Les archives de la Planète
Grianghraf: Marguerite Mespoulet ⁊ Madeleine Mignon-Alba

Mná as an Spidéal – ach cé hiad?

Thug Marguerite Mespoulet agus Madeleine Mignon-Alba, beirt bhan ón bhFrainc, cuairt dhá mhí ar Éirinn sa mbliain 1913 mar chuid de thionscadal Les archives de la Planète.

Seo tionscadal ar chuir Albert Kahn, baincéara saibhir, maoiniú ar fáil lena aghaidh. Idir na blianta 1908 agus 1931 glacadh 183,000 méadar scannán agus 72,000 grianghraf ildaite i leathchéad tír.

Ghlac na mná pictiúr ó Ghleann na Bóinne go Conamara agus deirtear gurbh iad seo na chéad ghrianghrafanna ildaite a tógadh sa tír ariamh. Tógadh roinnt acu i gceantar an Spidéil i ndeireadh na Bealtaine 1913.

Nár bhreá ainm a chur ar na mná sin? Nó ar na daoine seo leanas?

Aon bharúil ag aon duine?

Club Scannán Sailearna

Cuirfear tús le séasúr an Fhómhair seo de chuid Chlub Scannán Sailearna ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair ag 8.15 i.n.

Eagraíonn an Club Scannán séasúir scannán i gcomhar le hAccess Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe d’fhonn scoth na scannán ó chuile chearn den domhan a spáint do phobal an cheantair. Bíonn fotheidil i mBéarla ar fáil i gcás na scannán nach i mBéarla a déanadh iad.

Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna mar go bhfuil scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán ar fáil ann.

La Chimera, scannán Iodálach a déanadh anuraidh an chéad scannán a thaispeánfar agus ‘spáinfear aon scannán déag ar fad as seo go dtús mhí na Nollag.

Cuirfear suim ar leith sa scannán a spáinfear le linn Fhéile Chois Fharraige mar gur Kneecap an scannán clúiteach Gaeilge, atá ainmnithe don chatagóir scannán idirnáisiúnta do chomórtas Oscar na bliana seo chugainn, a bheas ar an scáileán ar an Déardaoin 2 Deireadh Fómhair.

Seans go mbeidh éileamh mór freisin ar scannán Éireannach eile That They May Face the Rising Sun, leagan físiúil Phat Collins d’úrscéal John Mc Gahern, a déanadh i gceantar Dhúiche Sheoighe agus a bheas á spáint ar an 14 Samhain.

Beidh scannáin spéisiula eile i Seapáinis, in Iodáilis, i nDanmhargais agus i dteangacha eile nach iad ar fáil.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach chuig na scannáin ar fad ar an gclár, nó is féidir táille €9 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat sin. Is féidir ticéid a cheannach díreach ón gClub Scannán.

Oíche Chultúir

Beidh imeachtaí cultúir agus cultúrtha ar bun fud fad na hÉireann ar an Aoine 20 Meán Fómhair agus tá roinnt imeachtaí ar bun i gCois Fharraige mar chuid den cheiliúradh náisiúnta.

Ag 6.00 i.n tosóidh Dá mBeadh Mileoidean Agamsa ceiliúradh ar an mbosca ceoil breá sin i Seanscoil Sailearna, tráth a dtabharfar deis do dhaoine óga tabhairt faoi cheol a bhaint as an meileodean. Pléifear stáid an mheileoidean i gConamara ag 7.00 i.n agus beidh taispeántas ceoil ó cheoltóirí agus ó dhamhsóirí áitiúla agus na haíonna Diarmuid Ó Meachair an sár-bhoscadóir as Cúil Aodha agus Brian Mc Grath a bhfuil cáil ar leith air ó thaobh tionlacan de ar bun ag 9.00 i.n.

Ag 7.00 i.n tiocfaidh cór pobail le chéile ar Sheanchéibh an Spidéil don ócáid Séideáin. Tá chúig cinn déag d’amhráin idir bhunamhráin Ghaeilge agus aistriúcháin roghnaithe ag Comhlacht Forbartha an Spidéil as moltaí a sheol an pobal chucu. Tá súil le cór ollmhór pobail a bheith ag casadh in éindí ar feadh thart ar ceathracha nóiméad. Beidh aoi-amhránaithe ann leis an slua a spreagadh agus beidh leabhrán ar fáil le liricí na n-amhrán ann.

Ag 9.00 i.n seolfar Learaí an Cheoil le Máirtín Davy Ó Coistealbha Tigh Phádraicín sna Forbacha. ‘Sí Bernie Ní Fhlatharta a sheolfas an leabhar atá á athfhoilsiú ag COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta. Séan Ó Gráinne a bheas ina fhear an tí agus beidh siamsaíocht agus ceol ann freisin.

Tá fáilte roimh an bpobal ar fad.

Féile Chois Fharraige

Beidh Féile Chois Fharraige ar bun ag tús mhí Dheireadh Fómhair; an 2ú-6ú, mar is iondúil.

Beidh neart imeachtaí idir cúrsaí litríochta, amhránaíochta agus ceoil, scannán agus imeachtaí faoin aer ar bun lena linn. Leathchéad bliain ó shin a d’fhág an tOireachtas Baile Átha Cliath lené a reáchtáil i gceantar Gaeltachta. Go Cois Fharraige a tháinig an fhéile agus déanfar comóradh air sin le linn Fhéile Chois Fharraige na bliana seo. Tabharfaidh oifig an Oireachtais féin camchuairt ar Chois Fharraige ar an Satharn agus beidh a gceanncheathrú acu i Scoil Éinne sa Spidéal. Beidh Máistrí na nEalaíon i mbun ceardlanna sna taibhealaíona do dhaoine faoi ocht mbliana d’aois. Beidh Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Sarah Ghriallais is Orla Ní Fheinneadha, Damhsa ar an Sean-Nós le Gearóid Ó Droighneáin, Cumadóireachta Lúibíní le Ray Mac Mánais is Joe Ó Dónaill agus Scileanna Taibhléirithe le Siobhán Ní Mhuimhneacháin ⁊ Maebh Ní Dhuinnín ar fáil.

Níl aon táille i gceist ach is gá clárú roimh ré ar láithreán an Oireachtais.

Beidh deis ag daoine ar an lá, clárú do Chomórtais Ardáin an Oireachtais 2024, clárú do Chriú an Oireachtais 2024, ticéid chuig Oireachtas na Samhna a cheannach ar mhargadh réamhfhéile, agus tuairimí / moltaí maidir leis an Oireachtas a phlé leis an bhfoireann.

Tá Cumann Forbartha Cois Fharraige ag eagrú coirmcheoil mhór ar an Satharn ina gcuirfear croí-ealaíona an Oireachtais i láthair idir amhráin, ceol, damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte agus amhrán saothair. Beidh oíche bhreá ceoil ar fáil i gcomhluadar Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ar an Aoine. Cuirfidh Club Scannán Sailearna Kneecap ar an scáileán, pléifear ceol agus damhsa i saothair Mháirtín Uí Chadhain ag ócáid sa bPota agus beidh neart eile ar fáil le linn na Féile!

Cuirigí na dátaí sa dialann!

Féasta Ceoil an Spidéil

Cuirfear críoch le Féasta Ceoil an Spidéil 24 le trí choirm cheoil ag deireadh na míosa seo.

Beidh na High Seas, sin Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Cathal Ó Curráin, ar an ardán ar an gCédaoin 25 Meán Fómhair ag 8.00 i.n.

High Seas.

Beidh na Hothouse Flowers ar fáil an oíche dar gcionn agus siad Lúnasa, an banna ceoil a bhfuil an-éileamh go hidirnáisiúnta orthu, ar an ardán ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair.

Tá sciob sceab ar thicéid, is féidir iad a chur in áirithe ar Eventbrite.

Tá sraith 4 de Chuan an Cheoil díreach tosaithe an tseachtian seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7.00 i.n. Is féidir teacht ar leagan físe den chlár freisin ar YouTube RnaG. Beidh Moya Brennan, Micheál agus Diarmuid Ó hAlmhain, Seána Davy, Neil Martin agus PJ Ó hIarnáin ar chuid de an ceoltóirí a bheas i gcomhluadar Liam Uí Mhaonlaí sa tsraith seo.

Deiseanna d’Fhoghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige

Tá Máire Treasa agus Máire Úna an-ghnóthach ag cur clár tacaíochta do Fhoghlaimeoirí Gaeilge an cheantair i dtoll a chéile.

Cuireadh tús le Ciorcal Comhrá do dhaoine a bhfuil meán go h-ard chaighdeán Gaeilge bainte amach acu le chéile den chéad uair an tseachtain seo. Tiocfaidh an grúpa comhrá seo le chéile chuile Chéadaoin feasta ag 6.30 i.n. in Inis Fáil. Buail isteach agus beidh míle fáilte romhat.

Cuirfear tús le Rang Gaeilge do Thosaitheoirí ag 7.30 i.n ar an gCéadaoin seo chugainn, 18 Meán Fómhair. Rang é seo atá dírithe ar dhaoine a chuaigh ar scoil in Éirinn ach nach bhfuil ach fíor-bheagán Gaeilge acu. Má tá aithne agat ar dhuine a bhfeilfeadh an rang seo dóibh bheadh na hOPTanna buíoch dá gcuirfeá ar an eolas iad. Is in Inis Fáil a bheidh an rang seo ar siúl freisin.

Ag braith ar éileamh eagróidh siad ranganna do ghlantosaitheoirí freisin. Scaip an scéal!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire Treasa ag 083 010 6294 agus le Máire Úna ag 086 065 5520.

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag cur an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil ar líne i mbliana. Tá sé i gceist go dtosódh an cúrsa seo ar 23 Meán Fómhair 2024. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú don chúrsa trí theagmháil a dhéanamh leis an Acadamh ag andioplomasaghaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie.
Ní mór clárú don chúrsa tú féin ach abair leo go bhfuil d’iarratas á dhéanamh agat faoi scáth Phleanáil Teanga Chois Fharraige. Tá an Fóram sásta cuid de tháille an chúrsa a íoc duit. Má tá tuilleadh eolais uait nó má tá rún agat tabhairt faoin gcúrsa déan teagmháil le Máire Treasa nó Máire Úna.

Ranganna Seite agus Céilí

Tá daoine ag cur tuairiscí faoi ranganna seite agus damhsa céilí — agus tá múinteoir ar fáil leis na ranganna seo a mhúineadh trí Ghaeilge.

Cuir scéal chuig na hOPTanna más spéis leat an cineál seo damhsa agus feicfidh siad an bhfuil dóthain éilimh ann le tabhairt faoi na ranganna seo.

Deiseanna Fostaíochta

Comharchumann Shailearna sa tóir ar riarthóir oifige. Beidh an té cheapfar freagrach as riaradh seirbhísí agus imeachtaí na Seanscoile agus na hamharclainne. Post páirt-aimseartha, 19.5 uair sa tseachtain é. Tá chuile eolas le fáil ach scríobh chuig sailearna@gmail.com nó glaoch ar 091 399 199.
20 Meán Fómhair an spriocdháta.

Tá slám folúntais ag Údarás na Gaeltachta san Ardoifig sna Forbacha faoi láthair. Táthar sa tóir ar chúigear cumasach i gcúrsaí cumarsáide, airgeadais, maoine, pleanála teanga agus eagrúcháin.

Tá folúntas ag an Údarás freisin do dhuine atá cumasach i gcúrsaí anailíse, pleanála straitéisí agus ceannaireachta.

Is conarthaí buana atá i gceist leis na postanna seo ar fad. An Aoine 20 Meán Fómhair ag 4.00 i.n an spriocdháta do na postanna sin.

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Tá post eile fós ar fáil d’Ardoifigeach Feidhmiúcháin a bheadh ag plé le Ceannachán agus Soláthar. Déan teagmháil le foluntais@udaras.ie le tuilleadh eolais a fháil nó le iarratas a dhéanamh. Conradh buan é seo freisin. An Aoine 27 Meán Fómhair ag 4.00 i.n an spriocdháta sa gcás seo.

Ná dearmad!