saighdiúr, úrscéal leis an údar Conallach Cathal Ó Searcaigh, atá roghnaithe ag Club Leabhar Chois Fharraige don chéad theacht le chéile eile de chuid an chlub ar an gCéadoin 16 Deireadh Fómhair, Tigh Mholly ag 9.00 i.n. Tugtar radharc scanrúil don léitheoir ar an gcéad chogadh domhanda trí shúile fhir óig as Gaeltacht Chloich Chionnaola agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa gcath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.

In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Tráthúil go leor beidh Cathal Ó Searcaigh é féin in Áras na nGael i Sráid Dhoiminic i nGaillimh ar an gCéadaoin 25ú Meán Fómhair lena úrscéal a phlé. Cuirfear fáilte roimh chách ag an ócáid. Tá an leabhar ar fáil ó Leabhar Breac ar líne, nó i siopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.

Deiseanna Fostaíochta

Tá naoi gcinn d’fholúntais ag an Oireachtas faoi láthair.

Tá Plean Gníomhaíochta faoi réir na Straitéise d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge réitithe ag an Oireachtas agus tá foireann á earcú anois leis an bPlean Gníomhaíochta sin a chur i gcrích.

Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach

Beidh Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach amháin ag obair ar an talamh i ngach ceann de na Cúigí agus i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá cúigear Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach le fostú do na rólanna seo. Tuarastal €54,764 go €68,970 atá ann agus tá eolas breise le fáil ar láithreán an Oireachtais.
Seol iarratas, mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig poist@antoireachtas.ie.

Comhordaitheoir Taibhealaíon Náisiúnta

Comhordaitheoir Taibhealaíon Náisiúnta le fostú freisin. Tuarastal €75,822 go €94,491 atá i gceist leis an bpost seo. Tá tuilleadh eolais le fáil arís ar láithreán an Oireachtais. Seol iarratas, mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig: poist@antoireachtas.ie.

Oifigeach Riaracháin Taibhealaíon

Teastaíonn Oifigeach Riaracháin Taibhealaíon uathu chomh maith. Ról comhordaithe, rúnaíochta agus cuntasaíochta a bheidh ag an Oifigeach Riaracháin Taibhealaíon. Tuarastal €34,562 go €56,969 atá i gceist anseo. Tuilleadh eolais ar láithreán an Oireachtais. Seol iarratas, mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig: poist@antoireachtas.ie.

Oifigigh Gréasáin

Tá folúntais acu do bheirt Oifigeach Gréasáin ar chonarthaí trí bliana ar thuarastal €35,687 go €58,251.

tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán an Oireachtais.

4 Deireadh Fómhair 2024 an sprioc sa gcás seo freisin. Seol iarratas mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig: poist@antoireachtas.ie.

Oifigeach Forbartha

Tá post mar Oifigeach Forbartha le líonadh in Áras na nGael i nGaillimh. Tá duine cumasach, spriocdhírithe agus tiomanta, le fuinneamh agus cruthaitheacht á lorg ag Gael-Fhorbairt na Gaillimhe.

Áras na nGael a fhorbairt mar lár-ionad Gaeilge agus cultúir i gcathair na Gaillimhe agus imeachtaí pobail as Gaeilge a phleanáil agus a reáchtáil in Áras na nGael na príomhdhualgais a bheas ar an té a cheapfar. €33,017 go €54,231 an tuarastal. Dé Máirt 24 Meán Fómhair 2024 @ 17:00 an sprioc. Seol litir chlúdaigh agus CV chuig Bord Stiúrtha Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe ag peadar@cnag.ie, le ‘Oifigeach Forbartha’ sa gcur síos.

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Tá post ar fáil d’Ardoifigeach Feidhmiúcháin, a bheadh ag plé le Ceannachán agus Soláthar in oifgí an Údaráis sna Forbach . Déan teagmháil le foluntais@udaras.ie le tuilleadh eolais a fháil nó le hiarratas a dhéanamh. Conradh buan é seo. An Aoine 27 Meán Fómhair ag 4.00 i.n an spriocdháta sa gcás seo.

Cumann Siúlóide Chonmara Theas

Tá Cumann Siúlóide i gConamara Theas le roinnt blianta anuas. Téann na baill amach mórán chuile ré Domhnach agus caitear cúpla uair an chloig ag siúl ar bhóithríní agus ar chnoic, faoi stiúir cheannaire siúlóide. Cuirtear in iúl roimh ré cé chomh fada agus cé chomh dúshlánach is atá an tsiúlóid.

Theastódh an feisteas cuí uait — bróga sléibhe agus éadaí cearta báistí — agus tabhair leat uisce agus plaicín! Gaeilge teanga an chumainn agus bíonn an‑chomhluadar ar fáil gan trácht ar an tairbhe don tsláinte agus an t‑eolas a chuirtear ar an dúiche idir stair agus eiceolaíocht. Tá séasúr nua tosaithe agus beidh an cumann amuigh ar an Domhnach 29 Meán Fómhair. Seol teachtaireacht chuig cumannsiuloide@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil.

Siúlóid Chatharnachta

Tá siúlóid 5k á eagrú ag Coiste Cairde Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ar an Domhnach beag seo 22 Meán Fómhair. Tá fúthu airgead a chruinniú le tacú le clár imeachtaí agus caidreamh sóisialta a chur ar fáil do mhuintir an Árais. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag an Áras féin ag meánlae agus beidh sóláistí ar fáil san Áras ach a mbeidh sí thart. Táille €5 do ghasúir, €10 do dhaoine fásta agus €20 do chlann atá i gceist agus is féidir clárú ó 11.30 r. n ar aghaidh.

Scoil an Phiarsaigh

Tá Scoil an Phiarsaigh á eagrú arís i mbliana ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Beidh scoil na bliana seo ar bun in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Ros Muc mar is iondúil ar an 26 ⁊ an 27 Meán Fómhair. Beidh léachtanna, díospóireacht, taispeántas, siúlóid agus ceol ar fáil. Is féidir ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite agus tá na himeachtaí ar fad saor in aisce.

Ranganna Seite ⁊ Céilí

Tá múinteoir ar fáil le ranganna seite ⁊ céilí a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaoine fásta idir Samhain agus Nollaig. Déan teagmháil le Máire Úna nó le Máire Treasa más spéis leat an cineál seo damhsa.