Agóid i gCois Fharraige 1985 le Brian Ó Baoill

Cuireadh Brian Ó Baoill i bpríosún in 1985 de bharr nach raibh sé sásta ceadúnas teilifíse a cheannach.  Seo alt a scríobh sé faoin eachtra, chomh maith le pictiúirí a rinne sé féin ag an am.  Foilsíodh an t-alt seo in Biseach 2006

Muinseo - Fan!

RTÉ agus Gaeilge

Fíorbheagán Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an teilifís sa mbliain 1985, tar éis do Theilifís RTÉ, an ‘Craoltóir Náisiúnta’, a bheith 20 bliain ar an bhfód. Cé mhéad Gaeilge a bhí á craoladh in aghaidh na seachtaine sa mbliain sin? Freagra simplí, 2 uair a’ chloig as gach 100 uair; 2%. Suarach agus scannalach. 20 bliain ag meath! Go praiticiúil chiallaigh sé sin nár chraoladh ach nuacht i nGaeilge uair amháin sa lá agus, b’fhéidir, clár nó dhó eile le linn na seachtaine.

 

Feachtas Chonradh na Gaeilge

Bhí Gaeilgeoirí na tíre go hiomlán míshásta leis seo. Nach raibh lucht na Gaeilge ag íoc táillí teilifíse chomh maith le lucht an Bhéarla? Thosaigh Conradh na Gaeilge Feachtas Náisiúnta le brú a chur ar RTÉ agus ar an Rialtas. Stáisiún Teilifíse LánGhaeilge an t-éileamh a bhí ag Conradh na Gaeilge. Dhiúltaigh daoine an táille teilifíse a íoc, tugadh cuid acu os comhair na cúirte agus cuireadh i bpríosún iad. Bhí ar a laghad 150 duine ag diúltú táille teilifíse a íoc ag an am, mé féin ina measc.

 

Os Comhair Cúirte

Tugadh os comhair na cúirte sa Spidéal mé sa mbliain 1985 agus gearradh fíneáil de £50 orm. Bhí baill Chlub Óige Lurgan ag léirsiú taobh amuigh lena dtacaíocht a thaispeáint. Ba mhór liom an tacaíocht sin. Liam Mac Oireachtaigh an dlíodóír a bhí agam agus Séamus Ó Tuathail an t-abhcóide . D’íoc Conradh na Gaeilge na costais. Reáchtáladh an chúirt trí Ghaeilge. Dhiúltaigh mé an fhíneáil a íoc. Dúirt an Breitheamh Ó Garbháin gur thuig sé mo chás agus go raibh bá aige liom ach go raibh air an dlí a chur i bhfeidhm agus ghearr sé príosúnacht dhá mhí orm. Duine eíle ó Chois Fharraige a cuireadh í bpríosún tamall ina dhiaidh sin ab ea Niall Ó Murchú, Príomhoide Scoile.

 

An Rialtas agus RTÉ a Náiriú

Iallach a chur ar an mbreitheamh téarma príosúnachta a ghearradh orainn an pointe a bhí le gan an fhíneáil a íoc, ar ndóigh, rud a thabharfadh deis dúinn náire a chur ar an Rialtas agus ar RTÉ – ach é sin a bheith indéanta! Luigh muid isteach ar an obair bholscaireachta láithreach. D’ullmhaigh muid litreacha le cur go dtí daoine ar fud an domhain agus bheartaigh muid feachtas poiblíochta. Bhí Beití, mo bhean chéile, ina bhun sin le cúnamh ó Pheadar Mac Fhlannchadha, Oifigeach Chonradh na Gaeilge.

 

Go Muinseo

Brian Gafa

Tháinig an Garda Pat Ó Conchubhair go dtí an teach ar an 26 Meitheamh 1985 le mé a thionlacan go Muinseo. Bhí Pat ar saoire ag an am, ach bhris sé a shaoire le nach gcuirfí faoi chúram Garda strainséartha mé. Ba mhór liom an cineáltas sin. Tháinig slua mór de mhuíntir na háite go dtí an teach lena dtacaíocht a thaispeáint. In ainneoin gur chuid den phlean a bhí ar siúl agus gur muid féin a bheartaígh é, bíonn imní ar dhuine nuair a thagann an t-am.

 

I Muinseo

Muinseo 1985 - le BÓBaoill

Nuair a fhágann an Garda an príosúnach ag na geataí, tugann bairdéir é go dí pasáiste dorcha, áit ina bhfuil poll beag sa mballa. Seo é seo ‘Seomra Fáilte’ Mhuinseo. Bíonn ar chuile dhuine chuile rud a bhíonn acu a thabhairt uathu ansin, i mo chás-sa, piollaí a blní riachtanach do mo shláinte san áireamh in ainneoin mo chasaoide. Tugtar na príosúnaithe ar aghaidh trí phasáistí eile ansin agus cuirtear isteach i seomra feithimh gan fhuinneog iad.

Bíonn scata ag fanacht ansin, iad ina suí ina sraitheanna. Fir óga a mbíonn cuma garbh orthu, iad ag caint, sean-aithne acu ar a chéile is cosúil, fir níos sine ina dtost. Bíonn an t-aer plúchta. Glaoitear ainm anois is arís agus téann duine amach trí dhoras ag ceann an tseomra.

 

Nocht

Nuair a ghlaoitear ar dhuine téann sé isteach go dtí seomra beag. Tá cuntar íseal ann. Beirt bhairdéir. ‘Strip,’ a deireann duine acu. ‘Take off your clothes!’ ‘All?’ ‘All’. Bíonn ar an duine a chuid éadaigh a bhaint de. Scrúdaíonn siad an corp. ‘Turn around.’ Córas náireach. Ní duine a bhíonn sa bpríosúnach níos mó. Ainmhí i ngaiste. Ainmhí gan aon smacht aige ar a chorp, ar a shaol. Is deacair a shamhlú go dtarlódh a leithéid. Ansin tugann siad tuáille beag don phríosúnach agus tógtar é go dtí áit eile ina bhfuil cith. Cuirtear isteach sa chith é. Tugann bairdéir gallúnach dó. Cuirtear an t-uisce ar siúl. Ansin tugann siad éadaigh an phríosúin dó. Gorm, garbh.

 

Cillín 28 B.1.

Siúlann an príosúnach roimh an mbairdéir i gcónaí. Bíonn geataí faoi ghlas gach áit. Tógann bairdéir trí phasáistí dorcha torannacha é agus fágtar é in áit oscailte. ‘Wait there!’ Bhí príosúnach eile ann. Thaispeáin sé áit a raibh barraí thar pasáiste agus dúirt go mb’fhéidir go dtabharfaí bia dom ansin. Sádh dhá ubh, arán agus muga tae amach tríd na barraí. ‘Bring it to your cell, you can’t eat here,’ arsa an té a thug dom é. ‘Níl cillín agam!’ Ní raibh aon áit le suí. D’ith mé ar aon nós, faoi dheacrachtaí. Tar éis tamaill fhada, tháinig bairdéír agus chuir sé ag siúl mé roimhe gan tada a rá. Bhí fir le feiceáil ar bhuncanna trí dhoras. Bhí an áit plódaithe. Osclaíodh Muinseo sa mbliain 1850 le haghaidh 808 bpríosúnach. Bhí 1200 ann anois. D’oscail sé geataí lena eochracha móra. Gleo crua na cruaiche. Tháinig muid go dtí doras. Cillín 28 B.1. Bhí uimhir air, 2046. Ní bhíonn ainm ag príosúnach. Is uimhir é.

 

Cillín Singil

Moinseo 26-6-1985

D’oscail an bairdéir an doras trom le ceann dá eochracha. Sheoil sé isteach mé. ‘Do you want to see the chaplain?’ ‘No.’ Gheit sé. ‘You don’t?’ ‘No, I don’t.’ Stán sé orm. Amach as an gcillín leis, an doras á dhúnadh ina dhiaidh. Bhain mé triail as. Faoi ghlas. Sáinníthe. 7′ x 14′ toisí an chillín. Ballaí salacha, dath caca orthu, graifítí. Leaba shalach. Pota le claibín air i gcúinne. Ar eagla na práinne san oíche, mheas mé. Ach bhí mé mícheart. Dob é sin mo en-suite. Bhí bord an-bheag, báisín, muga, scian agus forc ann. Fuinneog in airde agus barraí uirthi. Bíonn ciúnas ann seachas an corr scread nó mallacht ó áit éigin. Ní mé cé caitheadh amach as an gcillín seo le mise a scaoileadh isteach? Luigh mé siar ar an leaba chrua. Osclaíodh an poll faire sa doras. Bhí bairdéir ag breathnú orm.

 

Dríodar na Maidine

Cloiseann an príosúnach eochracha á gcasadh i ndoirse. Castar ceann ina dhoras féin. Brúitear isteach orlach nó dhó é. Breathnaíonn tú amach. Príosúnaithe ag siúl i line, potaí i ngreim acu. Fir óga. B’fhearr iad a leanacht. Beireann tú greim ar do phota teolaí féin. Bhí na potaí á bhfolmhú ag bun an halla in dhá bhabhla leithris a bhí ag sceitheadh thar béal. Leithreas oscailte i lár loch múin agus caca. B’éigean siúl tríd an leacht buí leis an bpota a fholmhú.  Bairdéir ag faire.

 

Comhairle

Tháinig bairdéir isteach. ‘We don’t know what to do with you. Can you read and write?’ D’admhaigh mé go bhféadfainn. ‘We’ll put you in the library.’ Léim pictiúr den leabharlann i gColáiste na Tríonóide os comhair m’aigne. ‘Listen,’ ar sé, ‘fights happen here, usually when they’re queuing for food. It’s dangerous. They have knives and forks. If you notice anything, run for your cell and slam the door. You’ll be safe then.’ Bhí an leabharlann i gcillín mór. Dúirt an bairdéir go mba é Cillín an Bháis é tráth. Mar sin, seo an áit a chaith Caoimhín De Barra a oíche dheireanach. Ní raibh cloiste ag an mbairdéir faoi Chaoimhín. Cúpla slat ar dheis taobh amuigh den doras, bhí doras eile, an doras amach go dtí an chroch. D’oscail sé an doras sin agus bhí laftán beag miotail ansin ar a seasadh an príosúnach faoin gcroch sula gcuirfí an rópa timpeall ar a mhuineál.

 

Stór na Leabhar

Thug an bairdéir amach mé go dtí stór. Rinne sé cupán caife don bheirt againn. Bhreathnaigh mé féin tríd na leabhair fad a bhí mé ag ól. Baineadh geit asam. Bhí leabhar de mo chuid féin ann! Tharraing mé amach é agus thaispeáin don bhairdéir é. Níor chreid sé mo scéal. Ach bhreathnaigh sé ar a leabhar, ar m’ainm a bhí priontáilte air. Go tobann: ‘Will you write your name on it?’ Rinne mé sin. Chuir sé an t-ainm ar an leabhar i gcomparáid leis an ainm a bhí scríofa agam. Chuir sé an leabhar isteach ina phóca.

An tráthnóna sin bualadh buillí ar dhoras mo chillín. Bhí fir ag béicíl. ‘What are you doing here. You dangerous criminal. Get out of that cell. We’ll get you.’ An duine a díbríodh le mise a lígínt isteach gan amhras. Bhuel, bhí an doras faoi ghlas. Bhí mé slán faoi láthair.

 

An Feachtas

IteNíCagusEile   AgóidSráide1985a AgóidSráide1985

Bhí feachtas láidir poiblíochta ar siúl ar an taobh amuigh. Ní raibh aon eolas cruinn agam ach dúirt príosúnaigh liom go raibh mo phictiúr i nuachtáin, chuir siad an-spéis ann, agus dúirt mo bhairdéir go raibh daoine bailithe ag na geataí. Bhí, buíon mhór. Ina measc bhí Íte Ní Chionnaith, Sean Mac Mathúna (Rúnaí Chonradh na Gaeilge), Bean Uí Chóraí. Thiar i nGaillimh bhí seastán ag Beití, Ruairí, Niamh agus Dara ar Shráid na Siopaí. Bhí fógraí acu i dteangacha éagsúla. Bhailigh siad síniúcháín tacaíochta agus chuaigh siad ar throscadh lae, duine i ndiaidh a chéíle. Eagraíodh máirseálacha trí Ghaillimh agus i gCois Fharraige, bratacha agus fógraí in airde, cuireadh picéad ar oifig RTÉ i nGaillimh. I measc na ndaoine ar na máirseálacha sin bhí slua daoine óga as Cois Fharraíge, Muintir Uí Scolaí, Tomaí Standúin, Uinsean Ó Dubhghaill, Diarmaid Johnson, Peadar Mac Fhlannchadha agus go leor eile. Ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Club Óige Lurgan le rúin thacaíochta, chuir Raidió na Gaeltachta clúdach leanúnach ar fáil, eagraíodh cruinnithe poiblí i mBaile Átha Cliath. Scríobhadh litreacha go dtí polaiteoirí in Éirinn agus i dtíortha eile. Foilsíodh tuairiscí agus grianghrafanna sna nuachtáin ar fud na tíre seo agus i dtíortha eile, scríobhadh altanna i nuachtáin agus in irisí. In alt san Irish Medical Times scríobh an Dochtúir Cyril Daly ‘Governments and large bodies only respond when they are actually being hurt or made look silly. And Mr. Ó Baoill’s prison term certainly makes RTÉ look silly. And I want to thank him for being that most valuable witness in any society – the lonely voice that speaks its awkward truth and gets heard.’

BeitíUíBhaoill

Seoladh litreacha ó Éirinn agus ó thíortha thar lear go dtí na nuachtáin agus go dtí polaiteoirí. Bhí sé seo go léir á eagrú ag Beiti ó Chois Fharraige. Eagraíodh cruinniú mór in Óstán Buswell. Ar na cainteoirí ansin bhí An tOllamh Tomás de Bhaldraithe, Beti Uí Bhaoill, Íte Ní Chionnaith (Uachtarán Chonradh na Gaeilge), Seán O Donnagáin ón gComhdháil, Micheál Grae (PríomhFheidhmeannach Bhord na Gaeilge) agus Riobárd Mac Góráin (Gael-Linn). Maolsheachlainn Ó Caollaí a bhí ina Chathaoirleach.

Nuaír a bhí bairdéir do mo thionlacan tríd an bpríosún tráth a shocraigh siad mé a aistriú go dtí príosún eíle, chuala mé scread, i nGaeilge, ó phríosúnach a bhí á thionlacan treo eíle, ‘Tá an ceart agat!’ Rinne an scread sin maitheas dom. Níl a fhios agam cé a bhí ann. Guth uaigneach eile.

 

Tionchar an Fheachtais

Bhí tionchar mór ag an bhfeachtas. Tá a fhios againn go raibh Ranna Stáit agus Ard Oífig na nGardaí ag faire go géar agus go himníoch ar na nithe a bhí ar siúl. Thug Máire Geoghegan-Quinn cuairt orm sa bpríosún agus tharraing sí an cheist anuas sa Dáil. Ba léir dom gur imir cuairt Mháire tionchar ar na bairdéirí. Lean an feachtas ar aghaidh, cuireadh Niall Ó Murchú agus daoine eile i bpríosún, ach chuir an Rialtas stop leis na cásanna cúirte go luath mar, ar ndóigh, thuig siad gur ag tacú lenár gcás a bhí siad. Thug Máire Geoghegan-Quinn agus Micheál D. Ó hUigín tacaíocht láidir d’éileamh an Chonartha, na nEagras Gaeilge agus Gaeltachta agus bunaíodh Teilifís na Gaeilge sa mblíain 1996.

Feachtas Naísiúhta ab ea é a raibh eagrais agus daoine aonair ar fud na tíre páirteach ann agus tá mise buíoch go raibh an deis agam mo pháirt bheag féin a imirt, agus go bhfuair mé tacaíocht mhór ó mhuintir Pharóiste an Chnoic. Ní feachtas teilifíse amháin a bhí ar siúl againn, ach feachtas ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

D’eagraigh Conradh na Gaeilge fáiltiú i mBaile Átha Cliath agus craoladh clár ar Raidió na Gaeltachta. Bhí slua mór de lucht tacaíochta an Fheachtais i láthair. Cuireadh fáiltiú eile romham i nGaillimh agus bhí tinte cnámh ar lasadh ar an mbóthar siar. Tháinig Raidió na Gaeltachta agus ceamara de chuid RTÉ agus cuireadh agallaimh orainn.

Moinseo 26-6-1985a